Is iomaí doras a osclófar romhat in institiúidí an Aontais Eorpaigh ach sáreolas a bheith agat ar theangacha Eorpacha. Ag brath ar na hinniúlachtaí atá agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phost mar aistritheoir, ateangaire, profléitheoir nó dlí-theangeolaí. Cé gur le comórtas oscailte, den chuid is mó, a fhaightear post, i gcásanna áirithe is féidir iarratas a dhéanamh ar phost ar chonradh seasta, ar phost mar shaor-theangeolaí nó ar thréimhse oiliúna.
Cur síos ar an bpost
Bíonn aistritheoirí in institiúidí agus i gcomhlachtaí éagsúla an Aontais Eorpaigh ag obair i dtimpeallacht dhúshlánach ilchultúrtha agus cuidíonn siad leis an 500 milliún duine atá san Aontais Eorpaigh tuiscint a fháil ar bheartais an Aontais. Bíonn sprioc-amanna dochta i gceist, agus d'fhéadfá a bheith ag plé le raon leathan de théacsanna polaitiúla, dlíthiúla, airgeadais, eolaíochta agus teicniúla agus a bheith ag cur comhairle theangeolaíoch ar do chuid comhghleacaithe i réimsí éagsúla.
Na cáilíochtaí atá de dhíth
Ní mór duit sáreolas a bheith agat ar theanga amháin de chuid an Aontais Eorpaigh maille le heolas cuimsitheach ar phéire eile, ar a laghad, maille le céim i ndisciplín ar bith. Dírithe ar eolas ar theangacha agus ar scileanna aistriúcháin a bhíonn an nós imeachta roghnúcháin d'aistritheoirí, sa bhreis ar na hinniúlachtaí eile a éilítear ar oifigigh an Aontais Eorpaigh. Cuir tuilleadh eolais ar an nós imeachta roghnúcháin. Tá roinnt trialacha samplacha ar fáil mar áis foghlama.
Uair sa bhliain a sheoltar comórtas d'aistritheoirí (Meitheamh/Iúil). Seiceáil an leathanach baile le fógra a fheiceáil maidir leis na teangacha sin a bheidh de dhíth i mbliana.
Fostaítear aistritheoirí freisin mar bhaill foirne ar conradh ar feadh téarma seasta.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar thréimhsí oiliúna d'aistritheoirí ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.