Bíonn éileamh mór ar dhlíodóirí ar mhaith leo dul ag obair le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Den chuid is mó, reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhorbairt a bhíonn i gceist le ról dlíthiúil ach má tá ardscileanna teanga agat d’fhéadfá iarratas a dhéanamh freisin ar phost mar dhlítheangeolaí. Is iomaí sin réimse agus comhthéacs a bhféadfaidh dlíodóir dul ag obair ar son na n-institiúidí Eorpacha ann; ag déileáil le saincheisteanna comhshaoil leis an gCoimisiún Eorpach nó i mbun dlí le Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Cur síos ar an bpost
Má fhostaítear mar riarthóir dlíthiúil thú in institiúidí an Aontais, is iondúil go mbeidh baint agat le doiciméid bheartais a dhréachtú, comhordú a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta sna Ballstáit chun an reachtaíocht náisiúnta a fheabhsú, taighde agus anailísiú mionsonraithe a dhéanamh, comhairle dlí a sholáthar don bhainistíocht shinsearach, cláir ghníomhaíochta a chur chun feidhme, agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhghleacaithe, agus cúnamh a thabhairt dóibh.
Na cáilíochtaí atá de dhíth
Ní mór duit eolas maith a bheith agat ar dhá theanga, ar a laghad, de chuid an Aontais Eorpaigh, maille le céim sa dlí más más mian leat teacht isteach ag Grád AD5 (an grád tosaigh do riarthóirí buana), agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht ag obair linn ar leibhéal is airde ná sin (Grád AD 7).
Cuir tuilleadh eolais ar an nós imeachta roghnúcháin. Tá roinnt trialacha samplacha ar fáil mar áis foghlama.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar thréimhsí oiliúna ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.