Is uirlis roghnúcháin do ghníomhairí ar conradh CAST. Earcaítear gníomhairí ar conradh le hobair láimhe nó cúraimí a bhaineann le seirbhísí tacaíochta riaracháin a dhéanamh nó le hacmhainn bhreise a chur ar fáil i sainréimsí ina bhfuil easpa foirne a bhfuil na scileanna riachtanacha acu.
Is éard atá i gceist le Buan ná nach bhfuil aon sprioc-am ann le hiarratas a dhéanamh ar phróifíl CAST. Is próiseas roghnúcháin é nach bhfuil dáta clabhsúir aige agus bíonn torthaí na n-iarrthóirí a n-éiríonn leo bailí ar feadh tréimhse réamhshocraithe.
Fostaítear gníomhairí ar conradh go ceann uastréimhse réamhshocraithe 6 bliana, agus is minic gur conradh gairid 6-12 mhí, is féidir a athnuachan, a bhíonn ina gconradh i dtosach, de réir an chineál poist. I roinnt Gníomhaireachtaí, Oifigí Ionadaíochta agus Toscaireachtaí is féidir conradh tréimhse éiginnte teacht as an gconradh seo.
Grúpaí feidhme
Tá mórchuid cineálacha post ann agus bíonn folúntais iontu do ghníomhairí ar conradh, agus bíonn cáilíochtaí difriúla ag teastáil de réir an chineáil poist. Tá ceithre ghrúpa feidhme ann:
- Obair láimhe agus cúraimí a bhaineann le seirbhís tacaíochta riaracháin
- Cúraimí cléireachais agus rúnaíochta, bainistiú oifige agus cúraimí den chineál céanna
- Cúraimí feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus cúraimí teicniúla den chineál céanna
- Cúraimí riaracháin, comhairleacha, teanga agus cúraimí teicniúla den chineál céanna
Chun iarratas a dhéanamh ar ghrúpa feidhme I, ní mór an t-oideachas éigeantach a bheith críochnaithe agat.
Chun iarratas a dhéanamh ar ghrúpaí feidhme II agus III, ní mór cúrsa iomlán iar-mheánscoile a bheith críochnaithe agat, nó oideachas meánscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile. Ní mór taithí oibre chuí trí bliana ar a laghad a bheith agat nó, i gcás ina mbíonn údar leis ar mhaithe leis an tseirbhís, oiliúint oibre nó taithí oibre ar leibhéal atá coibhéiseach leis sin.
Chun iarratas a dhéanamh ar ghrúpa feidhme IV, ní mór cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad a bheith críochnaithe agat nó, i gcás ina mbíonn údar leis ar mhaithe leis an tseirbhís, oiliúint oibre ar leibhéal atá coibhéiseach leis sin.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar ghrúpa feidhme amháin nó níos mó, fad is a chomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta.
Bunphrionsabail de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus cur chun cinn comhdheiseanna agus déanann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne a dícheall féachaint chuige go mbeidh na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaithfear ar an dóigh chéanna leo agus go mbeidh an rochtain chéanna acu ar a cuid seirbhísí. Tá tuilleadh eolais ar an leathanach Comhdheiseanna faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin gcaoi ar féidir socruithe speisialta a iarraidh i dtaca leis na trialacha roghnúcháin.
Próifílí
In CAST Buan tá méid áirithe próifílí i nGrúpaí Feidhme I, II, III, agus IV. I ngach grúpa feidhme, is féidir próifíl amháin nó níos mó a roghnú. Cuimhnigh gur iarratas ar phróifíl atá á dhéanamh agat i gcónaí, seachas iarratas ar phost ar leith.
- Riarachán/Acmhainní Daonna
- Foireann cúraim leanaí
- Cumarsáid
- Síceolaithe Oideachais
- Airgeadas
- Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)
- Dlí
- Oibrithe tacaíochta láimhe agus riaracháin
- Gnóthaí Polaitíochta / Beartais an Aontais Eorpaigh:
- Bainistíocht Tionscadal/Clár
- Profléitheoirí
- Rúnaithe/Cléirigh
- Aistritheoirí
Más i nGrúpa Feidhme II a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag cuidiú le cúram a dhéanamh de chomhaid roghnúcháin agus earcaíochta, e.g. glaonna agus foilseacháin a sheoladh, iarratais a ghlacadh agus a phróiseáil, boird roghnúcháin a eagrú, obair leantach a dhéanamh i leith chúraimí an bhoird roghnúcháin. Ina theannta sin, is féidir go mbeidh tú ag cuidiú le tuairisciú tráthrialta a dhéanamh, le sonraí ar earcú agus roghnú ball foirne a anailísiú, agus le monatóireacht a dhéanamh ar an bplean bunaíochta, e.g. monatóireacht a dhéanamh ar fholúntais, caidreamh a dhéanamh leis na seirbhísí a bhfuil catagóirí éagsúla ball foirne de chúram orthu, údarú a iarraidh chun folúntais i bpoist a fhoilsiú. Is féidir go mbeidh tú ag cuidiú le gníomhaíochtaí forbraíochta a ullmhú agus ag déanamh obair leantach ina leith sin, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha atá sainaitheanta ag an mbainistíocht, agus ina cheann sin, ag cur rialacha i bhfeidhm a bhaineann le gnóthaí acmhainní daonna sonracha eile.
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag ullmhú comhaid roghnúcháin agus earcaíochta nó ag cuidiú le hullmhú na nithe sin, e.g. fógraí folúntais a dhréachtú, glaonna agus foilseacháin a sheoladh, iarratais a anailísiú agus a n-incháilitheacht a mheas, boird roghnúcháin a eagrú agus obair leantach ina leith a dhéanamh, doiciméid earcaíochta a ullmhú (seiceálacha incháilitheachta, bunú grád, etc.). Is féidir, freisin, go mbeidh tú ag glacadh páirte i gcúraimí riaracháin, acmhainní daonna agus bainistíochta agus ag cuidiú leis na cúraimí sin a dhéanamh. Is féidir go mbeidh tú ag cuidiú le tuairisciú tráthrialta agus anailísiú sonraí a ullmhú ar earcú agus roghnú ball foirne agus ag déanamh obair leantach i leith na nithe sin. Ina cheann sin, is féidir go mbeidh tú ag plé le hardú céime agus le hathchatagóiriú ball foirne. Is féidir go mbeidh tú ag rannchuidiú le cumarsáid a dhéanamh faoin mbeartas oiliúna atá dírithe ar gach ball foirne, agus le ceapadh gníomhaíochtaí nua foghlama agus forbraíochta ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha atá sainaitheanta ag an mbainistíocht.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag cuidiú le pleananna bainistíochta a bhunú, a chur chun feidhme, a mhonaitóiriú agus a mheas, agus ina cheann sin, ag féachaint i ndiaidh comhaid earcaíochta. Is féidir, freisin, go mbeidh tú ag ullmhú treoracha faisnéise agus doiciméad eile a bhaineann le bainistiú acmhainní daonna, agus ag comhordú tuairisciú tráthrialta agus anailísiú sonraí. Is féidir go mbeidh tú ag féachaint i ndiaidh gealltanais dlí agus airgeadais a bhaineann le tionscadail a bheidh faoi do chúram, agus ag fíorú na ngealltanas sin, agus sin a dhéanamh i lán-chomhréir leis na rialacha reatha airgeadais. Is féidir go mbeidh tú i mbun comhordú agus comhairle le seirbhísí ar bhonn a gcuid straitéisí bliantúla acmhainní daonna, agus ag déanamh ionadaíochta don institiúid trí chuir i láthair a thabhairt, do luchtanna féachana seachtracha agus inmheánacha.
Iarratas a dhéanamh ar an bpróifíl ‘Riarachán/Acmhainní Daonna’
Más i nGrúpa Feidhme II a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh na cúraimí seo a leanas ort: oideachasóir/feighlí linbh do shaoráidí iarscoile agus do shaoráid cúraim leanaí faoin aer do leanaí idir 3.5-14 d'aois, múinteoir naíscoile, altra naíonra/oibrí cúraim do leanaí idir 0-3 bliana d’aois i naíolann, etc.
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh ort cruinnithe pleanála a eagrú, laistigh den tseirbhís, le seirbhísí eile agus le conraitheoirí seachtracha, agus obair leantach a dhéanamh ina ndiaidh. Is féidir go mbeidh ort freisin cuidiú a thabhairt meirgí, foilseacháin agus ábhar fógraíochta a ullmhú agus a chinntiú go bhfuil cuma gach ceann de na nithe sin ag teacht le chéile, agus pleananna cumarsáide faoi thosaíochtaí agus tionscadail chumarsáide a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Is féidir go mbeidh tú i mbun obair eagarthóireachta, freisin, go háirithe bileoga eolais a ullmhú agus suíomhanna inlín a nuashonrú. Is féidir go mbeidh tú ag ag obair le baill foirne eile chun tionscadail a bhainistiú, rialacháin airgeadais san áireamh, agus chun obair leantach a dhéanamh ar thionscadail trí na meáin shóisialta. Is féidir go mbeidh tú ag cuidiú freisin nótaí faisnéise agus doiciméid eile a ullmhú a bhaineann le tosaíochtaí polaitíochta a chur in iúl.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh sé de chúram ort pleananna cumarsáide a cheapadh, a chur i bhfeidhm, a mhonatóiriú agus a mheas, chomh maith le nótaí faisnéise agus doiciméid eile a ullmhú a bhaineann le tosaíochtaí polaitíochta a chur in iúl. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort maoirseacht agus fíorú a dhéanamh ar ghealltanais dlí agus airgeadais a bhaineann le tionscadail atá faoi do chúram, agus sin a dhéanamh ar dhóigh atá i lán-chomhréir leis na rialacha reatha airgeadais. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort freisin comhordú agus sineirge a chur chun cinn san Ard-Stiúrthóireacht nó san institiúid ina mbeidh tú ag obair agus le seirbhísí gaolmhara agus aonaid chumarsáide Ard-Stiúrthóireachtaí eile i dtaca le tosaíochtaí polaitiúla, agus comhairle a thabhairt do sheirbhísí ar bhonn a straitéisí cumarsáide bliantúla, agus comhordú a dhéanamh leo. Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh sé de chúram ort cuir i láthair a thabhairt ar phríomhghnéithe na hoibre atá á déanamh ar thionscadail agus ar thorthaí na dtionscadal sin agus cuidiú a thabhairt eolas a chraobhscaoileadh laistigh den institiúid agus lasmuigh di. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort cruinnithe agus comhdhálacha maidir le tosaíochtaí cumarsáide a eagrú, a ullmhú, a reáchtáil agus a bhainistiú le páirtithe leasmhara laistigh den institiúid agus lasmuigh di. Is féidir go mbeidh ort obair leantach a dhéanamh ar thionscadail, ar na meáin shóisialta.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú is féidir go mbeidh tú ag gníomhú mar shaineolaí ar an tsíceolaíocht oideachais sa naíolann agus/nó san ionad iarscoile agus go mbeidh tú páirteach in ullmhú comhad áirithe a bhaineann leis an bhfeidhm sin. Is féidir go mbeidh tú ag déanamh dlúthmhonatóireacht ar obair na n-altraí naíolainne, na mball foirne naíscoile agus/nó na múinteoirí/oideachasóirí, chun cuidiú leo a gcuid oibre oideachasúla a dhéanamh. Is féidir go mbeidh tú ag tabhairt cuidiú le hoiliúint faoi chúrsaí oideachais chun gairmiúlacht na foirne oideachais a láidriú, agus go mbeidh bainistiú á dhéanamh agat ar mheasúnú agus ar chur i bhfeidhm/feabhsú an phlean oiliúna agus ar eagrúchán gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le hoideachas. Is féidir go mbeidh tú ag déanamh monatóireacht ar fhorbairt ghinearálta na leanaí, ionas go mbeidh na cúinsí is fearr is féidir ann ó thaobh leas na leanaí sa naíolann nó san ionad iarscoile. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort na tuismitheoirí a chur ar an eolas, le linn cruinnithe a reáchtálfar chuige sin, faoi ghníomhaíochtaí a gcuid leanaí chun caidreamh muiníne agus comhpháirtíochta a chothú leo. Is féidir go mbeidh ort bearta a dhéanamh i gcásanna áirithe chun na cúinsí a fheabhsú agus chun folláine na leanaí a chinntiú ar iarratas ó altraí naíolainne, baill foirne naíscoile agus/nó na múinteoirí/oideachasóirí, tuismitheoir nó ar do thionscnamh féin.
Sa ról seo, is féidir go mbeidh sé de chúram ort athruithe ar an eagar oibre ginearálta a mholadh chun feabhas a chur ar cháilíocht oideolaíoch na hoibre, ar shaol na leanaí sa naíolann agus/nó san ionad iarscoile agus ar an tseirbhís do thuismitheoirí. Beidh ort a bheith i dteagmháil i rith an ama, go comhpháirteach nó ar bhonn aonair, leis na haltraí naíolainne, le baill foirne na naíscoile agus/nó le múinteoirí/oideachasóirí, chun comhsheasmhacht teagaisc a chinntiú. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort moltaí a cheapadh i leith na ngnéithe éagsúla den eagar oibre ginearálta, e.g. ábhar a roghnú agus a fháil, chun dea-thionchar a imirt ar cháilíocht bheatha na leanaí agus ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil do na tuismitheoirí. Is féidir go mbeidh ort féachaint chuig ceartchur i bhfeidhm an ráitis misin oideachais agus páirt a ghlacadh, más gá, sna bearta comhordúcháin a bhíonn ar bun idir naíolanna agus ionaid iarscoile.
Más i nGrúpa Feidhme II a fhostaítear thú is féidir go mbeidh sé de chúram ort comhaid airgeadais a ullmhú agus dualgas gníomhaire tionscnaimh a dhéanamh i réimse an airgeadais, agus cúnamh cléireachais agus riaracháin a thabhairt maidir le glaonna ar thograí/ar thairiscintí agus cuidiú a thabhairt próiseáil faisnéise airgeadais agus tuairisciú airgeadais a dhéanamh. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort freisin cúnamh a thabhairt le próisis chuntasóireachta agus le cúraimí iniúchóireachta, e.g. tacaíocht chléireachais d'iniúchóirí, comhdú.
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú is féidir go mbeidh tú ag plé le tionscnamh agus/nó fíorú airgeadais agus le tacaíocht airgeadais agus tacaíocht a theastaíonn mar chuid de ghlaonna ar thograí/tairiscintí. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort freisin faisnéis airgeadais a bhainistiú agus cuidiú a thabhairt leis an mbainistiú cuntasaíochta agus iniúchóireachta.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú is féidir go mbeidh pleanáil agus monatóireacht buiséid/airgeadais, faisnéis agus tuairisciú i leith gnóthaí buiséid agus airgeadais agus comhordú agus comhairle i leith gnóthaí buiséid/airgeadais de chúram ort. Is féidir go beidh anailísiú agus tuairisciú ar ghnóthaí buiséid, airgeadais agus iniúchóireachta ort freisin.
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh sé de chúram ort córais faisnéise a cheapadh agus anailísiú a dhéanamh ar phróisis ghnó, agus cúnamh a thabhairt bunachair sonraí a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Is féidir go mbeidh tú ag obair le teangacha ríomhchlárúcháin ar nós JAVA, Visual Basic, Visual C#, Powerbuilder, ASP.NET, C++, ColdFusion, agus le comhéadain feidhmchlár gréasánbhunaithe. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort freisin an timpeallacht úsáideora a riar (cumraíocht, riar agus tacaíocht i dtaca le córais oibriúcháin, uirlisí oifige, printéir agus acmhainní roinnte eile i dtimpeallacht gréasáin).
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag forbairt nó ag bainistiú suíomhanna gréasáin agus leathanaigh ghréasáin HTML, XML agus UML (teangacha ríomhchlárúcháin ar nós Java, ASP.NET, PHP agus ColdFusion). Is féidir go mbeidh freastalaithe gréasáin á riar agat (ar nós Planet Web Server, Microsoft Internet Information Server, ColdFusion Server, Oracle BEA WebLogic applications, Apache Server). Chomh maith leis sin, is féidir go mbeidh tú ag bainistiú gréasán agus teileachumarsáide (agus úsáid á baint as prótacail agus seirbhísí LAN/WAN (DHCP, DNS, HTTP, HTTPS, SNMP, Active Directory)), agus go mbainfidh tú úsáid as teicneolaíochtaí idirlín chun gréasáin inmheánacha a chur chun feidhme nó chun gréasáin, slándáil gréasán, forbairtí i réimse na dteicneolaíochtaí VPN, córais teileafónaíochta/facs, comhtháthú gutha agus sonraí, agus cumarsáidí móibíleacha a idirnascadh, trí shatailít agus gan sreang). Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag cabhrú freisin chun tionscadail agus/nó seirbhísí oibríochtúla a eagrú nó chun obair leantach a dhéanamh orthu in aon cheann de na réimsí sin.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh ról agat i dtionscadail TFC a chomhordú, a bhainistiú agus a cheapadh, a chur i bhfeidhm agus a mhonatóiriú, agus i gcórais, seirbhísí agus slándáil TF a bhainistiú. Is féidir go mbeidh ort freisin maoirseacht agus bainistiú a dhéanamh ar chonarthaí agus ar chaidrimh le cliaint agus le soláthróirí. Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh ort staidéir straitéiseacha a ullmhú freisin, agus anailísiú a dhéanamh ar na táirgí atá ar an margadh.
Iarratas a dhéanamh ar an bpróifíl "Teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide"
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag glacadh páirte i staidéir agus i dtaighde ar an dlí náisiúnta, ar dhlí an Chomhphobail agus ar an dlí idirnáisiúnta i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, agus in anailísiú agus ullmhú dréacht-thuairimí agus nótaí dlí. Is féidir, freisin, go mbeidh tú ag scrúdú comhaid réamhdhlíthíochta (gearáin, etc.) agus ag déanamh cúraimí éagsúla a bhaineann le himeachtaí cúirte agus ag ullmhú ráiteas. Is féidir go mbeidh tú ag glacadh páirte in ullmhú doiciméad a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an institiúid, comhlachtaí ullmhúcháin agus coistí speisialta.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag déanamh cúraim den deimhneacht dhlíthiúil, de cháilíocht an dréachtaithe agus de chomhlíonadh na rialacha agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm. Is féidir go mbeidh tú ag cuidiú leis an institiúid agus ag déanamh ionadaíochta di i ndíospóidí, agus más cuí, i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ina cheann sin is féidir go mbeidh tú ag tabhairt comhairle agus tuairimí ó bhéal nó i scríbhinn ar cheisteanna dlíthiúla, institiúideacha agus nósanna imeachta do na hinstitiúidí agus do chomhlachtaí nó seirbhísí ullmhúcháin. Is féidir go mbeidh tú ag anailísiú agus ag dréachtú doiciméid choincheapúla, staidéar agus anailísí dlí, agus ag ullmhú dréachtfhreagraí ar iarrataí agus ar ghearáin a chuirfidh oifigigh agus gníomhairí faoi bhráid an Údaráis Ceapacháin.
Más i nGrúpa Feidhme I a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh ceann de na poist seo le déanamh agat: cúntóir cistine/cócaire, freastalaí, ball d’fhoireann stórais, ball d’fhoireann priontála, uiséir/freastalaí seomra cruinnithe/foireann tacaíochta oifige/bainistiú doiciméad, bainistiú foirgneamh, tiománaí, aistritheoir troscáin, uiséir sa pharlaimint nó in institiúid eile, oifigeach slándála agus coisc, fáilteoir, riarthóir seachadta, teicneoir córas cumarsáide agus faisnéise/gníomhaire cáblaíochta.
Iarratas a dhéanamh ar an bpróifíl “Oibrithe tacaíochta láimhe agus riaracháin”
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag déanamh obair leantach i leith forbairtí beartais agus ag déanamh caidrimh le seirbhísí ábhartha agus ag comhoibriú le ranna eile a bhíonn ag plé leis na nithe sin. Is féidir go mbeidh tú ag cuidiú le tuarascálacha, nótaí faisnéise agus nótaí cainte a ullmhú faoi chomhaid beartais agus ag soláthar aon ní eile is gá, agus ag plé le ceisteanna parlaiminte sa réimse beartais i gceist. Is féidir go mbeidh tú ag cuidiú le cruinnithe le geallsealbhóirí a ullmhú, ag dréachtú conclúidí beartais agus ag déanamh obair leantach i leith cruinnithe. Is féidir, freisin, go mbeidh tú ag déanamh ionadaíochta don Choimisiún nó don institiúid nó don Ard-Stiúrthóireacht i gceist ag cruinnithe agus ag imeachtaí inmheánacha, idirinstitiúideacha agus seachtracha ábhartha, faoi stiúir an Chinn Aonaid nó an oifigigh beartais.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú is féidir go mbeidh tú ag plé le monatóireacht, anailísiú agus tuairisciú ar an staid pholaitiúil, eacnamaíoch agus shóisialta i dtír ar leith, agus ag coinneáil bord ar bhord leis an aimsir ó thaobh bheartais réigiúnacha, eachtracha agus iltaobhacha na tíre sin. Is féidir go mbeidh tú ag cuidiú le cuspóirí, tosaíochtaí agus beartais pholaitiúla an Aontais a cheapadh sa réimse polaitiúil, eacnamaíoch, daonnúil agus i réimsí eile, i gcomhar leis na Ballstáit, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí eile. Is féidir go mbeidh tú ag plé le comhordú agus le hullmhú cuairteanna agus misean ardleibhéil, cruinnithe ad hoc, teagmháil le tríú tíortha agus leis an tsochaí shibhialta, etc.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag dréachtú páipéir bheartais, doiciméid straitéiseacha, gníomhartha dlí, óráidí, ráiteas agus doiciméad eile a bhaineann le hábhar agus ag déanamh obair leantach i leith na nithe sin. Ina cheann sin féadfaidh sé go mbeidh tú ag dréachtú freagraí ar cheisteanna agus ar achainíocha ó bhéal agus i scríbhinn ó Fheisirí Eorpacha. Is féidir go mbeidh tú ag obair chun gníomhartha agus beartais an Aontais sa tír i gceist a dhéanamh comhsheasmhach, trí pháirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin idirsheirbhíse ar theachtaireachtaí oifigiúla, ar pháipéir bheartais agus ar dhoiciméid inmheánacha oibre institiúidí an Aontais, agus trí chuidiú le hullmhú na gcomhairliúchán sin. Ina theannta sin, is féidir go mbeidh tú ag déanamh ionadaíochta don institiúid, faoi stiúir oifigigh, ag cruinnithe idirinstitiúideacha agus idirnáisiúnta (e.g. grúpaí comhairliúcháin) sa réimse i gceist. Féadfaidh sé go mbeidh tú ag plé le caibidliú comhaontuithe idirnáisiúnta freisin.
Iarratas a dhéanamh ar an bpróifíl “Gnóthaí Polaitíochta/Beartais an Aontais Eorpaigh”
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag déileáil le pleanáil tionscadal/clár, monatóireacht, meastóireacht, clabhsúr tionscadal agus obair leantach a dhéanamh ar thionscadail. Féadfaidh sé, freisin, go mbeidh tú ag plé le speansais airgeadais, bainistiú agus meastóireacht cáilíochta, cumarsáid sheachtrach agus faisnéis don phobal.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is féidir go mbeidh tú ag plé le tograí agus glaonna ar thairiscintí (a gcur chun cinn, a meas agus a gcaibidliú), mar aon le pleanáil tionscadal/clár, monatóireacht, meastóireacht, clabhsúr tionscadal agus obair leantach a dhéanamh ar thionscadail. Is féidir go mbeidh tú ag plé, freisin, le cumarsáid inmheánach agus sheachtrach, craobhscaoileadh faisnéise, comhordú agus comhairliú inmheánach, agus le hionadaíocht agus comhordú seachtrach a dhéanamh.
Iarratas a dhéanamh ar an bpróifíl “Bainistíocht Tionscadal/Clár”
Más i nGrúpa Feidhme III a fhostaítear thú, beidh tú ag profléamh agus ag déanamh eagarthóireacht teanga; d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin ceartuithe litrithe, gramadaí, poncaíochta, formáidithe, clóghrafaíochta, aibhsiú agus nótaí tráchta a chur le téacsanna ab fhéidir a dhéanamh níos soiléire, agus ceartúcháin ó údair téacsanna a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé de chúram ort freisin profaí a ullmhú agus a dhéanamh réidh dá bhfoilsiú, profaí i bhformáidí agus meáin éagsúla, sin agus doiciméid a ullmhú i bhformáid leictreonach nó ar pháipéar agus cúram a dhéanamh de na doiciméid sin i dtéarmaí litrithe, gramadaí agus comhréire, agus iad a sheiceáil ó thaobh comhsheasmhachta agus aonfhoirmeachta. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort deimhin a dhéanamh de go bhfuil gnásanna agus rialacha stíle á gcomhlíonadh agus go bhfuil téacsanna i gcomhréir leis an Treoir Stíle Idirinstitiúideach atá glactha ag gach ceann d’institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is féidir go mbeidh seiceáil le déanamh ar cháilíocht oibre a dhéanann conraitheoirí seachtracha. Is féidir go mbeidh sé de chúram ort freisin doiciméid de chuid na hInstitiúide a dhéanamh réidh dá bhfoilsiú agus bailchríoch chlóghrafaíochta a chur orthu. Ina theannta sin, is féidir go mbeidh cúraimí teanga eile le déanamh, e.g. modhnóireacht a dhéanamh ar inneachar leathanach gréasáin agus ábhar a thras-scríobh.
Más i nGrúpa Feidhme II a fhostaítear thú is féidir go mbeidh ort cúraimí rúnaíochta a dhéanamh, e.g. cruinnithe a eagrú, comhaid a bhainistiú, misin a eagrú, cúram a dhéanamh de chomhfhreagras, dialann coinní a choinneáil. Is féidir go mbeidh dréachtú meamram, nótaí agus miontuairiscí cruinnithe de chúram ort mar aon le cúrsaí oibre i do roinn a chomhordú agus a phleanáil.
Más i nGrúpa Feidhme IV a fhostaítear thú, is go dtí an teanga a roghnaigh tú mar theanga 1 a bheidh tú ag aistriú, ó dhá theanga foinse ar a laghad (Béarla agus/nó Fraincis go príomha). Beidh tú ag profléamh agus ag ceartú do chuid aistriúchán féin, agus ag déanamh athbhreithniú ar aistriúcháin eile a rinne aistritheoirí inmheánacha agus saoraistritheoirí. Beidh tú ag déanamh taighde téarmaíochta agus ag cruthú agus ag cothú bunachair téarmaí agus ag cuidiú bearta oiliúna a dhéanamh agus uirlisí TF a fhorbairt. Ina cheann sin beidh tú ag tabhairt comhairle teanga agus ag roinnt saineolais i réimsí is díol suime ag an Institiúid a mbeidh tú ag obair inti. Sa ról seo duit, beidh tú ag cuidiú le dearbhú cáilíochta a dhéanamh agus le bunachair sonraí teanga a chothú – go háirithe bunachair a úsáidtear le haghaidh an mheaisínaistriúcháin – agus, ina theannta sin, le tionscadail teanga agus sreafaí oibre a bhainistiú.