In EPSO creidimid gur cheart comhionannas agus éagsúlacht a chur chun cinn ar bhonn gníomhach i ngach ceann dár bpróisis roghnúcháin.
Ba mhaith linn aird daoine a tharraingt, go háirithe saoránaigh den Aontas Eorpach atá faoi mhíchumas (riochtaí sláinte éagsúla san áireamh) agus iad a spreagadh le hiarratas a dhéanamh ar phost in institiúidí nó i ngníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.
Is deis é seo freisin ar ár saoránaigh agus daoine ar mhian leo post a fháil leis an Aontas Eorpach a chur ar an eolas faoinár mbeartas comhionannais agus éagsúlachta, faoi bhearta sonracha d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas (riochtaí sláinte éagsúla san áireamh) agus faoi uirlisí praiticiúla lenar féidir oiriúnuithe speisialta a iarraidh sna trialacha roghnúcháin.
Tá tuilleadh eolais faoin nglao ar chomhoibriú, le fáil ar an leathanach gréasáin saincheaptha.