Tabhair do d'aire, go dtí go bhfógrófar a mhalairt, gur i mBéarla go príomha a dhéanfar an t-eolas is déanaí a thugtar faoi COVID-19 a nuashonrú. Cuirfear leaganacha na dteangacha eile leis de réir a chéile.
NUA – nuashonraithe an 19/05/2020:
Tá EPSO ag déanamh síormhonatóireachta ar an dóigh a bhfuil an coróinvíreas (COVID-19) ag forbairt. Tá gach beart réamhchúramach is iomchuí á ghlacadh againn i gcomhréir leis na treoracha agus na treoirlínte a thug institiúidí an Aontais Eorpaigh agus na húdaráis náisiúnta dúinn. Idir an dá linn, moltar d'iarrthóirí atá páirteach sna próisis roghnúcháin atá ar oscailt faoi láthair a gcuntas EPSO agus suíomh gréasáin EPSO a sheiceáil ar bhonn rialta. Is féidir leat do chuid ceisteanna a sheoladh chugainn freisin ar an bhfoirm teagmhála ar líne.
Trialacha ar ríomhaire:
Tá EPSO, i dteannta leis an gconraitheoir Prometric, ag obair ar na trialacha ar ríomhaire a chur ar siúl arís le haghaidh próisis roghnúcháin éagsúla. Táthar ag cur san áireamh na rialacha éagsúla atá i bhfeidhm sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, mar aon leis na huaireanta éagsúla don athoscailt, agus na bearta éagsúla atá i bhfeidhm i dtaca leis an scaradh sóisialta agus leis an sláinteachas. A luaithe a bheidh eolas níos mionsonraithe ar fáil ar phleanáil na dtrialacha, déanfar leathanaigh ábhartha na bpróiseas roghnúcháin a nuashonrú.
Trialacha an ionaid measúnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg
Tá a chuid gníomhaíochtaí sna hionaid mheasúnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg curtha ar fionraí ag EPSO. Tá na hionaid mheasúnaithe le haghaidh chomórtais EPSO/AD/372/19, EPSO/AD/373/19, EPSO/AD/374/19 ar fionraí le héifeacht ón 9 Márta go dtí mí Mheán Fómhair 2020 ar a luaithe. Tá amchláir na gcomórtas atá ar bun faoi láthair á n-athbhreithniú agus leasófar iad in am trátha de réir na ndátaí pleanála nua.
Próiseas roghnúcháin CAST/P (CAST Buan):
Is mór a cuireadh isteach ar phróisis tástála CAST bhuain i mí an Mhárta de bharr ghéarchéim COVID-19. Má tugadh cuireadh duit chun na dtrialacha i mí an Mhárta (an 10 go dtí an 16 Márta) ach nárbh fhéidir leat na trialacha a chur in áirithe nó a dhéanamh, tabharfar cuireadh duit trialacha a dhéanamh mí an Mheithimh nó mí Iúil. Cuirfear cuireadh chugat trí do chuntas EPSO.
Tá an chéad seisiún tástála CAST/P eile sceidealaithe anois do dheireadh mhí an Mheithimh – tús mhí Iúil. Tá na dátaí táscacha nua foilsithe cheana ar leathanaigh ghréasáin na bpróifílí CAST/P éagsúla.
Tuigeann EPSO gur féidir nach mbeidh cuid de na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh dóibh trialacha a dhéanamh i mí an Mheithimh nó mí Iúil in ann na trialacha a chur in áirithe/a dhéanamh de dheasca éifeachtaí leanúnacha phaindéim COVID-19.
Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí sin, tabhair do d’aire go dtabharfar cuireadh duit trialacha a dhéanamh amach anseo. Ní gá duit dul i dteagmháil le EPSO tú féin ná aon bheart a dhéanamh. Faoi dheireadh mhí Lúnasa, gheobhaidh tú dearbhú ríomhphoist ag an seoladh atá sonraithe i do chuntas EPSO.
Is beart é an t-athchuireadh sin a dhéanfaidh EPSO chun éifeacht phaindéim COVID-19 ar na hiarrthóirí a mhaolú agus chun a chinntiú go mbeidh comhdheiseanna ann a mhéid is féidir sna dálaí atá ann faoi láthair.
Comórtais nua agus próisis roghnúcháin:
Tá EPSO ag déanamh a dhíchill cloí leis an amchlár táscach atá leagtha síos do na comórtais nua. Tá sé ag súil le comhghleacaithe nua tiomanta díograiseacha a earcú chun an Eoraip a mhúnlú le chéile le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Cuirfear tuilleadh eolais faoi na comórtais atá le bheith ann ar fáil gan mhoill.
Lean ort ag tabhairt aire do do shláinte féin agus do shláinte do theaghlaigh agus do chairde.