Etusivu > Ceiliúradh á dhéanamh ag EPSO ar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas trí Threoir nua a eisiúint maidir le socruithe réasúnta ina thrialacha roghnúcháin

Ceiliúradh á dhéanamh ag EPSO ar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas trí Threoir nua a eisiúint maidir le socruithe réasúnta ina thrialacha roghnúcháin

I gcomhthéacs Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas 2020, tá Treoir nua curtha le chéile ag EPSO maidir le socruithe réasúnta ina thrialacha roghnúcháin, treoir a chuirfidh in iúl duit conas oiriúnuithe speisialta a iarraidh. 

An próiseas maidir le socruithe réasúnta, na cineálacha doiciméad ar nós teastais leighis atá le cur ar fáil, samplaí de shocruithe is féidir a fháil, bosca uirlisí praiticiúil ina bhfuil leideanna agus seifteanna, níl sa mhéid sin ach cuid de na sonraí atá le fáil sa treoir.

Tuilleadh eolais agus uirlisí maidir le conas oiriúnuithe speisialta a iarraidh

Tá eolas san fhógrán céim ar chéim seo faoin dóigh le hoiriúnuithe speisialta a iarraidh i gcás trialacha roghnúcháin.

Má bhíonn deacrachtaí agat rochtain a fháil ar an doiciméad seo trí theicneolaíocht chúnta, féach an leagan inrochtana seo.

Féach ar fhorléargas EPSO ar na socruithe a d’fhéadfaí a fháil sna trialacha roghnúcháin.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi bheartas EPSO maidir le comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú, tabhair cuairt ar an leathanach atá ag EPSO faoi chomhionannas deiseanna.

 

Féach ar ár bhfíseán faoi oiriúnuithe speisialta sna trialacha roghnúcháin:

Dáta na postála : 03/12/2020 - 14:30
Dáta an nuashonraithe : 03/12/2020 - 15:21