Feidhmchlár gréasáin atá in VIPTechJob a chuidíonn le daoine a bhfuil tromlagú radhairc orthu níos mó rochtana a bheith acu agus iad ag lorg poist.
Tá EPSO ag tacú go hiomlan leis an tionscadal sin, agus tá deiseanna fostaíochta EPSO ar taispeáint ar shuíomh gréasáin VIPTechJob.
Tá deiseanna fostaíochta i leith gairmréimeanna in institiúidí an Aontais agus in áiteanna nach iad le fáil ar aip VIPTechJob.
Ba mhaith le EPSO níos mó daoine tréitheacha a tharraingt chuige atá faoi mhíchumas agus a bhfuil riachtanais shonracha acu.
Dá bhrí sin, lainseáladh glao ar chomhoibriú chuig eagraíochtaí uile an Aontais atá páirteach i gcur chun cinn na ndaoine atá faoi mhíchumas agus a bhíonn ag obair ar son a leasa. Tuilleadh eolais faoin nglao sin.