Etusivu > Gníomhaíocht Dhearfach Pharlaimint na hEorpa do Dhaoine atá faoi Mhíchumas

Gníomhaíocht Dhearfach Pharlaimint na hEorpa do Dhaoine atá faoi Mhíchumas

Tá Uirlis Roghnúcháin Gníomhaíochta Dearfaí Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhairí ar conradh (CAST) do dhaoine faoi mhíchumas oscailte anois!

Gach bliain, reáchtálann Parlaimint na hEorpa CAST gníomhaíochta dearfaí go sonrach chun gur féidir le daoine faoi mhíchumas an chéad taithí oibre a fháil i bParlaimint na hEorpa. Tá CAST ar oscailt do gach duine atá faoi mhíchumas fadtéarmach atá cothrom le 20% nó os a chionn, beag beann ar a bpróifíl ná ar a gcúlra.

An spéis leat é? Cláraigh roimh an 2 Aibreán 2021 (am Lár na hEorpa) le haghaidh CAST buan agus seol do CV, i bhformáid Europass más féidir é, chuig PERS-PositiveAction@europarl.europa.eu. Tabhair d’uimhir iarrthóra EPSO sa ríomhphost agus luaigh ann freisin go gcomhlíonann tú an critéar maidir le stádas míchumais.

Tá an t-eolas mionsonraithe go léir le fáil i nGlao Pharlaimint na hEorpa (atá ar fáil in EN, FR agus DE).

Dáta na postála : 17/03/2021 - 15:20
Dáta an nuashonraithe : 15/04/2021 - 16:01