Etusivu > Bearta dearfacha le haghaidh oiliúnaithe faoi mhíchumas

Bearta dearfacha le haghaidh oiliúnaithe faoi mhíchumas

CAD É FÉIN:

Tréimhsí oiliúna ar pá in Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh i réimsí éagsúla ina gcuirtear deiseanna ar fáil le haghaidh oiliúnaithe faoi mhíchumas. Faoin gclár seo, cinntítear go gcuirtear 4-6 thréimhse oiliúna ar pá ar fáil gach bliain do náisiúnaigh den Aontas atá faoi mhíchumas a aithnítear go hoifigiúil. Ní mór céim ollscoile a bheith ag iarrthóirí nó ní mór dóibh a bheith sa tríú bliain (nó a comhionann) de chúrsa in institiúid ardoideachais.

 

CATHAIN?

Is féidir iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna Meán Fómhair 2020 — Eanáir 2021 idir an 17 Feabhra (meán lae, am na Bruiséile) agus an 16 Márta 2020 (meán lae, am na Bruiséile).

 

CONAS?

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Dáta na postála : 17/02/2020 - 09:59
Dáta an nuashonraithe : 24/02/2020 - 10:21