Etusivu > Salvatore Biondo, Cúntóir Cláir OIB

Salvatore Biondo, Cúntóir Cláir OIB

“Bhí suim mhór agam i gcónaí riamh i bhfoirgnimh, go háirithe na gnéithe teicniúla a bhaineann leo. Is é sin an chúis a bhfuilim sásta a bheith mar chuid den fhoireann chothabhála d’fhoirgnimh uile an Choimisiúin sa Bhruiséil (oifigí, creiseanna, srl.). Is é an príomhchúram atá orm a chinntiú go bhfuil gach rud comhlíontach ó thaobh cúrsaí teicniúla de. Is iomaí gné éagsúil a bhaineann leis an bpost seo: Bím ag obair ar an láthair agus freisin bím ag plé leis na cúrsaí riaracháin a bhaineann leis na tionscadail. Tá cuid mhór neamhspleáchais agam. San am céanna, bím i dteagmháil ar bhonn leanúnach le mo chomhghleacaithe agus le conraitheoirí seachtracha. Bainim sult as smaointe a mhalartú leo agus teacht ar réitigh theicniúla in éineacht leo. Is post suimiúil é seo ina mbíonn go leor leor dúshlán – is é seo an bealach a chuirimse le tógáil na hEorpa.”

Cúntóir Cláir OIB, an Coimisiún Eorpach