Faoin bpróifíl ‘Airgeadas’, is féidir go n-earcófar thú i nGrúpaí Feidhme II, III agus IV agus go ndéanfaidh tú réimse leathan cúraimí. Mar shampla:
Má earcaítear thú i nGrúpa Feidhme II, is féidir go mbeidh sé de chúram ort comhaid airgeadais a ullmhú agus dualgas gníomhaire tionscnaimh a dhéanamh i réimse an airgeadais; cúnamh cléireachais agus riaracháin a thabhairt maidir le glaonna ar thograí/ar thairiscintí; cuidiú a thabhairt próiseáil faisnéise airgeadais agus tuairisciú airgeadais a dhéanamh; cúnamh a thabhairt i leith próisis chuntasóireachta agus cúraimí iniúchóireachta.
Má earcaítear thú i nGrúpa Feidhme III, is féidir go mbeidh sé de chúram ort plé le tionscnamh agus fíorú; tacaíocht a thabhairt i leith glaonna ar thograí agus ar thairiscintí; faisnéis airgeadais a bhainistiú; cúnamh a thabhairt i leith bainistiú cuntasóireachta agus iniúchóireachta.
Má earcaítear thú i nGrúpa Feidhme IV, is féidir go mbeidh sé de chúram ort a bheith páirteach i bpleanáil, tuairisciú, anailísiú, comhordú agus obair leantach i leith buiséad agus airgeadais; agus cúraimí a dhéanamh a bhaineann le hanailísiú iniúchóireachta agus tacaíocht iniúchóireachta.
Tá tuilleadh eolas le fáil ach cliceáil ar an gcnaipe thíos.