Ní dhéanfaidh EPSO aon ranníocaíocht i leith aon speansas taistil a bhí ort de thoradh páirt a ghlacadh in aon triail ar ríomhaire ná in aon réamhtriail ná in aon triail idirmheánach (i.e. ceisteanna ilrogha, trialacha an inbhosca ríomhphoist agus trialacha aistriúcháin).Na hiarrthóirí dá dtabharfar cuireadh cás-staidéar nó triail scríofa a dhéanamh sa réimse agus a bhfuil seoladh cónaithe acu i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, beidh siad i dteideal ranníocaíocht a éileamh i leith a gcostas taistil, más cuid den ionad measúnaithe iad na trialacha sin (féach an fógra comórtais atá i gceist)....