Is mór ag EPSO an comhionannas agus an éagsúlacht agus bíonn sé ar a dhícheall féachaint chuige go bhfuil na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.Má fheictear duit gur caitheadh leat ar dhóigh éagórach nó idirdhealaitheach i ngeall ar cheann de na saintréithe seo: gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, má...