Ní dhéanfaidh EPSO aon ranníocaíocht i leith aon speansas taistil a bhí ort de thoradh páirt a ghlacadh in aon triail ar ríomhaire ná in aon réamhtriail ná in aon triail idirmheánach (i.e. ceisteanna ilrogha, trialacha an inbhosca ríomhphoist agus trialacha aistriúcháin).
Na hiarrthóirí dá dtabharfar cuireadh cás-staidéar nó triail scríofa a dhéanamh sa réimse agus a bhfuil seoladh cónaithe acu i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, beidh siad i dteideal ranníocaíocht a éileamh i leith a gcostas taistil, más cuid den ionad measúnaithe iad na trialacha sin (féach an fógra comórtais atá i...