Suullinen esitys – tehtävänanto
Má chliceálann tú ar an nasc/na naisc thíos, feicfidh tú an tasc le haghaidh an ‘cur i láthair ó bhéal’ ar cuid é d’ionad measúnaithe cianda an chomórtais/na gcomórtas dá dtagraítear.
Le linn na trialach seo iarrtar ar an iarrthóir ceisteanna a chur i láthair agus a fhreagairt maidir le cás a bhaineann leis an obair. Iarrtar ar an iarrthóir na leaganacha uile den tasc scríofa ar líne agus an t-eolas cúlra a léamh, a anailísiú agus eolas a bhaint astu roimh an agallamh chun ullmhú le haghaidh na trialach. I dtús an agallaimh, inseofar don iarrthóir cén leagan den tasc atá le cur i láthair aige.
Tá cur síos sa tasc seo ar an gcás oibre dá dtagróidh an ‘cur i láthair ó bhéal’.
Má tá eolas uait ar na trialacha uile a bheidh le déanamh i bpróiseas roghnúcháin ar leith, féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise.
Tá tuilleadh eolais agus tuilleadh samplaí de thrialacha le fáil ar an leathanach ‘Trialacha samplacha’.