Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí Oiliúna Blue Book

trainees

Cuireann an Coimisiún Eorpach 2 chineál tréimhsí oiliúna ar fáil: Tréimhse Oiliúna RiaracháinTréimhse Oiliúna Aistriúcháin le hArd-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (DGT).

Oibríonn oiliúnaithe ar fud an Choimisiúin Eorpaigh, a chuid seirbhísí agus gníomhaireachtaí atá lonnaithe sa Bhruiséil den chuid is mó, ach a bhfuil roinnt díobh lonnaithe i Lucsamburg agus in áiteanna eile ar fud an Aontais Eorpaigh freisin.

Beidh do chuid oibre ag brath ar an tseirbhís dá sannfar thú.

Mar shampla, d’fhéadfá obair a dhéanamh i réimse dhlí na hiomaíochta, acmhainní daonna, an beartas comhshaoil, an t-aistriúchán, srl.

Cé a d’fhéadfadh iarratas a dhéanamh?

Tá an clár oiliúna oscailte do shaoránaigh uile an Aontais, beag beann ar aois, gnéas, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, reiligiún nó creideamh, ballraíocht i mionlach náisiúnta, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Déantar líon teoranta áiteanna a leithdháileadh freisin ar náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Aontas iad.

Féadann daoine a bhfuil céim in ábhar ar bith acu iarratas a dhéanamh, fad is atá an chéim bainte amach acu cheana (is iondúil gur féidir tras-scríbhinn a chur isteach mura bhfuil an teastas féin faighte go fóill). Is gá eolas a bheith agat ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais. 

Cén obair a dhéanann oiliúnaí ó lá go chéile?

  • Freastal ar chruinnithe, ar mheithleacha agus ar éisteachtaí poiblí agus iad a eagrú
  • Taighde a dhéanamh ar dhoiciméid, iad a dhréachtú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu – tuarascálacha agus comhairliúcháin ina measc
  • Freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ó na saoránaigh
  • Tacaíocht a thabhairt le tionscadail a bhainistiú
  • Aistriúchán a dhéanamh nó athbhreithniú a dhéanamh ar aistriúcháin nó taighde a dhéanamh ar théarmaíocht

Cad leis a bhfuilimid ag súil uaitse?

  • Dearcadh oscailte i leith saincheisteanna Eorpacha
  • Spéis i bhfoghlaim faoi mhodhanna oibre an Choimisiúin
  • Toilteanas obair a dhéanamh i dtimpeallacht ilchultúrtha
  • Cur le hobair laethúil an Choimisiúin ó dhearcadh úr nua
  • Dearcadh réamhghníomhach

Tá tuilleadh eolais le fáil ag https://ec.europa.eu/stages/