Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Creat Inniúlachtaí EPSO

D’fhoilsigh EPSO a chreat inniúlachtaí nua go luath in 2022. Tosófar ag baint úsáid as an gcreat inniúlachtaí nua sin in 2023. Sainmhínítear sa Chreat Inniúlachtaí na hinniúlachtaí a bhfuil gá leo chun feidhmiú go héifeachtach i bpost ar leith agus tugtar faisnéis thrédhearcach ann maidir leis an bpróiseas roghnúcháin, trí shoiléiriú a dhéanamh ar na tréithe nach mór do na hiarrthóirí a léiriú le linn thrialacha an chomórtais ábhartha.

Maidir leis sin, ón mbliain 2010, tá Creat Inniúlachtaí á úsáid ag EPSO ina bhfuil 8 n-inniúlacht ghinearálta. Mar sin féin, tá forbairt tagtha ar riachtanais institiúidí an Aontais le himeacht ama. Ba réamhriachtanas é athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Inniúlachtaí chun linn tallann a thógáil chun riachtanais na n-institiúidí a chomhlíonadh go héifeachtach agus an dul chun cinn nua i margadh saothair an lae inniu a léiriú.

Cuimhnigh, sa bhreis ar na hinniúlachtaí ginearálta, i gcás na bpróifílí níos speisialaithe, go bhfuil institiúidí an Aontais Eorpaigh ag lorg iarrthóirí atá ardcháilithe ina réimse saineolais. Tá eolas ar fáil san Fhógra Comórtais ar na hinniúlachtaí réimse-shonracha, agus ar na trialacha lena ndéantar na hinniúlachtaí ginearálta agus na hinniúlachtaí réimse-shonracha a mheas.

Féach thíos na hinniúlachtaí ginearálta agus na hancairí.