Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An Comhionannas

 Seo thíos roinnt samplaí den dóigh a ndéanann EPSO an chomhdheis a thabhairt chun nithiúlachta:

  • Cuireann gach próiseas roghnúcháin beartas comhionannais deiseanna i bhfeidhm go comhsheasmhach agus tugann siad urraim do reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht idirnáisiúnta maidir le frith-idirdhealú, agus cur i bhfeidhm Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) san áireamh.
  • Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil d’iarrthóirí ag a bhfuil riachtanais shonracha i ngeall ar mhíchumas nó ar riocht sláinte.
  • Is é an neamhchlaontacht an prionsabal uileghabhálach lena dtreoraítear obair Bhoird Roghnúcháin EPSO. Ceaptar baill an Bhoird Roghnúcháin ó chúlraí éagsúla chun cothromaíocht a chinntiú ó thaobh inscne, aoise, náisiúntachtaí, teangacha, etc. Tá siad oilte de réir na gcaighdeán gairmiúil roghnúcháin is airde agus maidir le modhanna measúnaithe oibiachtúla atá saor ó chlaon.

Ar an dóigh sin, déanann EPSO a dhícheall deimhin a dhéanamh de go mbeidh na deiseanna céanna ag gach iarrthóir agus go mbeidh an rochtain chéanna acu ar na próisis roghnúcháin.

I measc na mbeart eile a dhéanann EPSO tá:

  • Anailís chórasach staidrimh agus monatóireacht a dhéanamh ar mhíreanna tástála d’fhonn modhanna agus measúnuithe atá caighdeánaithe agus oibiachtúil agus bunaithe ar inniúlachtaí a chinntiú.
  • Aiseolas córasach ó iarrthóirí a bhailiú trí shuirbhéanna sástachta, rud a chuireann ar chumas EPSO feabhsú go leanúnach.
  • Scagadh anaithnid ar CVanna a dhéanamh agus trialacha scríofa a mharcáil de réir critéir oibiachtúla, agus dá réir sin amháin.
  • Scagadh inrochtaineachta a dhéanamh ar chumarsáid, ar phróisis roghnúcháin agus ar thrialacha EPSO. Más gá, cuireann EPSO formáidí oiriúnaithe ar fáil atá inrochtana ag an teicneolaíocht chúnta.

Tá tuilleadh eolais sa rannán Ceisteanna Coitianta atá dírithe ar Chomhdheiseanna.

An bhfuil socruithe speisialta de dhíth ort ar thrialacha roghnúcháin EPSO mar gheall ar mhíchumas nó fadhb shláinte? Tá tuilleadh eolais le fáil sa rannán faisnéise tábhachtaí ar dheis ar an leathanach seo.

 

Féach ar an bhfíseán thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi na socruithe ar fad a chuirimid ar fáil sna trialacha roghnúcháin d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais shonracha acu:

Video file