Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Próifílí gairmréime in institiúidí an Aontais

Do ghairm san Aontas Eorpach a roghnú

In institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh is féidir leat gairmeacha éagsúla a roghnú de réir na mianta gairmiúla atá agat agus de réir do chúlra oideachais.

Déan do scileanna a mheaitseáil leis na réimsí gairme thíos agus roghnaigh an phróifíl is oiriúnaí duit.

Ag teacht isteach in institiúidí an Aontais Eorpaigh duit is cuma cé acu is próifíl ‘ghinearálaí’ (e.g. dlíodóir, eacnamaí, céimí sa riarachán poiblí) atá agat nó próifíl ‘speisialtóra’ (e.g. eolaí, teicneoir, oifigeach airgeadais, dochtúir, aistritheoir), is féidir tabhairt faoi chonairí gairme ina mbainfear an leas is fearr is féidir as do chumais agus/nó as an taithí oibre atá agat.

Sna róil sin, beidh tú in ann dul i gcion ar cheisteanna móra amhail an t-athrú aeráide, forbairt eacnamaíoch, cumarsáid dhigiteach, an imirce nó cúrsaí fostaíochta, gan ach beagán acu a lua. 

Tuilleadh eolais faoi chatagóirí éagsúla ball foirne, conas iarratas a dhéanamh ar fholúntais agus na trialacha arbh fhéidir go gcaithfeá pas a fháil iontu chun post a fháil in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Faigh amach faoi na folúntais atá ar fáil ar ár leathanach deiseanna fostaíochta.