Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad iad na treoracha maidir leis na trialacha ar ríomhaire a dhéanamh?

Question categories:

Féach Fógra Comórtais nó Glao ar Léiriú Spéise an phróisis roghnúcháin a bhfuil tú páirteach ann más mian leat líon ceisteanna, fad ama agus pasmharc na dtrialacha a fháil amach.

An t-ionad trialacha:

Tá seoladh an ionaid trialacha le fáil ach cliceáil ar an nasc sa deimhniú coinne. Beidh an t-eolas sin le fáil i do chuntas EPSO nuair a bheidh coinne déanta agat do na trialacha. Ní mór duit bheith san ionad trialacha 30 nóiméad ar a laghad roimh am do choinne. Níl aon chinnteacht ann go bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh má bhíonn tú mall nó má chailleann tú do choinne.
Iarraimid ort an t-eolas ar an leathanach seo a leanas a léamh: Cé na rialacha iompair sna hionaid trialacha ar ríomhaire? sula ndéanfaidh tú an triail.

Na trialacha ceisteanna ilrogha:

Is é an chéad áit atá ar fáil a thairgfear duit. Má bhíonn tú san ionad go luath, is féidir go dtabharfar an rogha duit na trialacha a dhéanamh níos luaithe ná am do choinne. Má bhíonn moill os cionn 30 nóiméad ann ar chúiseanna nach raibh neart ag conraitheoir EPSO orthu, fadhbanna teicniúla, mar shampla, féadfaidh tú iarraidh ar an ionad trialacha do choinne a aistriú go dáta eile.

Don chás-staidéar, don triail scríofa sa réimse agus do na trialacha aistriúcháin:

Moltar do na hiarrthóirí breis ama a thabhairt dóibh féin san ionad trialacha ar eagla moill gan choinne. Má bhíonn fadhb ann, d'fhéadfaí cur isteach ar sceideal na dtrialacha agus i gcásanna eisceachtúla d'fhéadfadh moill cúpla uair an chloig a bheith i gceist. Tabharfar tuilleadh eolais duit san ionad trialacha más gá.

Seiceáil an chruthúnais céannachta:

Ní mór duit na nithe seo a thabhairt leat go dtí an t-ionad trialacha:

  • cóip phriontáilte den deimhniú coinne ó do chuntas EPSO;
  • doiciméad bailí a chruthaíonn do chéannacht, ina bhfuil grianghraf díot a tógadh le déanaí agus a bhfuil síniú air, e.g.: pas, cárta aitheantais náisiúnta, ceadúnas tiomána a bhfuil grianghraf air, cead cónaithe náisiúnta/réigiúnach, cárta aitheantais míleata.
  • Mura bhfuil síniú leis an ngrianghraf aitheantais, ní mór cruthúnais céannachta bhreise a thabhairt, e.g. ceadúnas tiomána gan ghrianghraf, cárta bainc, cárta creidmheasa.

Ní ceadmhach aon difear a bheith idir na sonraí pearsanta sna doiciméid thuasluaite agus na sonraí pearsanta i do chuntas EPSO.

Tús a chur leis na trialacha:

Tabhair do d'aire nach bhféadfaidh tú athrú deisce a iarraidh.

 

Nuair a chuirfear tús leis na trialacha, iarrfar ort d'ainm a dheimhniú. Más ainm duine eile an t-ainm atá luaite leis an triail, cliceáil ar 'No' agus cuir an feitheoir ar an eolas láithreach.
Is gnách gur sa dara teanga atá ag an iarrthóir a bhíonn na treoracha uile sna trialacha – an seisiún teagaisc, na chéad chéimeanna ar an ríomhaire, agus an suirbhé san áireamh. Is féidir nach amhlaidh a bheidh i gcás comórtais do theangeolaithe.
Is sna teangacha a roghnaigh tú san fhoirm iarratais a dhéanfaidh tú na trialacha. Is féidir leat sin a sheiceáil i do chuntas EPSO. Ní féidir na roghanna teanga a athrú i ndiaidh duit an fhoirm iarratais a chur isteach. 
In aice le gach ríomhaire beidh an trealamh atá luaite thíos: 

  • clár scríbhneoireachta
  • peannmharcóir
  • luchóg dheasach
  • Ní bhaineann seo ach le trialacha na bpróiseas roghnúcháin CAST/P amháin: áireamhán láimhe ar a bhfuil feidhmeanna bunúsacha (mar atá san íomhá thíos, nó ceann cosúil leis, ag brath ar an áit a bhfuil an t-ionad trialacha). Ós rud é gur áireamháin shimplithe atá in úsáid anois, ní chuirfear treoracha áireamháin ar fáil as seo amach. Fútsa atá sé a chinntiú go bhfuil an t-áireamhán ag feidhmiú i gceart (an chuimhne a ghlanadh san áireamh) sula gcuirfidh tú tús leis na trialacha.
  • áireamhán scáileáin (féach íomhá 4 thíos), i gcás na dtrialacha uimhríochta
  • plugaí cluaise (ar iarratas)
  • cosantóirí cluas (a bhíonn le fáil ar na roinnteoirí idir na ríomhairí nó ar iarratas).

Déan deimhin de go bhfuil an trealamh ar fad ag obair sula gcuirfidh tú tús leis na trialacha. Má bhíonn aon chúnamh de dhíth ort le linn na dtrialacha, cuir suas do lámh chun sin a chur in iúl don fheitheoir.

calculator_1.jpg

Calculator picture

calculator_2.png

Calculator picture

calculator_3.jpg

Calculator picture

calculator2.png

Calculator picture

Seisiún teagaisc:

Sula dtosóidh tú ar na trialacha beidh seisiún teagaisc 5 nóiméad nó 10 nóiméad ann (de réir chineál na trialach) ina dtabharfar míniú ar conas dul trí chéimeanna na dtrialacha agus na ceisteanna a fhreagairt.
Ós rud é go dtugtar mionmhíniú ar thimpeallacht na dtrialacha agus ar conas dul trí chéimeanna na dtrialacha, glactar leis go bhfuil na nithe sin ar eolas agat agus ní ghlacfaidh EPSO le haon ghearán ina leith.
Tá ceisteanna áirithe ann agus d'fhéadfadh sé gur ghá scrollú síos chun an cheist ar fad agus na freagraí uirthi a léamh. Nuair a bheidh deireadh déanta agat sa seisiún teagaisc, cliceáil ar 'END' chun tús a chur leis an triail.

Sosanna agus deireadh a chur leis na trialacha:

Is ceart duit gach triail a chríochnú.
Is féidir go dtáirgfear sos roghnach ag pointe sonrach le linn na dtrialacha. Beidh am beacht an tsosa leagtha síos sa litir chuiridh.
Déan deimhin de nach gcuirfidh tú deireadh leis an sos de thaisme (trí 'END' a chliceáil) mar go gcuirfidh sin tús leis an gcéad triail eile.
Má imíonn tú as an seomra trialacha aon uair eile le linn na dtrialacha (sos gan choinne), ní thabharfar aon am breise duit mar chúiteamh air sin.
I gcás trialacha áirithe, féadfaidh tú imeacht roimh dheireadh na dtrialacha ach é a dhéanamh go ciúin agus tar éis duit an feitheoir a chur ar an eolas.
Ní mór duit síniú amach gach uair a imeoidh tú as an seomra trialacha agus síniú isteach gach uair a fhillfidh tú.

Suirbhé:

I ndeireadh na dtrialacha (ach amháin i gcás thriail an bhosca isteach ríomhphoist), iarrfar ort suirbhé 5 nóiméad a líonadh isteach faoi conas a bhí an t-ionad trialacha agat. Ní ceart an suirbhé sin a úsáid chun tuairimí a thabhairt faoi cheisteanna teicniúla nó chun neodrú ceisteanna a iarraidh (féach na 'ceisteanna coitianta' ábhartha). Ní thugtar marc don suirbhé sin.

I ndiaidh na dtrialacha:

Féadfaidh tú deimhniú láithreachta a iarraidh san ionad trialacha i ndeireadh na dtrialacha.
Ní thugtar torthaí na dtrialacha san ionad trialacha.
I ndiaidh dhúnadh na fuinneoige tástála próiseálann Prometric na torthaí, seoltar chuig EPSO iad agus faomhann an Bord Roghnúcháin iad ag cruinniú lena aghaidh sin. Maireann an próiseas sin roinnt seachtainí de ghnáth.
Is féidir go bhfadófar tréimhse na dtrialacha más gá.