Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An aisíocfar na costais taistil?

Ní dhéanfaidh EPSO aon ranníocaíocht i leith aon speansas taistil a bhí ort de thoradh páirt a ghlacadh in aon triail ar ríomhaire ná in aon réamhtriail ná in aon triail idirmheánach (i.e. trialacha ceisteanna ilrogha, cleachtaí an bhosca isteach ríomhphoist agus trialacha aistriúcháin).

Na hiarrthóirí dá dtabharfar cuireadh cás-staidéar nó triail scríofa a dhéanamh sa réimse agus a bhfuil seoladh cónaithe acu i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, beidh siad i dteideal ranníocaíocht a éileamh i leith a gcostas taistil, más cuid den ionad measúnaithe iad na trialacha sin (féach an fógra comórtais atá i gceist).

Nuair a ghlacann tú páirt sna trialacha san ionad measúnaithe is féidir leat, má tá tú incháilithe, cur isteach ar ranníocaíocht i leith do speansais taistil, ach ní bheidh aisíocaíocht na speansas uile a bhí le seasamh agat le fáil (Airteagal 2). Ina theannta sin, maidir le costais chothaithe, ní dhéanfar aon ranníocaíocht ach amháin má dhéantar na trialacha éagsúla ag an ionad measúnaithe thar dhá lá as a chéile, nó má tá trí lá ar a mhéad eatarthu (Airteagal 6). Ní bhfaighidh tú aon ranníocaíocht i leith na gcostas cóiríochta don oíche roimh an ionad measúnaithe ná don oíche ina dhiaidh i gcomhréir leis na rialacha thíos:

Tábhachtach:  Tabhair do d’aire go bhfuil 3 mhí agat ó dháta do thrialach chun an t-iarratas iomlán ar ranníocaíocht i leith speansas taistil/cothaithe a sheoladh isteach.

De ghnáth, is é an seoladh cónaithe atá tugtha i do chuntas EPSO a úsáidfear chun an ranníocaíocht sin a ríomh.

Má tá tú incháilithe:

  •  líon isteach na doiciméid (‘Foirm an eintitis dhlítheanaigh’ (roghnaigh ‘Natural person’ [Duine nádúrtha]) agus ‘An fhoirm aitheantais airgeadais’);
  •  déan iad a phriontáil agus a shíniú;
  •  iarr ar do bhanc an fhoirm 'Financial Identification' a stampáil;
  •  déan an ‘fhoirm um iarratas ar aisíocaíocht’ a phriontáil, a líonadh isteach agus a shíniú;
  •  seol na foirmeacha thuasluaite mar aon le cóip de do chárta aitheantais nó de do phas agus cruthúnas ar an taisteal agus/nó an lóistín chuig:

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
Speansas taistil iarrthóirí
L-107
B-1049 an Bhruiséil
An Bheilg

Tá tuilleadh eolais faoi conas iarratas a dhéanamh ar ranníocaíocht i leith costas taistil agus/nó cothaithe le fáil sa fhreagra ar an gceist ghaolmhar seo.