Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad is Ionad Measúnaithe ann?

Is é is cuspóir don Ionad Measúnaithe measúnú a dhéanamh ar d’inniúlachtaí ginearálta agus/nó ar inniúlachtaí sonracha de do chuid trí ghníomhaíochtaí éagsúla a ndéanfaidh an bord roghnúcháin bailíochtú orthu: cás-staidéar, cur i láthair ó bhéal, agallamh struchtúrtha, agallamh sa réimse, triail inbhosca ríomhphoist, etc. Tá mionsonraí faoi na trialacha agus faoi theangacha na dtrialacha san fhógra comórtais. Tá tuilleadh eolais faoi na hinniúlachtaí ginearálta le fáil anseo.

Le linn gach cleachtaidh, déanfaidh dhá mheasúnóir oilte ar a laghad breathnóireacht/measúnú struchtúrtha ort. Beidh na torthaí deiridh bunaithe ar mheasúnú ar gach inniúlacht arna tástáil i gcleachtaí an Ionaid Measúnaithe.

Ar chúiseanna praiticiúla, d'fhéadfaí an cás-staidéar a dhéanamh in ionaid trialacha sna Ballstáit, ar leithligh ó thrialacha eile an Ionaid Measúnaithe.

Is iondúil go ndéanfar trialacha eile an Ionaid Measúnaithe ó chian. I gcás eisceachtúil, d’fhéadfadh sé gur sa Bhruiséil nó i Lucsamburg a dhéanfaí cuid áirithe de thrialacha an Ionaid Measúnaithe, ag an seoladh a chuirfí in iúl sa chuireadh.