Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad is cuntas EPSO ann?

Question categories:

Is éard is cuntas EPSO ann taifead leictreonach de do shonraí pearsanta agus de na hiarratais uile a rinne tú ar phróiseas roghnúcháin EPSO. Tá nasc díreach chun cuntas EPSO a chruthú nó chun logáil isteach ar gach leathanach de shuíomh gréasáin EPSO.

Lena chois sin, úsáideann EPSO an cuntas sin chun teachtaireachtaí a chur chuig iarrthóirí. Dá bhrí sin, ba cheart duit féachaint ar do chuntas EPSO gach trí lá féilire.

Sula ndéanfaidh tú iarratas, iarrfar ort cuntas EPSO a chruthú, mura bhfuil ceann agat cheana.

Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ba cheart duit é a úsáid le haghaidh na bpróiseas roghnúcháin uile. Tá cosc ar níos mó ná aon chuntas amháin EPSO a bheith agat agus is féidir thú a dhícháiliú ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin má tá níos mó ná cuntas amháin agat. Déan teagmháil linn má tá amhras ort faoin gceist seo.

Chun do chuntas a chruthú, níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc ‘Cruthaigh do chuntas EPSO’ agus an t-eolas ar fad is gá a chur isteach.

Ní mór do chuid sonraí pearsanta agus na sonraí i ndáil le rochtain ar do chuntas EPSO a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí.

Má fhaigheann EPSO amach ag aon chéim den phróiseas gur chruthaigh tú níos mó ná aon chuntas amháin, is féidir go ndícháileofar thú (féach na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte a ghabhann leis an bhFógra Comórtais).