Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An bhfuil tacaíocht ar fáil chun cabhrú liom mo chónaí a aistriú?

Nuair a gheobhaidh tú tairiscint ar phost agus tar éis duit glacadh léi, cabhróidh seirbhísí Acmhainní Daonna na n-institiúidí sa Bhruiséil agus i Lucsamburg leat do bhealach a dhéanamh agus socrú isteach. Go háirithe, beidh siad in ann cabhrú leat teacht ar lóistín (agus do léas a sheiceáil). Eagraítear Laethanta Eolais go rialta freisin le cabhrú le páirtithe na mball foirne nua socrú síos sa tír nua.

Tá scoileanna sármhaithe náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Is féidir leis na seirbhísí thuasluaite thú a chur i dteagmháil le naíonraí, grúpaí súgartha agus le háiseanna eile.