Cad a tharlóidh tar éis an Ionaid Measúnaithe?
Question categories:
Nuair a bheidh gnóthaí an Ionaid Measúnaithe thart, gheobhaidh tú aiseolas ón mbord roghnúcháin i bhfoirm pas inniúlachtaí, chomh maith le litir ina mbeidh do thorthaí foriomlána.
Is éard atá sa phas inniúlachtaí:
- cur síos ginearálta ar an gcreat inniúlachtaí;
- forléargas ar do bhuanna agus ar do laigí;
- cur síos ar na príomhthorthaí de réir inniúlachta;
- do thorthaí i ngach inniúlacht.
Chun críocha earcaíochta, beidh fáil ag ranna acmhainní daonna institiúidí an Aontais Eorpaigh ar phas inniúlachtaí na n-iarrthóirí ar éirigh leo.
Gheobhaidh na hiarrthóirí ar éirigh leo tuilleadh eolais ar an bpróiseas roghnúcháin.