Cén fáth a mbaineann EPSO úsáid as trialacha ilrogha ar ríomhaire?
Ní hé is príomhchuspóir do thrialacha réasúnaíochta EPSO an líon iarrthóirí a laghdú, ach cumas réasúnaíochta daoine ar mian leo bheith ag obair mar oifigeach de chuid an Aontais a mheas. Bunaithe ar staidéir eolaíochta seanbhunaithe atá na trialacha seo agus is iad is fearr chun feidhmíocht poist amach anseo a thuar (i gcomparáid le trialacha atá bunaithe ar eolas amháin). Cé nach bhfreagraíonn iarrthóirí sa chomórtas céanna na ceisteanna céanna, is ionann leibhéal deacrachta na dtrialacha a dhéanann gach iarrthóir agus, dá bharr sin, cinntítear go gcaitear go comhionann le gach duine. Dearbhaíodh bailíocht agus iontaofacht na dtrialacha ilrogha ar ríomhaire le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus dhearbhaigh an Chúirt sin freisin go gcomhlíonann na trialacha seo prionsabal na córa comhionainne. Lena chois sin, a bhuí leis na trialacha ar ríomhaire, is féidir le EPSO trialacha a eagrú do na mílte iarrthóirí san iliomad ionad in achar gairid ama (m.sh. 30,000 iarratasóir i dtréimhse 4 seachtaine) ar bhealach éifeachtach áisiúil, mar nach gá na trialacha a eagrú do na hiarrthóirí ar fad ar an dáta céanna ná ag an am céanna.