Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas na trialacha ar ríomhaire don chomórtas CAST Buan a athsceidealú?

Question categories:

Le linn na tréimhse déanta coinní agus na tréimhse trialacha, is féidir an choinne le haghaidh triail ceisteanna ilrogha a athsceidealú ach an t-am atá á lorg a bheith ar fáil, agus ar na coinníollacha seo a leanas:

  • i dtús báire, is ceart fanacht go dtí go n-uaslódálfar an deimhniú coinne ar do chuntas EPSO (faoi cheann 24 uair an chloig ón am a rinneadh an choinne, de ghnáth), mar is ann a bheidh an nasc, an uimhir dheimhniúcháin agus an cód a bheidh de dhíth ort chun an choinne a athsceidealú;
  • is féidir an choinne a rinneadh roimhe a athsceidealú tráth ar bith go dtí an lá roimh an gcoinne;
  • Is le linn na tréimhse trialacha céanna agus as na hamanna a bheidh léirithe sa chóras amháin is féidir coinne nua a roghnú;
  • ní mór an nós imeachta athsceidealaithe a dhéanamh ina iomláine, go dtí an scáileán deireanach (mura ndéanfar ina iomláine é, beidh an chéad choinne bailí fós);

Cúinsí eisceachtúla

Ar chúinsí eisceachtúla (e.g. tinneas tromchúiseach, breith linbh, bás céile, duine clainne, tuismitheora, dearthár nó deirféar), d'fhéadfadh sé go gceadódh EPSO athsceidealú a dhéanamh (ach an t-am atá á iarraidh a bheith ar fáil).

Is ceart duit dul i dteagmháil le EPSO gan mhoill, agus d'uimhir iarratasóra agus gach doiciméad fianaise a bhaineann le hábhar a chur leis an teachtaireacht, e.g. teastas dochtúra, nach mór dó dáta na coinne a chumhdach.

Ní féidir, ar chúinse ar bith (cúinsí eisceachtúla san áireamh), athsceidealú a iarraidh ó thréimhse trialacha amháin go ceann eile. Ní fhéadfar a iarraidh ort triail a chur in áirithe athuair i dtréimhse trialacha eile ach amháin má dhéanann aon seirbhís earcaíochta tú a réamhroghnú arís.

Cuirfear ar an eolas thú a luaithe a dhéanfar cinneadh faoin athsceidealú; ach féach nach gcuirfear san áireamh ach cúinsí atá eisceachtúil go fírinneach agus a gcuirfear cruthúnas orthu ar fáil.