Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén chaoi is féidir liom cead a thabhairt d’údaráis mo Bhallstáit cúnamh a thairiscint dom le hullmhú don phróisis roghnúcháin agus earcaíochta?

Question categories:

Na hiarrthóirí i gcomórtais EPSO, is féidir leo a roghnú a gcuid sonraí teagmhála a nochtadh d’údaráis náisiúnta a mBallstáit, le go mbeidh na húdaráis sin in ann dul i dteagmháil leo chun tacaíocht agus cabhair a thairiscint dóibh le haghaidh an phróisis roghnúcháin agus earcaíochta (amhail oiliúint, seisiúin eolais, foilseacháin, etc.).

Déanann iarrthóirí an rogha sin nuair a chuireann siad isteach ar chomórtas, trína a chomhaontú nó a easaontú a chur in iúl, sa roinn ábhartha den fhoirm iarratais leictreonach. Níl an comhaontú ná an t-easaontú sin bailí ach i dtaca leis an gcomórtas ar tugadh dó é agus, dá bhrí sin, ní mór é a chur in iúl gach uair a chuirtear iarratas nua isteach.

Trí fhreagra dearfach a thabhairt ar an gceist ábhartha ar an bhfoirm iarratais, tugann tú do thoiliú doshéanta do EPSO d'ainm agus do shloinne, do sheoladh ríomhphoist agus an tagairt don chomórtas a bhfuil tú ag cur isteach air a aistriú go dtí údaráis náisiúnta an Bhallstáit ar saoránach de thú. Is é cuspóir an aistrithe sonraí sin go mbeidh údaráis náisiúnta do Bhallstáit/do Bhallstát in ann dul i dteagmháil leat d’fhonn cúnamh a thairiscint duit sa phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta i gcomhthéacs an chomórtais a bhfuil tú ag cur isteach air.

Is le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 9 de, a rialaítear aistriú do chuid sonraí pearsanta chuig údaráis náisiúnta do Bhallstát/do Bhallstáit.

Trí fhreagra dearfach a thabhairt ar an gceist ábhartha ar an bhfoirm iarratais, tugann tú do thoiliú doshéanta freisin d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit ar saoránach de thú do chuid sonraí pearsanta thuasluaite a phróiseáil, chun críche cúnamh a thairiscint duit sa phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta i gcomhthéacs an chomórtais a bhfuil tú ag cur isteach air. Tá an t-údarú ag d’údaráis náisiúnta do chuid sonraí a phróiseáil fad agus a bheidh tú páirteach sa chomórtas i gceist, nó go dtí go ndúnfar painéal an chomórtais má tá d’ainm féin luaite air, nó go dtí go dtarraingeoidh tú siar do thoiliú do shonraí a phróiseáil.

Is le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), a rialaítear próiseáil do chuid sonraí pearsanta ag d’údaráis náisiúnta.

Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith, trí iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuige sin le do Bhallstát. Mar sin féin, tabhair an méid seo a leanas do d’aire: má chinneann tú do thoiliú a tharraingt siar tar éis do EPSO do chuid sonraí a aistriú chuig do Bhallstát, ní dhéanfaidh sin ach cosc a chur ar d’údaráis náisiúnta tuilleadh próiseála a dhéanamh ar do chuid sonraí, ach ní dhéanfaidh sé difear do dhlíthiúlacht próiseála sonraí a rinneadh roimhe sin bunaithe ar do thoiliú a fháil sular tarraingíodh siar é.

Ní thabharfar le tuiscint as toiliú a thabhairt do EPSO do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig d’údaráis náisiúnta go bhfuil aon oibleagáid ort glacadh le haon tairiscint chúnta a d’fhéadfadh na húdaráis sin a chur faoi do bhráid.

Ní thabharfar le tuiscint as toiliú a thabhairt do EPSO do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig d’údaráis náisiúnta go bhfuil aon oibleagáid ar na húdaráis sin dul i dteagmháil leat, nó cúnamh a thairiscint duit; is faoin mBallstát ar saoránach de thú, agus faoisean amháin atá sé an méid sin a dhéanamh.