Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad iad na nósanna próisis bhreise ar cheart dom a bheith ag dréim leo má earcaítear mé sa Choimisiún Eorpach i bpost ina mbeinn ag plé le faisnéis íogair agus faisnéis rúnaicmithe?

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Chinneadh 2015/444 [1] ón gCoimisiún, ní mór leibhéal iomchuí an údaraithe slándála (“EU SECRET”) a bheith ag gach ball foirne den Choimisiún Eorpach a bhíonn ag láimhseáil faisnéis íogair agus faisnéis rúnaicmithe lena mbaineann ardleibhéal rúndachta (faisnéis rúnaicmithe AE).

Ós rud é go mbíonn an Coimisiún ag láimhseáil faisnéis íogair agus faisnéis rúnaicmithe lena mbaineann ardleibhéal rúndachta go tráthrialta, baineann sé go dlúth le leas na seirbhíse go mbeidh an t-imréiteach slándála iomchuí ag an leibhéal ábhartha (“EU SECRET”) ag na baill foirne sin nach mór dóibh rochtain a bheith acu ar fhaisnéis íogair agus ar fhaisnéis rúnaicmithe mar gheall ar na dualgais atá orthu.

Dá thoradh sin, is féidir go n-iarrfar ar na hiarrthóirí ar éirigh leo i gcomórtas, mar réamhchoinníoll earcaíochta i gcás poist áirithe sa Choimisiún Eorpach, dul faoin bpróiseas imréitigh slándála atá leagtha amach sa Chinneadh. Léireofar go soiléir aon réamhchoinníollacha den sórt sin san fhógra folúntais maidir leis an bpost lena mbaineann. Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo, beidh siad ullmhaithe chun dul faoin bpróiseas imréitigh sin.

Is é an t-údarás náisiúnta inniúil i mBallstát náisiúntacht na n-iarrthóirí a chuirfidh an próiseas imréitigh slándála i gcrích. Is mór idir na próisis sin i mBallstáit éagsúla in amanna. Moltar d’iarrathóirí iad féin a chur ar an eolas faoin bpróiseas sin sula gcuirfidh siad isteach a n-iarratas ar an gcomórtas seo.


[1] Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).