- Sula dtosóidh tú ar d’iarratas, déan deimhin de go bhfuil na sonraí uile i do chuntas EPSO cothrom le dáta.
- Ní mór duit an Fógra Comórtais/Glao ar Léiriú Spéise agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte/Na Rialacha Ginearálta maidir le Roghnú Gníomhairí ar Conradh a léamh chun a chinntiú go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta uile.
- A luaithe a bheidh an tréimhse chlárúcháin ar oscailt, beidh an nasc chun iarratas a dhéanamh le fáil ar shuíomh gréasáin EU Careers.
- Tabhair neart ama duit féin chun d’iarratas a chur i gcrích mar go dteastaíonn obair shuntasach ina leith. Is fútsa amháin atá sé an t-iarratas a bhailíochtú roimh an sprioc-am.
- Sula ndéanfaidh tú d’iarratas a bhailíochtú, seiceáil ábhar an iarratais, táb de réir táib, mar nach mbeidh tú in ann an t-iarratas a athrú a thuilleadh nuair a bheidh an t-iarratas bailíochtaithe.
- Ní mór duit d’iarratas a chomhlánú sa teanga atá sonraithe san Fhógra/Glao.
- Tá roinnt foirmeacha iarratais ann nach bhfuil ar fáil ach i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis faoi láthair, féach ar an tábla seo chun teacht ar na lipéid/comhchodanna i dteangacha uile an Aontais.
- Luaigh aon socrú speisialta atá de dhíth ort le go mbeidh tú in ann na trialacha a dhéanamh. Tá eolas le fáil freisin ar shuíomh gréasáin EPSO. Déan teagmháil linn láithreach má bhíonn cabhair uait le d’iarratas ar líne.
- Moltar gan ach íontéacs (i.e. comhad dar críoch .txt), a ullmhaíodh le gnáthphróiseálaí focal (e.g. NotePad i gcás Windows, TextEdit i gcás Mac OS X) a ghreamú san fhoirm iarratais, chun spásanna nach bhfuil gá leo agus carachtair neamh-chomhoiriúnacha a sheachaint.
- Moltar duit gan na cnaipí ‘Siar’ agus ‘Ar aghaidh’ sa bhrabhsálaí a úsáid agus tú ag dul ó chuid go cuid den fhoirm iarratais i do chuntas EPSO (cuir i gcás chun teacht ar shonraí a thug tú in iarratas eile). Moltar cnaipí an tsuímh gréasáin a úsáid ina n-ionad.
- Tá na córais a úsáideann EPSO in oiriúint don chuid is mó de na brabhsálaithe idirlín is mó a úsáidtear. Má bhíonn deacracht agat molaimid duit triail a bhaint as brabhsálaí eile sula ndéanfaidh tú teagmháil linn. Ní mholtar gléasanna móibíleacha a úsáid chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
- A luaithe a chuirfidh tú tús le d’iarratas, gheobhaidh tú uimhir iarratais. Iarrtar ort an uimhir sin a lua i gcónaí i do chomhfhreagras le EPSO
- Iarrfar ar iarrthóirí ag céim níos déanaí den phróiseas roghnúcháin (an tráth céanna a thugtar an cuireadh chuig an Ionad Measúnaithe de ghnáth) doiciméid a thacaíonn lena ndearbhuithe a uaslódáil san fhoirm iarratais.
- Ceisteanna a chuirfear chuig Seirbhís Teagmhála EPSO d’Iarrthóirí le linn na laethanta deiridh den tréimhse iarratais, d’fhéadfadh sé nach bhfreagrófar iad roimh an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh.
Cad iad na treoracha is tábhachtaí maidir le hiarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin EPSO?
Conas a dhéanfar mo shonraí pearsanta a láimhseáil?
Sa ráiteas príobháideachais tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.
Trí chuntas EPSO a chruthú, aontaíonn na hiarrthóirí go gcloífidh siad leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir le cuntais EPSO (aon chuntas EPSO amháin a chruthú).
Ar cheart dom na cáilíochtaí/dioplómaí uile atá agam a lua san fhoirm iarratais?
Ba cheart, tá sé éigeantach do chuid cáilíochtaí/dioplómaí uile a lua san fhoirm iarratais.
Tá an méid seo ráite i bPointe 1 den “dearbhú” san iarratas agat: "Dearbhaím ar m'fhocal go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé san iarratas seo fíor agus iomlán." Mura gcloí tú leis an bhforáil sin is féidir go gcuirfear as an bpróiseas roghnúcháin tú.
Cén chaoi is féidir liom cead a thabhairt d’údaráis mo Bhallstáit cúnamh a thairiscint dom le hullmhú don phróisis roghnúcháin agus earcaíochta?
Na hiarrthóirí i gcomórtais EPSO, is féidir leo a roghnú a gcuid sonraí teagmhála a nochtadh d’údaráis náisiúnta a mBallstáit, le go mbeidh na húdaráis sin in ann dul i dteagmháil leo chun tacaíocht agus cabhair a thairiscint dóibh le haghaidh an phróisis roghnúcháin agus earcaíochta (amhail oiliúint, seisiúin eolais, foilseacháin, etc.).
Déanann iarrthóirí an rogha sin nuair a chuireann siad isteach ar chomórtas, trína a chomhaontú nó a easaontú a chur in iúl, sa roinn ábhartha den fhoirm iarratais leictreonach. Níl an comhaontú ná an t-easaontú sin bailí ach i dtaca leis an gcomórtas ar tugadh dó é agus, dá bhrí sin, ní mór é a chur in iúl gach uair a chuirtear iarratas nua isteach.
Trí fhreagra dearfach a thabhairt ar an gceist ábhartha ar an bhfoirm iarratais, tugann tú do thoiliú doshéanta do EPSO d'ainm agus do shloinne, do sheoladh ríomhphoist agus an tagairt don chomórtas a bhfuil tú ag cur isteach air a aistriú go dtí údaráis náisiúnta an Bhallstáit ar saoránach de thú. Is é cuspóir an aistrithe sonraí sin go mbeidh údaráis náisiúnta do Bhallstáit/do Bhallstát in ann dul i dteagmháil leat d’fhonn cúnamh a thairiscint duit sa phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta i gcomhthéacs an chomórtais a bhfuil tú ag cur isteach air.
Is le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 9 de, a rialaítear aistriú do chuid sonraí pearsanta chuig údaráis náisiúnta do Bhallstát/do Bhallstáit.
Trí fhreagra dearfach a thabhairt ar an gceist ábhartha ar an bhfoirm iarratais, tugann tú do thoiliú doshéanta freisin d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit ar saoránach de thú do chuid sonraí pearsanta thuasluaite a phróiseáil, chun críche cúnamh a thairiscint duit sa phróiseas roghnúcháin agus earcaíochta i gcomhthéacs an chomórtais a bhfuil tú ag cur isteach air. Tá an t-údarú ag d’údaráis náisiúnta do chuid sonraí a phróiseáil fad agus a bheidh tú páirteach sa chomórtas i gceist, nó go dtí go ndúnfar painéal an chomórtais má tá d’ainm féin luaite air, nó go dtí go dtarraingeoidh tú siar do thoiliú do shonraí a phróiseáil.
Is le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), a rialaítear próiseáil do chuid sonraí pearsanta ag d’údaráis náisiúnta.
Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith, trí iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuige sin le do Bhallstát. Mar sin féin, tabhair an méid seo a leanas do d’aire: má chinneann tú do thoiliú a tharraingt siar tar éis do EPSO do chuid sonraí a aistriú chuig do Bhallstát, ní dhéanfaidh sin ach cosc a chur ar d’údaráis náisiúnta tuilleadh próiseála a dhéanamh ar do chuid sonraí, ach ní dhéanfaidh sé difear do dhlíthiúlacht próiseála sonraí a rinneadh roimhe sin bunaithe ar do thoiliú a fháil sular tarraingíodh siar é.
Ní thabharfar le tuiscint as toiliú a thabhairt do EPSO do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig d’údaráis náisiúnta go bhfuil aon oibleagáid ort glacadh le haon tairiscint chúnta a d’fhéadfadh na húdaráis sin a chur faoi do bhráid.
Ní thabharfar le tuiscint as toiliú a thabhairt do EPSO do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig d’údaráis náisiúnta go bhfuil aon oibleagáid ar na húdaráis sin dul i dteagmháil leat, nó cúnamh a thairiscint duit; is faoin mBallstát ar saoránach de thú, agus faoisean amháin atá sé an méid sin a dhéanamh.
Cé na saghsanna ceisteanna ar chóir coinne a bheith agam leo sa Scagthóir Buanna (Talent Screener)?
Cuirtear béim sna ceisteanna ar ghnéithe éagsúla den thaithí oibre agus de na cáilíochtaí a iarrtar, de réir riachtanais reatha earcaíochta na n-institiúidí.
Is é is dóichí go n-iarrfar ort cur síos a thabhairt ort féin ó thaobh oideachais, oiliúna agus taithí oibre, a fhad a bhaineann na nithe sin leis an gceist. Is féidir go n-iarrfar ort blúirí éagsúla eolais a thabhairt, e.g. ainmneacha fostóirí a bhí agat, cur síos ar phoist, dátaí tosaigh agus deiridh fostaíochta, an sciar de do chuid ama ba ghnách leat caitheamh ar chúraimí ar leith.
Conas a fhreagraítear na ceisteanna sa Scagthóir Buanna (Talent Screener)?
I gcás gach ceiste, ní mór freagra a thabhairt trí chliceáil ar “yes” nó “no”.
Más é “yes” an freagra a thugann tú, ní mór focheist a fhreagairt.
Más é “nó” an freagra a thugann tú, gabhann tú chuig an gcéad cheist eile.
Cé mhéad iarrthóir a rachaidh ar aghaidh ó chéim an Scagthóra Buanna (Talent Screener)?
Luaitear san Fhógra Comórtais cé mhéad iarrthóir a dtabharfar cuireadh dóibh chun na chéad chéime eile den chomórtas. Trí oiread, ar a mhéad, líon na n-iarrthóirí atá á lorg don phainéal, is iondúil gurb é sin an líon a bhíonn i gceist.
Cén tábhacht atá leis an marc a fuair mé?
Chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas, ní mór duit a bheith i measc na n-iarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna is airde.
Conas a chinneann an Bord Roghnúcháin cé mhéad marc atá le tabhairt i leith gach freagra sa scagthóir buanna (Talent Screener)?
Sula gcuirtear tús leis an bpróiseas roghnúcháin, leagtar síos critéir mheastóireachta oibiachtúla i gcomhréir leis an bhfógra comórtais.
Léiríonn an mharcáil breithiúnas an Bhoird Roghnúcháin maidir lena fheabhas a chomhlíonann an t-eolas a chuir tú i d'iarratas na critéir atá sa bhileog meastóireachta.
An scrúdóidh an Bord Roghnúcháin m’iarratas ina iomláine agus marcanna á dtabhairt ar bhonn an eolais a thug mé ag céim an scagthóra buanna (Talent Screener)?
Ní scrúdóidh. Is ar bhonn na bhfreagraí a thug tú sa chluaisín Talent Screener, AGUS AR BHONN NA bhFREAGRAÍ SIN AMHÁIN, a dhéantar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí.
Ní bhreathnóidh an Bord Roghnúcháin ar aon eolas eile a thug tú i d'iarratas.
Conas a fhéachtar chuige go gcaitear go comhionann le gach iarrthóir?
Sula gcuirtear tús leis an bpróiseas roghnúcháin, leagtar síos critéir mheastóireachta oibiachtúla i gcomhréir leis an bhfógra comórtais. Cuirtear na critéir sin i bhfeidhm go dian maidir le gach iarrthóir d'fhonn a chinntiú go gcaitear go comhionann le gach aon duine.
Cé dó a dtugtar cuireadh chun na chéad chéime eile den chomórtas?
Ní féidir ach líon áirithe iarrthóirí dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile agus, ar an ábhar sin, ní thugtar cuireadh ach dóibh siúd a bhfuil na marcanna is airde acu. Bíonn marc atá cothrom leis an tairseach, nó os a chionn, ag na hiarrthóirí sin.
Tiomsaíonn an Bord Roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí ar éirigh leo. Bíonn an liosta sin in ord íslitheach de réir na marcanna atá ag na hiarrthóirí.
Conas a chinntear an tairseach?
I dtosach, déantar marcanna na n-iarrthóirí a rangú in ord íslitheach. Ansin roghnaíonn an Bord na hiarrthóirí is airde ar an liosta ar féidir cuireadh chun na chéad chéime eile den chomórtas a thabhairt dóibh (féach an cheist: "cé mhéad iarrthóir a rachaidh ar aghaidh ó chéim an scagthóra buanna (Talent Screener) go dtí an chéad chéim eile?") Is é an tairseach an marc atá ag an iarrthóir atá ag bun an liosta seo.
Cé chomh mionsonraithe is gá na freagraí a bheith sa Scagthóir Buanna agus cá fhad a thógfaidh sé orm an próiseas a chríochnú?
Déan deimhin de go mbeidh do dhóthain ama agat an t-eolas ar fad a thabhairt i roinn an Scagthóra Buanna (Talent Screener) a theastóidh ón mBord Roghnúchán agus d’iarratas á mheas. Tabhair an t-eolas is gá chun go mbeidh sé soiléir ag an mbord roghnúcháin go gcomhlíonann tú critéir na próifíle atá á lorg. Má chuireann tú na critéir sin san áireamh agus do chuid freagraí á ndréachtú agat don Scagthóir Buanna, beidh an chuid sin de d’iarratas níos ábhartha agus beidh sé níos fusa í a mheas.
Déan do mhachnamh ar gach ceist agus freagair í dá réir. Is é is dóichí go n-iarrfar ort cur síos a thabhairt ort féin ó thaobh oideachais, oiliúna agus taithí oibre, a fhad a bhaineann na nithe sin leis an gceist. Is féidir go n-iarrfar ort blúirí éagsúla eolais a thabhairt, e.g. ainmneacha fostóirí a bhí agat, cur síos ar phoist, dátaí tosaigh agus deiridh fostaíochta, an sciar de do chuid ama ba ghnách leat caitheamh ar chúraimí ar leith.
Tabharfaidh an Bord marcanna duit bunaithe ar ábharthacht, fad, agus líon na gcúraimí a bhí ort agus ar an leibhéal freagrachta a bhí ort.
Cad é an t-ualú atá ag na critéir sa Scagthóir Buanna (Talent Screener)?
Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar nó ceist, agus léireoidh an t-ualú sin tábhacht an chritéir nó na ceiste sin le hais critéar agus ceisteanna eile.
Cén córas marcála a úsáidtear don Scagthóir Buanna (Talent Screener)?
Tabharfar marc idir 0 agus 4 phointe do gach ceann d’fhreagraí na n-iarrthóirí.
Ansin déantar na pointí a tugadh a iolrú faoin ‘ualú’ agus ansin suimítear na pointí chun teacht ar mharc. Cuirtear marcanna na n-iarrthóirí ar fad in ord ansin chun a dhéanamh amach cé hiad na hiarrthóirí is fearr a bhfuil a bpróifíl in oiriúint do dhualgas an phoist.
Conas a chinntear ar na critéir roghnúcháin?
Is ar bhonn na scileanna a theastaíonn do na poist atá le líonadh agus leas na seirbhíse earcaíochta a chinntear ar na critéir roghnúcháin.
Ina dhiaidh sin ionchorpraítear sa Scagthóir Buanna (Talent Screener) iad mar shraith ceisteanna.
Cad é an ‘Scagthóir Buanna’ (Talent Screener) agus conas a oibríonn sé?
Tá an Scagthóir Buanna ceaptha cuidiú le bord roghnúcháin na sainchomórtas na hiarrthóirí sin a aithint is fearr a bhfuil a bpróifíl in oiriúint do dhualgais an phoist agus do na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra comórtais.
Tá sraith ceisteanna le freagairt i roinn an Scagthóra Buanna den fhoirm iarratais. Is ar na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais atá na ceisteanna sin bunaithe; déanann an bord roghnúcháin measúnú ar na freagraí a thugtar ar na ceisteanna sin.
Caithfidh gach iarrthóir sa chomórtas céanna na ceisteanna céanna a fhreagairt. Dá bharr sin, cuirtear freagraí gach iarrthóra i láthair an bhoird roghnúcháin laistigh den chreat céanna, rud a chuidíonn leis an mbord measúnú grinn oibiachtúil comparáideach a dhéanamh ar bhuanna na n-iarrthóirí ar fad.
Déanann an bord deimhin de go bhfuil an measúnú oibiachtúil trí na critéir roghnúcháin chéanna a chur i bhfeidhm i leith gach iarrthóir atá istigh sa chuid chéanna den chomórtas céanna.
Nílim in ann cuntas EPSO a chruthú, nó nílim in ann an cuntas EPSO atá agam a rochtain ná a úsáid i gceart leis na huirlisí cúnaimh theicniúil atá agam, uirlisí a úsáidim i ngeall ar an míchumas atá ag gabháil dom. Cad is ceart dom a dhéanamh?
Is mór ag EPSO an inrochtaineacht. Bímid ag síorfhéachaint le feabhas a chur ar an dóigh a ndéanaimid cumarsáid agus ar ár próisis roghnúcháin.
Ach más amhlaidh a bhíonn deacrachtaí agat a bhaineann le do chuntas EPSO nó le suíomh gréasáin EPSO a rochtain, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach agus na deacrachtaí a mhíniú dúinn agus do chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl dúinn.
Má tá tuilleadh eolais uait faoin obair a dhéanann EPSO chun a chuid seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana féach an leathanach gréasáin faoi comhdheiseanna atá againn.
Tá deacrachtaí agam leis an bhfoirm iarratais. Cad is ceart dom a dhéanamh?
Tá na córais a úsáideann EPSO in oiriúint don chuid is mó de na brabhsálaithe idirlín is mó a úsáidtear. Má bhíonn deacracht agat molaimid duit triail a bhaint as brabhsálaí eile sula ndéanfaidh tú teagmháil linn. Ní mholtar gléasanna móibíleacha a úsáid chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
Moltar duit gan na cnaipí ‘Siar’ agus ‘Ar aghaidh’ sa bhrabhsálaí a úsáid agus tú ag dul ó chuid go cuid den fhoirm iarratais i do chuntas EPSO (cuir i gcás chun teacht ar shonraí a thug tú in iarratas eile). Moltar cnaipí an tsuímh gréasáin a úsáid (e.g. ‘Siar go dtí mo chuntas’).
Moltar gan ach íontéacs (i.e. comhad dar críoch .txt), a ullmhaíodh le gnáthphróiseálaí focal (e.g. NotePad i gcás Windows, TextEdit i gcás Mac OS X) a ghreamú san fhoirm iarratais, chun spásanna nach bhfuil gá leo agus carachtair neamh-chomhoiriúnacha a sheachaint.
Mura féidir leat d'iarratas a bhailíochtú, ba cheart duit an chlib ‘Overview’ i d’iarratas a sheiceáil. An t-eolas atá faoi chló dearg, tá sé ar iarraidh nó earráideach.
Má bhíonn fadhbanna leanúnacha agat, ba cheart duit dul i dteagmháil le Seirbhís Teagmhála EPSO d'Iarrthóirí láithreach nó, ar a laghad, i bhfad roimh an sprioc-am ó tharla nach féidir linn gealltanas a thabhairt go bhfaighidh tú freagra ar do cheist má sheoltar í níos lú ná 5 lá roimh an sprioc-am. Tabhair do d'aire nach gcuirfear iarratais nach ndearnadh faoin sprioc-am san áireamh.
Cén áit a bhfuil an fhoirm iarratais le fáil?
Ní mór iarratas a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin EU Careers.
Logáil amach as do chuntas EPSO sula gcliceálfaidh tú ar an gcnaipe "Apply". Iarrfar ort logáil isteach arís ar an gcéad leathanach eile.
An féidir liom úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais atá sa bhunachar sonraí ar líne EU CV nó as na hiarratais a rinne mé roimhe seo le EPSO?
Ní féidir. Ní mór iarratas nua a chruthú agus a chur isteach trí do chuntas EPSO le haghaidh gach próisis roghnúcháin ar mian leat iarratas a dhéanamh air.
An féidir liom cur isteach ar níos mó ná ceann amháin de na próisis roghnúcháin, próifílí nó grúpaí feidhme iomadúla?
Is féidir. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar aon phróisis roghnúcháin a bhfuil tú incháilithe ina leith mura bhfuil a mhalairt ráite san fhógra nó sa ghlao. Tabhair do d'aire gur féidir go mbeidh ort iarratas ar leith a chur isteach do gach próifíl nó gach grúpa feidhme freisin.
Cén sprioc-am atá leis an gclárú?
Beidh an sprioc-am luaite go soiléir ar gach fógra nó glao agus ar shuíomh gréasáin EPSO.
Ar cheart dom mo chuid dioplómaí agus doiciméid eile a bhaineann leis an taithí oibre atá agam a chur isteach?
Ní gá aon doiciméid tacaíochta a chur isteach nuair a dhéanfaidh tú d’iarratas.
Iarrfar ort cóipeanna de do chuid doiciméad tacaíochta, dioplómaí agus teastas a chur ar fáil ag céim níos faide ar aghaidh den phróiseas roghnúcháin chun a léiriú go bhfuil tú incháilithe.
Conas a dhéantar iarratas?
Déan iarratas ar líne ar cheann de na próisis roghnúcháin a foilsíodh ar shuíomh gréasáin EPSO. Ní mór cuntas EPSO a bheith agat chun gur féidir leat iarratas a dhéanamh. Ní chuirfear iarratais gan choinne san áireamh.