Iarrthóirí i bpróisis roghnúcháin le haghaidh gníomhairí ar conradh (CAST/P), níor cheart dóibh na doiciméid tacaíochta a nascadh lena n-iarratas CAST/P. Iarrfar ar na hiarrthóirí a gcuid doiciméad tacaíochta a chur ar fáil do na seirbhísí earcaíochta, go hiondúil ag céim an agallaimh.
Cén fáth nach féidir liom mo chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil chuig iarratas CAST/P?
Cá bhfuil tuilleadh eolais le fáil faoi choinníollacha oibre gníomhairí ar conradh?
Sna Rialacháin Foirne tá tuilleadh eolais faoi choinníollacha fostaíochta, mar aon leis an eolas is déanaí faoi thuarastal oifigeach agus gníomhairí ar conradh (nuashonrú bliantúil is infheidhme ón 14.12.2022).
Tá tuilleadh eolais faoi choinníollacha fostaíochta sa Choimisiún Eorpach le fáil freisin i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile.
Táim faoi mhíchumas nó i riocht sláinte a fhágann gur gá socruithe speisialta a dhéanamh i dtaca leis na trialacha roghnúcháin le haghaidh an phróisis roghnúcháin CAST/Buan. Cad is ceart dom a dhéanamh?
Is féidir leat socruithe speisialta a iarraidh i dtaca le trialacha roghnúcháin le haghaidh an phróisis roghnúcháin CAST/Buan ar d’fhoirm iarratais ach tic a chur sa bhosca ‘socruithe speisialta’. Beidh ort foirm a líonadh isteach freisin agus eolas mionsonraithe a chur uirthi i dtaca le do riachtanais speisialta, agus doiciméid tacaíochta ábhartha a chur chugainn chomh maith.
Má dheonaítear socruithe réasúnta duit le haghaidh na dtrialacha ar ríomhaire, cuirfear ar an eolas thú faoi na sonraí sin roimh dháta na dtrialacha. I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh roinnt ama de dhíth orainn chun na socruithe is gá a shainiú agus a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, b'fhéidir go n-iarrfaí ort na trialacha a dhéanamh sa chéad tréimhse trialacha eile. Más mar sin atá, cuirfimid ar an eolas thú faoi chomh luath agus is féidir.
Déanfaidh EPSO deimhin de go dtabharfar cuireadh do na hiarrthóirí uile atá réamhroghnaithe (atá ar ghearrliosta) agus go gcuirfear trialacha orthu faoi na dálaí is fearr is féidir.
Tabhair do d’aire go ndéanann na seirbhísí earcaíochta trialacha eile, na hagallaimh, mar shampla, a eagrú, ar bhonn díreach. Má theastaíonn socruithe speisialta uait ag céim na dtrialacha earcaíochta, is ceart duit na hearcaitheoirí a chur ar an eolas faoi chomh luath agus a bheidh cuireadh faighte agat chuig na trialacha earcaíochta. Tabhair do d'aire nach roinnfidh EPSO aon fhaisnéis faoin riocht ina bhfuil tú ná faoi do chuid riachtanas speisialta, leis na hearcaitheoirí.
An féidir liom níos mó ná aon iarratas amháin a chruthú chun cur isteach ar an bpróifíl ‘aistritheoirí’ CAST Buan?
Ní cheadaítear níos mó ná aon iarratas amháin a chruthú le haghaidh aon phróifíl amháin, fiú amháin i gcás sprioctheangacha éagsúla.
Is féidir leat gach teanga atá agat a dhearbhú faoi 'Scileanna Teanga' i d'fhoirm iarratais má tá eolas feidhmiúil agat ar níos mó ná dhá theanga oifigiúla. Beidh na seirbhísí earcaíochta in ann teacht ar d’iarratas de réir a riachtanas teanga sonrach féin.
Conas a dhéanfar mo chuid eolais ar theangacha a thástáil le haghaidh na próifíle “aistritheoirí” CAST Buan?
Is mar seo a leanas a dhéanfaidh EPSO d'eolas ar theangacha a mheas:
- Déanfar an teanga a roghnóidh tú mar theanga 1(T1) as 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, a thástáil le trialacha réasúnaíochta, briathartha, uimhriúla agus teibí i bhfoirm ceisteanna ilrogha ar ríomhaire. Ní mór eolas ar leibhéal C1 ar a laghad a bheith agat ar T1 (úsáideoir cumasach).
- An teanga a roghnóidh tú mar theanga 2 (T2) as trí theanga mar atá, an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis (ach ní féidir teanga 1 a roghnú mar theanga 2 freisin) déanfar í a thástáil le triail tuisceana teanga i bhfoirm ceisteanna ilrogha ar ríomhaire. Ní mór eolas ar leibhéal B2 ar a laghad a bheith agat ar T2 (úsáideoir neamhspleách).
Tá tuilleadh eolais faoi na trialacha thuas foilsithe ar an leathanach trialacha samplacha.
Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta trialacha breise, amhail trialacha aistriúcháin a eagrú.
Conas na trialacha ar ríomhaire don chomórtas CAST Buan a athsceidealú?
Le linn na tréimhse déanta coinní agus na tréimhse trialacha, is féidir an choinne le haghaidh triail ceisteanna ilrogha a athsceidealú ach an t-am atá á lorg a bheith ar fáil, agus ar na coinníollacha seo a leanas:
- i dtús báire, is ceart fanacht go dtí go n-uaslódálfar an deimhniú coinne ar do chuntas EPSO (faoi cheann 24 uair an chloig ón am a rinneadh an choinne, de ghnáth), mar is ann a bheidh an nasc, an uimhir dheimhniúcháin agus an cód a bheidh de dhíth ort chun an choinne a athsceidealú;
- is féidir an choinne a rinneadh roimhe a athsceidealú tráth ar bith go dtí an lá roimh an gcoinne;
- Is le linn na tréimhse trialacha céanna agus as na hamanna a bheidh léirithe sa chóras amháin is féidir coinne nua a roghnú;
- is féidir an t-ionad trialacha a athrú (ach an áit a bheith ar fáil);
- ní mór an nós imeachta athsceidealaithe a dhéanamh ina iomláine, go dtí an scáileán deireanach (mura ndéanfar ina iomláine é, beidh an chéad choinne bailí fós);
- ní mór duit an deimhniú coinne uasdátaithe a phriontáil agus a thabhairt leat go dtí an t‑ionad trialacha.
Féach anseo na seatanna scáileáin de chéimeanna an nóis imeachta maidir le hathsceidealú.
Cúinsí eisceachtúla
Ar chúinsí eisceachtúla (e.g. tinneas tromchúiseach, breith linbh, bás céile, duine clainne, tuismitheora, dearthár nó deirféar), d'fhéadfadh sé go gceadódh EPSO athsceidealú a dhéanamh (ach an t-am atá á iarraidh a bheith ar fáil).
Is ceart duit dul i dteagmháil le EPSO gan mhoill, agus d'uimhir iarratasóra agus gach doiciméad fianaise a bhaineann le hábhar a chur leis an teachtaireacht, e.g. teastas dochtúra, nach mór dó dáta na coinne a chumhdach.
Ní féidir, ar chúinse ar bith (cúinsí eisceachtúla san áireamh), athsceidealú a iarraidh ó thréimhse trialacha amháin go ceann eile. Ní fhéadfar a iarraidh ort triail a chur in áirithe athuair i dtréimhse trialacha eile ach amháin má dhéanann aon seirbhís earcaíochta tú a réamhroghnú arís.
Cuirfear ar an eolas thú a luaithe a dhéanfar cinneadh faoin athsceidealú, ach féach nach gcuirfear san áireamh ach cúinsí atá eisceachtúil go fírinneach agus a gcuirfear cruthúnas orthu ar fáil.
Bhain fadhb le ceann de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire i dtriail le haghaidh CAST Buan, cad is féidir liom a dhéanamh?
Má tá amhras mór ort faoin méid atá i gceann de na ceisteanna i dtriail, déan teagmháil leis an tSeirbhís Teagmhála d’Iarrthóirí atá ag EPSO laistigh de 3 lá féilire i ndiaidh duit na trialacha a dhéanamh. Ní mór na cúinsí agus d'uimhir iarrthóra a thabhairt le fios go soiléir sa chomhfhreagras (féach an nós imeachta atá leagtha amach sa ghlao ar léiriú spéise).
Má tá mír áirithe ann nach bhfuil i gcomhréir le dianchritéir cháilíochta EPSO déanfar na bearta ceartaitheacha seo a leanas:
- Déanfar an mhír sin a cheartú nó a bhaint as an mbunachar sonraí;
- Féadfar bearta ceartaitheacha a dhéanamh i gcásanna ina bhfaighidh EPSO amach go ndearnadh díobháil d’iarrthóir.
Cad ba cheart dom a dhéanamh mura bhfuil spéis agam a thuilleadh i bpost a fháil?
Mura bhfuil spéis agat a thuilleadh i dtrialacha a dhéanamh agus/nó post a fháil a bhaineann le próifíl nó grúpa feidhme ar leith, níl le déanamh ach stad de bheith ag deimhniú trí do chuntas EPSO go bhfuil an spéis sin agat. Sé mhí i ndiaidh an deimhnithe dheireanaigh nó an nuashonraithe dheireanaigh ar d'iarratas le haghaidh na próifíle/an ghrúpa feidhme sin, bainfear é den liosta atá le feiceáil ag earcaitheoirí.
Fágfar an rogha agat d'iarratas a athghníomhachtú tráth ar bith amach anseo.
Cad ba cheart dom a dhéanamh más rud é go bhfuair mé cuireadh na trialacha a dhéanamh ach nach mian liom sin a thuilleadh?
Mura bhfuil tú ag iarraidh na trialacha a dhéanamh, ná déan coinne agus ní bheidh tú cláraithe don triail.
Má rinne tú coinne cheana féin, ba cheart duit í a chur ar ceal ar líne suas le 48 n-uair an chloig roimh dháta na trialach tríd an nasc sa deimhniú coinnei do chuntas EPSO.
Má shocraíonn tú gan na trialacha a dhéanamh, ní dhéanfaidh sin difear do d’incháilitheacht agus ní chuirfear d’iarratas ar fionraí.
Is féidir le seirbhísí earcaíochta eile thú a réamhroghnú chun trialacha a dhéanamh amach anseo.
An féidir mé a réamhroghnú (a chur ar ghearrliosta) le haghaidh níos mó ná próifíl/grúpa feidhme amháin?
Is féidir thú a réamhroghnú (a chur ar ghearrliosta) le haghaidh níos mó ná próifíl/grúpa feidhme amháin?
Má réamhroghnaítear thú níos mó ná uair amháin (má réamhroghnaíonn níos mó ná earcaitheoir amháin thú) le haghaidh aon phróifíl amháin san aon ghrúpa feidhme amháin, ní dhéanfaidh tú na trialacha ach aon uair amháin.
Má réamhroghnaítear thú le haghaidh próifílí éagsúla/grúpaí feidhme éagsúla, tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh a bhaineann leis na próifílí/grúpaí feidhme éagsúla sin san ord inar chuir na seirbhísí earcaíochta na hiarrataí chuig EPSO.
Ní féidir leis an earcaitheoir ná leis na hiarrthóirí ná le EPSO tionchar a imirt ar ord na n-iarrataí ar thriail atá á bpróiseáil.
I gcás ina n-éireoidh na trialacha réasúnaíochta leat, féadfar cuireadh a thabhairt duit na trialacha inniúlachtaí* a dhéanamh le haghaidh próifílí éagsúla le linn na haon tréimhse trialacha amháin.
*Déanann iarrthóirí ar phróifíl teanga (profléitheoirí agus aistritheoirí) triail tuisceana teanga in áit triail inniúlachtaí.
Más rud é gur éirigh an triail réasúnaíochta liom ach gur theip orm sa triail inniúlachtaí in EPSO/CAST/P1-4/2015, an féidir go dtabharfar cuireadh dom an triail inniúlachtaí amháin a dhéanamh do CAST Buan?
Murar éirigh ach na trialacha réasúnaíochta leat in EPSO/CAST/P1-4/2015, tabharfar cuireadh duit (má réamhroghnaítear thú athuair) an tacar iomlán trialacha roghnúcháin a dhéanamh (na trialacha réasúnaíochta agus inniúlachtaí) in CAST Buan (féach tuilleadh eolais faoin bpróiseas roghnúcháin seo).
Cén cineál conartha a thairgfear dom?
Beidh cineál an chonartha ag brath ar roinnt eilimintí, an tseirbhís earcaíochta san áireamh.
Má tá tuilleadh eolais uait faoi na socruithe conarthacha, féach Iarscríbhinn III, pointe 4 den ghlao ar léiriú spéise.
Cén uair a dhéanfaidh mé agus cén áit a ndéanfaidh mé na trialacha roghnúcháin le haghaidh CAST Buan?
Is iad na hiarrthóirí a bheidh réamhroghnaithe ag na seirbhísí earcaíochta (a chuireann siad ar ghearrliosta) agus iad sin amháin a dtugtar cuireadh dóibh na trialacha roghnúcháin a dhéanamh.
Má chuirtear ar ghearrliosta thú, gheobhaidh tú cuireadh triail a chur in áirithe i do chuntas EPSO. Is gnách go bhfoilsítear an cuireadh sin i gcuntas EPSO an iarrthóra ar an gcéad lá den tréimhse déanaimh coinní. Moltar duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad. Ní mór an triail a chur in áirithe agus í a dhéanamh laistigh den achar ama atá leagtha síos lena aghaidh sin.
Is trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire iad na trialacha sin. Déanfar na trialacha in ionaid trialacha in áiteanna ar fud an domhain.
Beidh liosta de na hionaid trialacha atá ar fáil sa chuireadh agus ar shuíomh gréasáin Prometric.
Féach nach ndéanann EPSO costais taistil a chúiteamh.
Cad é an tuarastal tosaigh a thuilleann gníomhairí ar conradh?
Féach thíos an buntuarastal míosúil (in €) as seachtain oibre 40 uair an chloig (is infheidhme ón 1 Iúil 2020 ar aghaidh). An chéad chéim:
Grúpa Feidhme IV (gráid 13–18): 3 555,98 - 6 593,66
Grúpa Feidhme III (gráid 8–12): 2 777,78 - 4 552,18
Grúpa Feidhme II (gráid 4–7): 2 169,66 - 3 142,81
Grúpa Feidhme I (gráid 1–3): 2 088,92 - 2 672,85
Sna Rialacháin Foirne tá tuilleadh eolais faoi choinníollacha fostaíochta, mar aon leis an eolas is déanaí faoi thuarastal oifigeach agus gníomhairí ar conradh (nuashonrú bliantúil is infheidhme ó Mhí Iúil 2020).
Cathain a bheidh a fhios agam cé aige a bhfuil suim i mo phróifíl?
Má réamhroghnaítear thú agus go n-éiríonn leat sna trialacha, rachaidh na seirbhísí earcaíochta i dteagmháil leat (tríd an seoladh ríomhphoist a thug tú i do chuntas EPSO) agus tabharfar cuireadh duit trialacha earcaíochta a dhéanamh arb é a bheidh iontu agallamh agus trialacha roghnacha eile.
Ní thugann EPSO le fios d’iarrthóirí, ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, cé na seirbhísí earcaíochta a bhfuil suim acu iontu.
Cad a tharlóidh má éiríonn na trialacha roghnúcháin liom ach mura n-éiríonn na trialacha earcaíochta liom?
Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta cuireadh chun agallaimh (agus b'fhéidir chun trialacha eile) a thabhairt do roinnt iarrthóirí i gcás gach folúntais. Is faoi na seirbhísí earcaíochta atá sé an t-aiseolas faoi thorthaí an agallaimh (agus na dtrialacha eile más infheidhme) a chur ar fáil.
Mar sin féin, mura n-éireoidh leat an uair sin, beidh torthaí do thrialacha roghnúcháin fós bailí (*), ón dáta a fhoilseofar iad i do chuntas EPSO, ar feadh:
- 10 mbliana (trialacha réasúnaíochta)
- 5 bliana (trialacha inniúlachtaí)
- 5 bliana (trialacha tuisceana teanga)
Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta tú a réamhroghnú arís (tú a chur ar ghearrliosta) agus cuireadh chun agallaimh (agus chun trialacha eile) a thabhairt duit.
Ná déan dearmad d'iarrata(i)s a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad más mian leat leanúint de bheith infheicthe ag na seirbhísí earcaíochta.
(*) Ní bhaineann seo ach le próisis roghnúcháin CAST/P. Tabhair do d'aire nach mbeidh torthaí do thrialacha sa phróiseas roghnúcháin CAST/P bailí le haghaidh próisis roghnúcháin eile.
Cad a tharlóidh mura ngnóthóidh mé pas sna trialacha roghnúcháin?
Má theipeann ort sna trialacha réasúnaíochta, ní mharcálfar an triail inniúlachtaí* a rinne tú an uair sin.
Má éiríonn na trialacha réasúnaíochta leat ach má theipeann ort sa triail inniúlachtaí*, beidh torthaí do thrialacha réasúnaíochta fós bailí.
Thairis sin, má theipeann ort i dtriail, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
- Má theipeann ort sa triail réasúnaíochta, ní thabharfar cuireadh duit triail réasúnaíochta eile a dhéanamh le haghaidh an ghrúpa feidhme sin nó le haghaidh grúpa feidhme níos airde go ceann 6 mhí. Mar sin féin, is féidir go dtabharfar cuireadh duit trialacha réasúnaíochta a dhéanamh i ngrúpaí feidhme níos ísle.
- Má theipeann ort sa triail inniúlachtaí*, ní thabharfar cuireadh duit triail inniúlachtaí* eile a dhéanamh go ceann 6 mhí sa phróifíl chéanna sa ghrúpa feidhme sin ná i ngrúpa feidhme atá níos airde ná é. Mar sin féin, féadfaidh tú trialacha inniúlachtaí* na próifíle céanna a dhéanamh le haghaidh grúpa feidhme níos ísle nó le haghaidh próifíl eile le linn na tréimhse sin.
Tosóidh an tréimhse sé mhí sin ar an dáta a fhoilseofar do thorthaí i do chuntas EPSO.
Tabhair do d'aire nach bhfuil sé d'oibleagáid ar na seirbhísí earcaíochta cuireadh a thabhairt duit atástáil a dhéanamh, nuair a bheidh an tréimhse sé mhí sin istigh.
*Déanann iarrthóirí ar phróifíl teanga (profléitheoirí agus aistritheoirí) triail tuisceana teanga in áit triail inniúlachtaí.
Cad a tharlóidh má éiríonn liom sna trialacha roghnúcháin?
Má éiríonn leat sna trialacha roghnúcháin (ní mór duit an pasmharc a ghnóthú i ngach triail – tugtar an t-eolas sin san fhógra comórtais), tabharfaidh na seirbhísí earcaíochta cuireadh chun agallaimh duit.
Ag seo fad bailíochta na dtorthaí (ón dáta a fhoilseofar do thorthaí i do chuntas EPSO):
- na trialacha réasúnaíochta: 10 mbliana
- an triail inniúlachta: 5 mbliana
Bíonn na torthaí bailí i gcónaí don phróifíl agus don inniúlacht ar bhain na trialacha leo, agus d’aon ghrúpa feidhme eile is ísle.
Sampla: D’éirigh leat sna trialacha réasúnaíochta agus inniúlachta don phróifíl ‘Dlí: Grúpa Feidhme IV’.
Beidh na torthaí sin bailí don phróifíl sin agus d’aon ghrúpa feidhme is ísle den phróifíl ‘Dlí’ (Grúpa Feidhme III, sa chás seo).
Ciallaíonn sin go bhféadfadh sé go bhfaighfeá cuireadh chun agallaimh do Ghrúpa Feidhme III agus do Ghrúpa Feidhme IV.
Os a choinne sin, an té a n-éireoidh leis i dtrialacha Ghrúpa Feidhme III, ní bheidh an pas sin bailí do Ghrúpa Feidhme is airde, e.g. Grúpa Feidhme IV.
An mbeidh seans níos fearr agam post a fháil má fhaighim marc níos airde sa triail?
Ní bheidh. Ní fheicfidh na seirbhísí earcaíochta ach cé acu pas nó teip a fuair iarrthóir sna trialacha.
Is agatsa amháin a bheidh do mharc le feiceáil, trí do chuntas EPSO.
Ní ceart do na seirbhísí earcaíochta a iarraidh ort aon fhianaise a thabhairt gur éirigh trialacha EPSO leat toisc go mbíonn gach eolas is gá maidir le do stádas ar fáil dóibh i mbunachar na n-iarrthóirí.
Cén fáth nár réamhroghnaíodh mé (nár cuireadh ar ghearrliosta mé) i leith na trialacha roghnúcháin a dhéanamh?
Bíonn líon ard iarratas i gceist le próiseas roghnúchán CAST Buan. Mar sin féin, is iad na hiarrthóirí ag a bhfuil na próifílí is mó atá in oiriúint do riachtanais na seirbhísí, a réamhroghnaíonn na seirbhísí earcaíochta agus is iad sin amháin a chuireann siad ar ghearrliosta.
Cathain a gheobhaidh mé torthaí thrialacha roghnúcháin EPSO?
Gheobhaidh tú torthaí na dtrialacha roghnúcháin trí do chuntas EPSO tuairim agus 2 sheachtain tar éis dheireadh na tréimhse tástála ina ndéantar tástáil ort.
Eagraítear tréimhsí tástála go rialta i rith na bliana. Féach an t-amlíne atá le fáil ar gach leathanach saincheaptha den phróifíl.
Cé na cineálacha trialacha a chaithfidh mé a dhéanamh má réamhroghnaítear mé (má chuirtear ar ghearrliosta mé)?
Má réamhroghnaíonn seirbhís earcaíochta thú (má chuirtear ar ghearrliosta thú), tabharfar cuireadh duit dhá chineál trialacha roghnúcháin a dhéanamh.
Ar dtús, déanfaidh tú sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire, trialacha arb é is aidhm dóibh d'inniúlachtaí ginearálta sa réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí a mheas (sa teanga a roghnóidh tú mar theanga 1).
Ansin, déanfaidh tú triail* a bhaineann go sonrach le hinniúlachtaí na próifíle nó an ghrúpa feidhme a mbeidh iarratas déanta agat air/uirthi (sa teanga a roghnóidh tú mar theanga 2).
Más rud é gur éirigh na trialacha réasúnaíochta leat, ach nár éirigh an triail inniúlachtaí*, le haghaidh an ghrúpa feidhme céanna nó grúpa feidhme níos airde, ní thabharfar cuireadh duit ach chun na trialach inniúlachtaí*.
Ní eagraíonn EPSO trialacha inniúlachtaí le haghaidh próifílí i ngrúpa feidhme I. Má éiríonn trialacha réasúnaíochta Ghrúpa Feidhme 1 leat, is féidir go dtabharfar cuireadh duit chun triail inniúlachtaí, triail a eagróidh an tseirbhís earcaíochta.
I gcás gach grúpa feidhme, is féidir go n-iarrfaidh an tseirbhís earcaíochta ort trialacha a dhéanamh a mheasann sí a bheith ábhartha don phost, mar shampla triail dréachtaithe, triail tiomána, etc. Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta gach eolas faoi na trialacha sin ar fáil.
Féach na trialacha samplacha ("Gníomhairí ar conradh" – "Triail ar bhonn inniúlachtaí") chun tuilleadh eolais a fháil.
*Déanann iarrthóirí ar phróifílí teanga (profléitheoirí agus aistritheoirí) triail tuisceana teanga in áit triail inniúlachtaí.
Cad a tharlóidh i ndiaidh dom iarratas a dhéanamh?
Cuardóidh na seirbhísí earcaíochta bunachar sonraí na n-iarrthóirí cláraithe uile agus cuirfidh siad na hiarrthóirí is fearr a oireann do riachtanais shonracha na seirbhíse ar ghearrliosta. Déan deimhin de go nuashonróidh tú d’iarratas gach 6 mhí, ionas go bhfeicfear sa bhunachar thú agus go bhféadfar teacht ort ann.
Is do na hiarrthóirí atá ar an ngearrliosta, agus dóibh siúd amháin, a thabharfar cuireadh coinne a dhéanamh le haghaidh na trialach roghnúcháin a eagraíonn EPSO. Is tríd a gcuntas EPSO a dhéanfar sin.
Féach i do chuntas EPSO go rialta. An lá a osclaítear an tréimhse déanta coinní, gheobhaidh tú cuireadh chun dáta le haghaidh na trialach a chur in áirithe, ach tú a bheith curtha ar an ngearrliosta. Go ginearálta, an nasc chuig an leathanach le haghaidh coinne a dhéanamh, ní bheidh sé gníomhach ach ar feadh roinnt laethanta. Beidh tú in ann dáta trialach a roghnú ó raon dátaí a chuirfear ar fáil don tréimhse go díreach tar éis na tréimhse déanta coinní.
Na dátaí táscacha le haghaidh na dtréimhsí chun coinní agus trialacha a dhéanamh, foilsítear iad ar na leathanaigh phróifílí ar an suíomh gréasáin atá againn.
Mura gcuirfidh tú dáta in áirithe le haghaidh na trialach, má chuireann tú an choinne ar ceal nó mura dtiocfaidh tú go dtí an t-ionad trialacha lá na trialach, ní thabharfar cuireadh arís duit go huathoibríoch an triail chéanna a dhéanamh. Is féidir go réamhroghnófar thú tráth níos faide anonn i bpróiseas roghnúcháin eile.
Is ar na seirbhísí earcaíochta atá an cúram iarrthóirí a chuardach agus a réamhroghnú. Níl de chúram ar EPSO ach cuireadh a thabhairt d'iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe agus na trialacha roghnúcháin a reáchtáil.
Conas a roghnófar iarrthóirí sa phróiseas roghnúcháin CAST Buan?
Ní hionann iarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin CAST Buan agus é a bheith ina scéal cinnte go dtabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh. Is do na hiarrthóirí sin a chuirfidh seirbhísí earcaíochta ar ghearrliosta, agus dóibh siúd amháin, a dtabharfar cuireadh na trialacha roghnúcháin a dhéanamh, nuair a bheidh gá le fostaithe nua.
Seo a leanas céimeanna an phróisis roghnúcháin:
- Líonann na hiarrthóirí isteach a n-iarratas agus bailíochtaíonn siad iad agus déanann siad iad a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad chun a léiriú gur mian leo i gcónaí a bheith san áireamh chun go leanfaidh a n-iarratas de bheith infheicthe sa bhunachar.
- Nuair a thagann folúntas chun cinn, déanann na seirbhísí earcaíochta líon áirithe iarrthóirí sa bhunachar iarrthóirí a réamhroghnú a bhfuil a n-iarratas bailíochtaithe agus infheicthe agus cuireann siad ar ghearrliosta iad. Is iad na hiarrthóirí iad is fearr a oireann do riachtanais na seirbhíse a roghnaítear.
- Tugtar cuireadh do na hiarrthóirí réamhroghnaithe atá ar an ngearrliosta trialacha roghnúcháin,a eagraíonn EPSO, a dhéanamh. Is éard a bhíonn sna trialacha sin, trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a eagraítear in ionaid trialacha ar fud an domhain.
- Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha roghnúcháin, tabharfar cuireadh dóibh trialacha earcaíochta, a eagróidh na seirbhísí earcaíochta, a dhéanamh. D'fhéadfaí agallamh agus cineálacha eile meastóireachta a bheith i gceist sna trialacha sin.
- Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha earcaíochta, is féidir go bhfaighidh siad tairiscint ar phost.
An bhféadfaidh mé na sonraí a thug mé i m'iarratas a athrú i ndiaidh a mbailíochtaithe?
Ach amháin i gcás CAST Buan (féach tuilleadh eolais faoin bpróiseas roghnúcháin seo), ní féidir iarratas a athrú i ndiaidh a bhailíochtaithe ós rud é go bpróiseálfaidh EPSO na sonraí láithreach.
Le haghaidh CAST Buan:
Is féidir iarrata(i)s le haghaidh phróiseas roghnúcháin CAST Buan a athrú agus is féidir CV úr a uaslódáil chuig do chuntas EPSO nó é a nuashonrú tráth ar bith.
Ná déan dearmad d'iarrata(i)s a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad más mian leat leanúint de bheith infheicthe ag na seirbhísí earcaíochta. Beidh feidhm aige seo cibé acu atá pas faighte agat sna trialacha nó nach bhfuil.
An féidir liom na hiarratais EPSO a rinne mé roimhe seo a úsáid arís?
Aon iarratas a rinneadh ar EPSO/CAST/P/1-4/2015 (CAST na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin) agus a bailíochtaíodh faoin 25.11.2016 (meánlae am na Bruiséile), rinneadh iad a aistriú go huathoibríoch chuig EPSO/CAST/P/1-17/2017 (CAST buan).
Má d’éirigh leat cheana sna trialacha roghnúcháin a d’eagraigh EPSO don chomórtas EPSO/CAST/P/1-4/2015, fanfaidh do thorthaí de bheith bailí ar feadh 10 mbliana i gcás trialacha réasúnaíochta, agus 5 bliana i gcás na trialach inniúlachta
Cé na dualgais a bhíonn ar ghníomhaire ar conradh in institiúidí an Aontais Eorpaigh?
Beidh na dualgais shonracha ag brath ar an bpróifíl a bhfuil spéis agat inti. Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGlao ar Léiriú Spéise le haghaidh samplaí mionsonraithe de na dualgais de réir próifíle.
Earcaítear baill foirne ar conradh ar feadh tréimhse theoranta, ar chonradh tosaigh 6-12 mhí.
I gcomhlachtaí áirithe de chuid an Aontais, is féidir an conradh a athnuachan go ceann tréimhse éiginnte.
Cé na grúpaí feidhme éagsúla atá ann?
Bíonn folúntais ann do ghníomhairí ar conradh i réimse leathan post, agus bíonn cáilíochtaí difriúla de dhíth ag brath ar an bpost. Tá ceithre ghrúpa feidhme ann:
- I. obair láimhe agus tacaíocht riaracháin
- II. tascanna cléiriúla nó rúnaíochta, bainistiú oifige agus tascanna coibhéiseacha
- III. tascanna feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile
- IV. tascanna riaracháin, comhairleacha agus teangeolaíochta agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile
Féach rialacha sonracha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le gníomhairí ar conradh a fhostú sa Bhéarla, sa Fhraincis nó sa Ghearmáinis.