- Sula dtosóidh tú ar d’iarratas, déan deimhin de go bhfuil na sonraí uile i do chuntas EPSO cothrom le dáta.
- Ní mór duit an Fógra Comórtais/Glao ar Léiriú Spéise agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte/Na Rialacha Ginearálta maidir le Roghnú Gníomhairí ar Conradh a léamh chun a chinntiú go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta uile.
- A luaithe a bheidh an tréimhse chlárúcháin ar oscailt, beidh an nasc chun iarratas a dhéanamh le fáil ar shuíomh gréasáin EU Careers.
- Tabhair neart ama duit féin chun d’iarratas a chur i gcrích mar go dteastaíonn obair shuntasach ina leith. Is fútsa amháin atá sé an t-iarratas a bhailíochtú roimh an sprioc-am.
- Sula ndéanfaidh tú d’iarratas a bhailíochtú, seiceáil ábhar an iarratais, táb de réir táib, mar nach mbeidh tú in ann an t-iarratas a athrú a thuilleadh nuair a bheidh an t-iarratas bailíochtaithe.
- Ní mór duit d’iarratas a chomhlánú sa teanga atá sonraithe san Fhógra/Glao.
- Tá roinnt foirmeacha iarratais ann nach bhfuil ar fáil ach i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis faoi láthair, féach ar an tábla seo chun teacht ar na lipéid/comhchodanna i dteangacha uile an Aontais.
- Luaigh aon socrú speisialta atá de dhíth ort le go mbeidh tú in ann na trialacha a dhéanamh. Tá eolas le fáil freisin ar shuíomh gréasáin EPSO. Déan teagmháil linn láithreach má bhíonn cabhair uait le d’iarratas ar líne.
- Moltar gan ach íontéacs (i.e. comhad dar críoch .txt), a ullmhaíodh le gnáthphróiseálaí focal (e.g. NotePad i gcás Windows, TextEdit i gcás Mac OS X) a ghreamú san fhoirm iarratais, chun spásanna nach bhfuil gá leo agus carachtair neamh-chomhoiriúnacha a sheachaint.
- Moltar duit gan na cnaipí ‘Siar’ agus ‘Ar aghaidh’ sa bhrabhsálaí a úsáid agus tú ag dul ó chuid go cuid den fhoirm iarratais i do chuntas EPSO (cuir i gcás chun teacht ar shonraí a thug tú in iarratas eile). Moltar cnaipí an tsuímh gréasáin a úsáid ina n-ionad.
- Tá na córais a úsáideann EPSO in oiriúint don chuid is mó de na brabhsálaithe idirlín is mó a úsáidtear. Má bhíonn deacracht agat molaimid duit triail a bhaint as brabhsálaí eile sula ndéanfaidh tú teagmháil linn. Ní mholtar gléasanna móibíleacha a úsáid chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
- A luaithe a chuirfidh tú tús le d’iarratas, gheobhaidh tú uimhir iarratais. Iarrtar ort an uimhir sin a lua i gcónaí i do chomhfhreagras le EPSO
- Iarrfar ar iarrthóirí ag céim níos déanaí den phróiseas roghnúcháin (an tráth céanna a thugtar an cuireadh chuig an Ionad Measúnaithe de ghnáth) doiciméid a thacaíonn lena ndearbhuithe a uaslódáil san fhoirm iarratais.
- Ceisteanna a chuirfear chuig Seirbhís Teagmhála EPSO d’Iarrthóirí le linn na laethanta deiridh den tréimhse iarratais, d’fhéadfadh sé nach bhfreagrófar iad roimh an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh.
Cad iad na treoracha is tábhachtaí maidir le hiarratas a dhéanamh ar phróiseas roghnúcháin EPSO?
Conas a dhéanfar mo shonraí pearsanta a láimhseáil?
Sa ráiteas príobháideachais tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.
Trí chuntas EPSO a chruthú, aontaíonn na hiarrthóirí go gcloífidh siad leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir le cuntais EPSO (aon chuntas EPSO amháin a chruthú).
Cén uair ba cheart dom na doiciméid a thacaíonn le mo thaithí oibre agus na dioplómaí a chur isteach?
Ní iarrfar ach ar na hiarrthóirí a gheobhaidh cuireadh chun trialacha an ionaid measúnaithe, cóipeanna scanta dá gcuid doiciméad ábhartha a uaslódáil, chun tacú leis an eolas atá san fhoirm iarratais. De ghnáth, ní mór na doiciméid sin a uaslódáil an lá roimh na trialacha ó bhéal san ionad measúnaithe ar a dhéanaí.
Iarrthóirí i bpróisis roghnúcháin le haghaidh gníomhairí ar conradh (CAST/P), níor cheart dóibh na doiciméid tacaíochta a nascadh lena n-iarratas CAST/P.
Cén chaoi ar cheart dom mo chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil/a nascadh?
Ní mór duit cóipeanna scanta de do chuid doiciméad ábhartha a chur ar fáil chun tacú leis an eolas atá i d'fhoirm iarratais, agus sin a dhéanamh an lá roimh na trialacha san ionad measúnaithe, ar a dhéanaí. Ní mór duit na rudaí seo a leanas a dhéanamh leo:
A. iad a uaslódáil chuig do chuntas EPSO,
B. iad a nascadh le d’fhoirm iarratais.
Sonraí maidir leis na doiciméid tacaíochta atá le huaslódáil, is féidir teacht orthu sin sna rialacha ginearálta lena rialaítear comórtais oscailte a ghabhann leis an bhfógra comórtais.
A. Na doiciméid a uaslódáil chuig do chuntas EPSO
Uaslódáil na cóipeanna scanta de do chuid doiciméad chuig do chuntas EPSO trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Doiciméid tacaíochta a uaslódáil’ i do chuntas EPSO.
D'fhéadfadh na doiciméid tacaíochta ábhartha a bheith bainteach le ceann de na ceithre chatagóir seo a leanas:
- cárta aitheantais náisiúnta nó pas,
- oideachas agus oiliúint,
- taithí oibre,
- doiciméid eile.
Is féidir leat suas le 20 comhad i gcatagóirí 1, 2 agus 4 a uaslódáil agus suas le 50 comhad i gcatagóir 3 (uasmhéid 2MB in aghaidh an chomhaid).
Ní mór na doiciméid a bheith i bhformáid PDF, TIFF nó JPG. Ní thacaítear le formáidí comhaid eile.
Smaoinigh ar do dhoiciméad a athainmniú i gcás teachtaireacht earráide: ná húsáid ach ponc amháin (.) roimh an iarmhír chomhadainm (pdf, tiff, jpg) agus seachnaigh carachtair speisialta (_-/ etc.) nó spásanna bána in ainm an chomhaid.
Is féidir leat doiciméad atá uaslódáilte cheana a fheiceáil trí chliceáil ar an deilbhín ‘Taispeáin’ (tá cruth súile air) agus doiciméad a scriosadh trí chliceáil ar an deilbhín araid bhruscair. Ní féidir ach doiciméad nach bhfuil nasctha fós le hiarratas, nó nach bhfuil nasctha leis a thuilleadh, a scriosadh.
B. Doiciméid a nascadh le d’iarratas
Nuair a bheidh do chuid doiciméad uaslódáilte chuig do chuntas EPSO agat, ní mór duit na doiciméid ábhartha a nascadh le d'fhoirm iarratais trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Link supporting documents’ atá le fáil in aice le gach iarratas sa chlib ‘Iarrata(i)s’ i do chuntas EPSO.
Trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Link supporting documents’, gheobhaidh tú rochtain ar liosta na ndoiciméad tacaíochta atá uaslódáilte chuig do chuntas EPSO. Déantar na doiciméid a ghrúpáil de réir ‘File type’ (4 chatagóir) agus tá siad in ord aibítre faoi ‘Ainm taispeána’. D'fhéadfá na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
- An doiciméad a thaispeáint ('View') (cruth súile air),
- An doiciméad a nascadh (tá cruth slabhra air),
- Na doiciméid uile a dhínascadh ('All' ag an mbarr)
- An doiciméad a dhínascadh (tá cruth slabhra bhriste air).
A luaithe atá na gníomhaíochtaí is gá déanta agat, má bhrúnn tú ar an gcnaipe ‘Back’, fillfidh tú ar an scáileán roimhe sin.
Ní chuirfear na doiciméid tacaíochta ar aghaidh chuig na seirbhísí earcaíochta.
Cén fáth nach féidir liom mo chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil?
Is féidir leat doiciméid tacaíochta a uaslódáil a bhaineann le ceann de na ceithre chatagóir seo a leanas:
- cárta aitheantais náisiúnta nó pas,
- oideachas agus oiliúint,
- taithí oibre,
- doiciméid eile.
Is féidir leat suas le 20 comhad i gcatagóirí 1, 2 agus 4 a uaslódáil agus suas le 50 comhad i gcatagóir 3.
Ní mór uasmhéid 2MB in aghaidh an chomhaid a bheith sna comhaid agus ní mór iad a bheith i bhformáid PDF, TIFF nó JPG. Ní thacaítear le formáidí comhaid eile.
Smaoinigh ar do dhoiciméad a athainmniú i gcás teachtaireacht earráide: ná húsáid ach ponc amháin (.) roimh an iarmhír chomhadainm (pdf, tiff, jpg) agus seachnaigh carachtair speisialta (_-/ etc.) nó spásanna bána in ainm an chomhaid.
Conas is féidir liom mo shonraí pearsanta a athrú i mo chuntas EPSO?
Cliceáil ar “Sonraí pearsanta” ar chlé i do chuntas EPSO agus lean na treoracha chun do chuid sonraí pearsanta a chur in eagar.
Chun do shloinne / an sloinne a tugadh ort nuair a rugadh thú / céadainm / inscne / dáta breithe / saoránacht a athrú, seol chugainn achoimre ghearr ar d’iarratas agus cóip de dhoiciméad oifigiúil ina dtugtar údar leis an athrú (cóip de do phas, cárta aitheantais náisiúnta, cinneadh dlíthiúil etc.) trí ríomhphost chuig EPSO-PERS-DATA@ec.europa.eu. Nuair atá glactha ag EPSO le d’iarratas, beidh an t-athrú le feiceáil i do chuntas EPSO. Tabhair do d’aire gurbh fhéidir diúltú d’aon iarratas ar shonraí pearsanta a athrú mura gcuirtear cruthúnas ar fáil laistigh de chúig lá.
Tabhair do d’aire go dtógfaidh sé roinnt laethanta glacadh leis an athrú seo. Ná cruthaigh iarratas eile den chineál céanna, le do thoil. Ná fan go dtí go mbeidh an t-athrú/na hathruithe dearbhaithe ach lean ar aghaidh leis an iarratas a dhéanamh/an triail a chur in áirithe etc.
Tabhair do d’aire nach féidir leat an t-eolas i d’iarratas bailíochtaithe a athrú, ach go gcuirtear athruithe ar na sonraí pearsanta san áireamh sna hiarratais bhailíochtaithe.
Tá mo phasfhocal ligthe i ndearmad agam. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Téigh chuig an leathanach seo agus lean na treoracha.
Seolfaimid ríomhphost ina mbeidh tuilleadh treoracha chuig an seoladh ríomhphoist atá i do chuntas EPSO. Beidh 24 uair an chloig agat le do phasfhocal nua a ghníomhachtú. Ina dhiaidh sin, ní oibreoidh an nasc agus beidh ort iarratas eile a dhéanamh ar do phasfhocal a athshocrú.
Má bhíonn deacrachtaí go fóill agat logáil isteach i do chuntas, déan teagmháil le hEPSO láithreach.
Tabhair do d’aire: Ní iarrfaidh foireann EPSO do phasfhocal ort CHOÍCHE trí ríomhphost. Síneoidh tú isteach i gcónaí trí cheangal slán a thaispeánfar le glas fraincín beag.
Tá m’ainm úsáideora (lógáil isteach) ligthe i ndearmad agam. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Téigh chuig an leathanach seo agus lean na treoracha.
Seolfaimid ríomhphost ina mbeidh tuilleadh treoracha chuig an seoladh ríomhphoist atá i do chuntas EPSO. Má bhíonn deacrachtaí go fóill agat logáil isteach i do chuntas, déan teagmháil le EPSO láithreach.
Tabhair do d’aire: Ní iarrfaidh foireann EPSO do phasfhocal ort CHOÍCHE trí ríomhphost. Síneoidh tú isteach i gcónaí trí cheangal slán a thaispeánfar le glas fraincín beag.
Nílim in ann cuntas EPSO a chruthú, nó nílim in ann an cuntas EPSO atá agam a rochtain ná a úsáid i gceart leis na huirlisí cúnaimh theicniúil atá agam, uirlisí a úsáidim i ngeall ar an míchumas atá ag gabháil dom. Cad is ceart dom a dhéanamh?
Is mór ag EPSO an inrochtaineacht. Bímid ag síorfhéachaint le feabhas a chur ar an dóigh a ndéanaimid cumarsáid agus ar ár próisis roghnúcháin.
Ach más amhlaidh a bhíonn deacrachtaí agat a bhaineann le do chuntas EPSO nó le suíomh gréasáin EPSO a rochtain, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach agus na deacrachtaí a mhíniú dúinn agus do chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl dúinn.
Má tá tuilleadh eolais uait faoin obair a dhéanann EPSO chun a chuid seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana féach an leathanach gréasáin faoi comhdheiseanna atá againn.
Ní féidir liom logáil isteach i mo chuntas EPSO ná féachaint air, cad is ceart dom a dhéanamh?
Deimhnigh go bhfuil an t-ainm úsáideora agus an pasfhocal atá tú a úsáid ceart (féach "Forgot your username/login? Forgot your password?').
Meabhrúchán: níl cead agat níos mó ná aon chuntas EPSO amháin a chruthú; i gcás inar scriosadh do chuntas EPSO, is féidir leat ceann nua a chruthú chun iarratais a dhéanamh amach seo. B'fhéidir gur scriosadh do chuntas EPSO i gcomhréir leis an ráiteas príobháideachais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is é sin le rá, is minic a scriosaimid na cineálacha seo cuntas:
- Cuntais EPSO a cruthaíodh níos mó ná bliain amháin ó shin ach nach ndearnadh aon iarratas iontu
- Cuntais EPSO a ndearnadh iarratas amháin ar a laghad iontu, agus ar fíor ceann acu seo a leanas i leith na n-iarratas a rinneadh:
- Cuireadh ar phainéal thú agus earcaíodh níos mó ná bliain amháin ó shin thú;
- Cuireadh ar phainéal thú agus níor earcaíodh thú, ach tá deireadh leis an bpainéal sin anois;
- Níor cuireadh ar phainéal thú agus tháinig deireadh leis an bpróiseas roghnúcháin níos mó ná bliain ó shin.
Ní ceadmhach níos mó ná aon chuntas amháin EPSO a bheith agat agus is féidir thú a dhícháiliú ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin má tá níos mó ná cuntas amháin agat. Déan teagmháil linn má tá amhras ort faoin gceist seo.
Más rud é nach bhfuil ag éirí leat logáil isteach go fóill, mura gcuimhníonn tú ar an seoladh ríomhphoist atá i do chuntas EPSO nó mura bhfuil rochtain agat ar an gcuntas sin a thuilleadh, déan teagmháil linn láithreach. Má sheolann tú cóip de do chárta aitheantais nó de do phas chugainn, agus má thugann tú do sheoladh ríomhphoist nua dúinn, is féidir linn sonraí an ríomhphoist a athrú i do chuntas EPSO.
Cad is cuntas EPSO ann?
Is éard is cuntas EPSO ann taifead leictreonach de do shonraí pearsanta agus de na hiarratais uile a rinne tú ar phróiseas roghnúcháin EPSO. Tá nasc díreach chun cuntas EPSO a chruthú nó chun logáil isteach ar gach leathanach de shuíomh gréasáin EPSO.
Lena chois sin, úsáideann EPSO an cuntas sin chun teachtaireachtaí a chur chuig iarrthóirí. Dá bhrí sin, ba cheart duit féachaint ar do chuntas EPSO gach trí lá féilire.
Sula ndéanfaidh tú iarratas, iarrfar ort cuntas EPSO a chruthú, mura bhfuil ceann agat cheana.
Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ba cheart duit é a úsáid le haghaidh na bpróiseas roghnúcháin uile. Tá cosc ar níos mó ná aon chuntas amháin EPSO a bheith agat agus is féidir thú a dhícháiliú ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin má tá níos mó ná cuntas amháin agat. Déan teagmháil linn má tá amhras ort faoin gceist seo.
Chun do chuntas a chruthú, níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc ‘Cruthaigh do chuntas EPSO’ agus an t-eolas ar fad is gá a chur isteach.
Ní mór do chuid sonraí pearsanta agus na sonraí i ndáil le rochtain ar do chuntas EPSO a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí.
Má fhaigheann EPSO amach ag aon chéim den phróiseas gur chruthaigh tú níos mó ná aon chuntas amháin, is féidir go ndícháileofar thú (féach na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte a ghabhann leis an bhFógra Comórtais).
Conas a dhéantar iarratas?
Déan iarratas ar líne ar cheann de na próisis roghnúcháin a foilsíodh ar shuíomh gréasáin EPSO. Ní mór cuntas EPSO a bheith agat chun gur féidir leat iarratas a dhéanamh. Ní chuirfear iarratais gan choinne san áireamh.