Má bhíonn fadhb ann le linn trialacha ar a ndéanfar feitheoireacht chianda, déan an méid seo a leanas:
- cuir an feitheoir ar an eolas tríd an ngné FEITHEOIR BEO (agus tú i mbun an scrúdaithe) nó cuir gníomhaire Prometric ar an eolas tríd an nasc comhrá chun an fhadhb a réiteach, agus iarr air tuairisc i scríbhinn ar an bhfadhb a thaifeadadh AGUS
- cuir EPSO ar an eolas i scríbhinn faoi cheann 3 lá féilire i ndiaidh na trialach tríd an bhfoirm theagmhála ar líne agus cur síos gairid ar an bhfadhb ag gabháil leis sin. Is gá EPSO a chur ar an eolas i ngach aon chás (agus nuair a dheimhníonn an conraitheoir aon ghníomhaíocht leantach).