Féadfar na torthaí a ghnóthaigh tú sna trialacha i gcomórtas oscailte a chur san áireamh sa chomórtas ábhartha, ach ní i gcomórtais eile ná i bpróisis roghnúcháin CAST/P eile. Eisceacht: Faoi choinníollacha áirithe, d’fhéadfadh na torthaí a ghnóthaigh tú sna trialacha i bpróiseas roghnúcháin CAST/P a bheith bailí i gcomhthéacs próisis roghnúcháin CAST/P eile.
Na torthaí a ghnóthaigh mé sna trialacha ilrogha ar ríomhaire, an bhfuil siad bailí i bpróisis roghnúcháin eile?
Cén fáth ar thug EPSO isteach trialacha ar ríomhaire ar a ndéantar feitheoireacht chianda?
Ag tús mhí Iúil 2021 thug EPSO isteach trialacha ar ríomhaire ar a ndéantar feitheoireacht chianda le haghaidh comórtais agus trialacha sonracha.
An fheitheoireacht chianda trí fheidhmchlár ProProctor ár gconraitheora Prometric, cuireann sí sin ar a gcumas d’iarrthóirí na trialacha a dhéanamh ó aon suíomh agus sláine na dtrialacha a choinneáil ag an am céanna.
Cuireann an fheitheoireacht chianda ar chumas EPSO eagrúchán na gcomórtas a dhéanamh níos tapúla.
Beidh níos mó solúbthachta agus costéifeachtúlachta ann mar thoradh air sin, agus tá sé ábhartha freisin go háirithe i gcomhthéacs na paindéime, i gcás inar féidir dúshláin mhóra a bheith ag baint le freastal ar ionaid trialacha mar gheall ar bhearta sláinte poiblí amhail srianta taistil agus dianghlasálacha i dtíortha ar leith a fhágann go mbíonn ionaid trialacha dúnta freisin.
Cén dóigh a n-eagraítear trialacha ar ríomhaire ar a ndéantar feitheoireacht chianda?
Leis an bhfeitheoireacht chianda tríd an bhfeidhmchlár ProProctor de chuid ár gconraitheora, Prometric, is féidir le hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh ar bhealach slán ó chian ar a ríomhaire féin seachas ar ríomhaire i gceann de na hionad trialacha.
Is é is ‘feitheoir’ ann maoirseoir nó duine a dhéanann monatóireacht ar na hiarrthóirí le linn trialach. Agus triail ar a ndéantar feitheoireacht chianda ar siúl ag iarrthóir, úsáidfidh an feitheoir uirlisí éagsúla monatóireachta chun monatóireacht bheo leanúnach a dhéanamh air. Is féidir le hiarrthóirí teagmháil a dhéanamh leis an bhfeitheoir má bhíonn ceisteanna acu nó i gcás éigeandála.
Déantar monatóireacht leanúnach ar na scrúduithe trí thaifeadtaí físe agus fuaime i leith gníomhaíocht amhrasach nó iompar amhrasach.
Cá háit ar féidir liom teacht ar eolas faoi na nósanna imeachta sábháilteachta sna hionaid trialacha?
Cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil chun deimhniú láithreachta a fháil le haghaidh na dtrialacha ar ríomhaire?
Ní mór duit dul i dteagmháil le Prometric le ríomhphost: epso_en@prometric.com
Conas na trialacha ar ríomhaire don chomórtas CAST Buan a athsceidealú?
Le linn na tréimhse déanta coinní agus na tréimhse trialacha, is féidir an choinne le haghaidh triail ceisteanna ilrogha a athsceidealú ach an t-am atá á lorg a bheith ar fáil, agus ar na coinníollacha seo a leanas:
- i dtús báire, is ceart fanacht go dtí go n-uaslódálfar an deimhniú coinne ar do chuntas EPSO (faoi cheann 24 uair an chloig ón am a rinneadh an choinne, de ghnáth), mar is ann a bheidh an nasc, an uimhir dheimhniúcháin agus an cód a bheidh de dhíth ort chun an choinne a athsceidealú;
- is féidir an choinne a rinneadh roimhe a athsceidealú tráth ar bith go dtí an lá roimh an gcoinne;
- Is le linn na tréimhse trialacha céanna agus as na hamanna a bheidh léirithe sa chóras amháin is féidir coinne nua a roghnú;
- is féidir an t-ionad trialacha a athrú (ach an áit a bheith ar fáil);
- ní mór an nós imeachta athsceidealaithe a dhéanamh ina iomláine, go dtí an scáileán deireanach (mura ndéanfar ina iomláine é, beidh an chéad choinne bailí fós);
- ní mór duit an deimhniú coinne uasdátaithe a phriontáil agus a thabhairt leat go dtí an t‑ionad trialacha.
Féach anseo na seatanna scáileáin de chéimeanna an nóis imeachta maidir le hathsceidealú.
Cúinsí eisceachtúla
Ar chúinsí eisceachtúla (e.g. tinneas tromchúiseach, breith linbh, bás céile, duine clainne, tuismitheora, dearthár nó deirféar), d'fhéadfadh sé go gceadódh EPSO athsceidealú a dhéanamh (ach an t-am atá á iarraidh a bheith ar fáil).
Is ceart duit dul i dteagmháil le EPSO gan mhoill, agus d'uimhir iarratasóra agus gach doiciméad fianaise a bhaineann le hábhar a chur leis an teachtaireacht, e.g. teastas dochtúra, nach mór dó dáta na coinne a chumhdach.
Ní féidir, ar chúinse ar bith (cúinsí eisceachtúla san áireamh), athsceidealú a iarraidh ó thréimhse trialacha amháin go ceann eile. Ní fhéadfar a iarraidh ort triail a chur in áirithe athuair i dtréimhse trialacha eile ach amháin má dhéanann aon seirbhís earcaíochta tú a réamhroghnú arís.
Cuirfear ar an eolas thú a luaithe a dhéanfar cinneadh faoin athsceidealú, ach féach nach gcuirfear san áireamh ach cúinsí atá eisceachtúil go fírinneach agus a gcuirfear cruthúnas orthu ar fáil.
Bhain fadhb le ceann de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire i dtriail le haghaidh CAST Buan, cad is féidir liom a dhéanamh?
Má tá amhras mór ort faoin méid atá i gceann de na ceisteanna i dtriail, déan teagmháil leis an tSeirbhís Teagmhála d’Iarrthóirí atá ag EPSO laistigh de 3 lá féilire i ndiaidh duit na trialacha a dhéanamh. Ní mór na cúinsí agus d'uimhir iarrthóra a thabhairt le fios go soiléir sa chomhfhreagras (féach an nós imeachta atá leagtha amach sa ghlao ar léiriú spéise).
Má tá mír áirithe ann nach bhfuil i gcomhréir le dianchritéir cháilíochta EPSO déanfar na bearta ceartaitheacha seo a leanas:
- Déanfar an mhír sin a cheartú nó a bhaint as an mbunachar sonraí;
- Féadfar bearta ceartaitheacha a dhéanamh i gcásanna ina bhfaighidh EPSO amach go ndearnadh díobháil d’iarrthóir.
Cén uair a chuirfear torthaí thriail na gceisteanna ilrogha chugam?
- Ní thabharfar torthaí na dtrialacha duit sna hionaid trialacha – is amhlaidh a sheolfar chuig do chuntas EPSO iad thart ar 3–5 seachtaine tar éis dheireadh thréimhse na dtrialacha.
- Ní fhoilseofar na torthaí go dtí go mbeidh siad fíoraithe, formheasta agus bailíochtaithe ag an mBord Roghnúcháin (i gcás na gcomórtas) nó ag EPSO (i gcás phróisis roghnúcháin CAST). A luaithe a chuirfear na torthaí in iúl duit, ní fhéadfar cruinneas na gceisteanna a cheistiú níos mó.
Cén tábhacht atá leis an marc a fuair mé?
Chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas, ní mór duit a bheith i measc na n-iarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna is airde.
Conas a fhéachtar chuige go gcaitear go comhionann le gach iarrthóir?
Sula gcuirtear tús leis an bpróiseas roghnúcháin, leagtar síos critéir mheastóireachta oibiachtúla i gcomhréir leis an bhfógra comórtais. Cuirtear na critéir sin i bhfeidhm go dian maidir le gach iarrthóir d'fhonn a chinntiú go gcaitear go comhionann le gach aon duine.
Conas a chinntear an tairseach?
I dtosach, déantar marcanna na n-iarrthóirí a rangú in ord íslitheach. Ansin roghnaíonn an Bord na hiarrthóirí is airde ar an liosta ar féidir cuireadh chun na chéad chéime eile den chomórtas a thabhairt dóibh (féach an cheist: "cé mhéad iarrthóir a rachaidh ar aghaidh ó chéim an scagthóra buanna (Talent Screener) go dtí an chéad chéim eile?") Is é an tairseach an marc atá ag an iarrthóir atá ag bun an liosta seo.
Cé dó a dtugtar cuireadh chun na chéad chéime eile den chomórtas?
Ní féidir ach líon áirithe iarrthóirí dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile agus, ar an ábhar sin, ní thugtar cuireadh ach dóibh siúd a bhfuil na marcanna is airde acu. Bíonn marc atá cothrom leis an tairseach, nó os a chionn, ag na hiarrthóirí sin.
Tiomsaíonn an Bord Roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí ar éirigh leo. Bíonn an liosta sin in ord íslitheach de réir na marcanna atá ag na hiarrthóirí.
Táim ag iompar clainne nó tá leanbh ar brollach agam agus tá ceisteanna agam faoi gcaoi a ndéanfaidh mé na trialacha roghnúcháin. Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil?
Má tá tú ag iompar clainne le linn thréimhse chlárúcháin an phróisis roghnúcháin, féadfaidh tú do cheisteanna, d'ábhair imní nó d'iarrataí ar shocruithe speisialta a scríobh síos i d'fhoirm iarratais, agus dearbhú leighis a sheoladh léi ina bhfuil deimhniú go bhfuil tú ag iompar clainne agus an dáta atáthar ag súil a bhéarfar an leanbh duit.
Má fhaigheann tú amach go bhfuil tú ag iompar clainne nó má bheirtear leanbh duit le linn thréimhse an phróisis roghnúcháin, téigh i dteagmháil linn a luaithe is féidir agus tabhair dúinn an t-eolas thuasluaite agus dearbhú leighis ina bhfuil deimhniú ar an dáta breithe a bhfuiltear ag súil leis nó an dáta a tharla an bhreith.
Cuirfimid in iúl duit cé na roghanna is féidir a bheith ann i ndiaidh dúinn d'iarratas a scrúdú.
Tá míchumas nó riocht sláinte orm agus tá socruithe speisialta i dtaca leis na trialacha roghnúcháin de dhíth orm dá dheasca. Cad is ceart dom a dhéanamh?
Má tá socruithe speisialta i dtaca leis na trialacha roghnúcháin de dhíth ort de dheasca míchumais nó riocht sláinte, níl le déanamh agat ach an nós imeachta a leanúint atá leagtha amach ar an leathanach 'deiseanna comhionanna' chun d'iarratas ar shocruithe a chur isteach. Tá na cineálacha éagsúla socruithe is féidir a dhéanamh le fáil ansin freisin.
Chun go ndéanfar socruithe réasúnta duit i dtaca leis na trialacha roghnúcháin, beidh ort dearbhú a chur ar fáil ina bhfuil deimhniú ar an míchumas nó an riocht sláinte atá ort agus a d'eisigh eagraíocht inniúil náisiúnta agus/nó speisialtóir.
Cad is ceart dom a dhéanamh má bhíonn fadhb theicniúil nó eagrúcháin agam san ionad trialacha a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do thoradh na dtrialacha a mhéid a bhaineann liom féin?
Má bhíonn fadhb ann:
- cuir duine de na feitheoirí ar an eolas chun an fhadhb a réiteach agus iarr air tuairisc i scríbhinn ar an bhfadhb a thaifeadadh AGUS
- cuir EPSO ar an eolas i scríbhinn faoi cheann 3 lá féilire i ndiaidh na trialach tríd an bhfoirm theagmhála ar líne agus cur síos gairid ar an bhfadhb ag gabháil leis sin.
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar na trialacha le fáil?
Má tá liosta iomlán uait de thrialacha próisis roghnúcháin ar leith, féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise.
I roinn ar leith dár suíomh gréasáin tá samplaí de na saghsanna éagsúla trialacha a bhíonn le déanamh.
Ní chuireann EPSO ar fáil aon ábhar réamhfhoghlama ná aon treoir maidir leis na trialacha a dhéanamh seachas na trialacha samplacha sin. Reáchtálann roinnt Ballstát cúrsaí chun náisiúnaigh de chuid an Aontais Eorpaigh a ullmhú le haghaidh chomórtais oscailte institiúidí an Aontais. Chun tuilleadh eolais a fháil féach an leathanach céanna.
An aisíocfar na costais taistil?
Ní dhéanfaidh EPSO aon ranníocaíocht i leith aon speansas taistil a bhí ort de thoradh páirt a ghlacadh in aon triail ar ríomhaire ná in aon réamhtriail ná in aon triail idirmheánach (i.e. trialacha ceisteanna ilrogha, cleachtaí an bhosca isteach ríomhphoist agus trialacha aistriúcháin).
Na hiarrthóirí dá dtabharfar cuireadh cás-staidéar nó triail scríofa a dhéanamh sa réimse agus a bhfuil seoladh cónaithe acu i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, beidh siad i dteideal ranníocaíocht a éileamh i leith a gcostas taistil, más cuid den ionad measúnaithe iad na trialacha sin (féach an fógra comórtais atá i gceist).
Nuair a ghlacann tú páirt sna trialacha san ionad measúnaithe is féidir leat, má tá tú incháilithe, cur isteach ar ranníocaíocht i leith do speansais taistil, ach ní bheidh aisíocaíocht na speansas uile a bhí le seasamh agat le fáil (Airteagal 2). Ina theannta sin, maidir le costais chothaithe, ní dhéanfar aon ranníocaíocht ach amháin má dhéantar na trialacha éagsúla ag an ionad measúnaithe thar dhá lá as a chéile, nó má tá trí lá ar a mhéad eatarthu (Airteagal 6). Ní bhfaighidh tú aon ranníocaíocht i leith na gcostas cóiríochta don oíche roimh an ionad measúnaithe ná don oíche ina dhiaidh i gcomhréir leis na rialacha thíos:
- Rialacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais i leith speansas taistil agus cothaithe do dhaoine ar iarradh orthu páirt a ghlacadh i dtrialacha arna n-eagrú mar chuid de chomórtas nó de phróiseas roghnúcháin, nó dul faoi agallamh nó faoi scrúdú leighis (infheidhme maidir le próisis roghnúcháin a foilsíodh ón 1 Eanáir 2018 i leith)
Tábhachtach: Tabhair do d’aire go bhfuil 3 mhí agat ó dháta do thrialach chun an t-iarratas iomlán ar ranníocaíocht i leith speansas taistil/cothaithe a sheoladh isteach.
De ghnáth, is é an seoladh cónaithe atá tugtha i do chuntas EPSO a úsáidfear chun an ranníocaíocht sin a ríomh.
Má tá tú incháilithe:
- líon isteach na doiciméid (‘Foirm an eintitis dhlítheanaigh’ (roghnaigh ‘Natural person’ [Duine nádúrtha]) agus ‘An fhoirm aitheantais airgeadais’);
- déan iad a phriontáil agus a shíniú;
- iarr ar do bhanc an fhoirm 'Financial Identification' a stampáil;
- déan an ‘fhoirm um iarratas ar aisíocaíocht’ a phriontáil, a líonadh isteach agus a shíniú;
- seol na foirmeacha thuasluaite mar aon le cóip de do chárta aitheantais nó de do phas agus cruthúnas ar an taisteal agus/nó an lóistín chuig:
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
Speansas taistil iarrthóirí
L-107
B-1049 an Bhruiséil
An Bheilg
Tá tuilleadh eolais faoi conas iarratas a dhéanamh ar ranníocaíocht i leith costas taistil agus/nó cothaithe le fáil sa fhreagra ar an gceist ghaolmhar seo.
Cad iad na treoracha maidir leis na trialacha ar ríomhaire a dhéanamh?
Féach Fógra Comórtais nó Glao ar Léiriú Spéise an phróisis roghnúcháin a bhfuil tú páirteach ann más mian leat líon ceisteanna, fad ama agus pasmharc na dtrialacha a fháil amach.
An t-ionad trialacha:
Tá seoladh an ionaid trialacha le fáil ach cliceáil ar an nasc sa deimhniú coinne. Beidh an t-eolas sin le fáil i do chuntas EPSO nuair a bheidh coinne déanta agat do na trialacha. Ní mór duit bheith san ionad trialacha 30 nóiméad ar a laghad roimh am do choinne. Níl aon chinnteacht ann go bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh má bhíonn tú mall nó má chailleann tú do choinne.
Iarraimid ort an t-eolas ar an leathanach seo a leanas a léamh: Cé na rialacha iompair sna hionaid trialacha ar ríomhaire? sula ndéanfaidh tú an triail.
Na trialacha ceisteanna ilrogha:
Is é an chéad áit atá ar fáil a thairgfear duit. Má bhíonn tú san ionad go luath, is féidir go dtabharfar an rogha duit na trialacha a dhéanamh níos luaithe ná am do choinne. Má bhíonn moill os cionn 30 nóiméad ann ar chúiseanna nach raibh neart ag conraitheoir EPSO orthu, fadhbanna teicniúla, mar shampla, féadfaidh tú iarraidh ar an ionad trialacha do choinne a aistriú go dáta eile.
Don chás-staidéar, don triail scríofa sa réimse agus do na trialacha aistriúcháin:
Moltar do na hiarrthóirí breis ama a thabhairt dóibh féin san ionad trialacha ar eagla moill gan choinne. Má bhíonn fadhb ann, d'fhéadfaí cur isteach ar sceideal na dtrialacha agus i gcásanna eisceachtúla d'fhéadfadh moill cúpla uair an chloig a bheith i gceist. Tabharfar tuilleadh eolais duit san ionad trialacha más gá.
Seiceáil an chruthúnais céannachta:
Ní mór duit na nithe seo a thabhairt leat go dtí an t-ionad trialacha:
- cóip phriontáilte den deimhniú coinne ó do chuntas EPSO;
- doiciméad bailí a chruthaíonn do chéannacht, ina bhfuil grianghraf díot a tógadh le déanaí agus a bhfuil síniú air, e.g.: pas, cárta aitheantais náisiúnta, ceadúnas tiomána a bhfuil grianghraf air, cead cónaithe náisiúnta/réigiúnach, cárta aitheantais míleata.
- Mura bhfuil síniú leis an ngrianghraf aitheantais, ní mór cruthúnais céannachta bhreise a thabhairt, e.g. ceadúnas tiomána gan ghrianghraf, cárta bainc, cárta creidmheasa.
Ní ceadmhach aon difear a bheith idir na sonraí pearsanta sna doiciméid thuasluaite agus na sonraí pearsanta i do chuntas EPSO.
Tús a chur leis na trialacha:
Tabhair do d'aire nach bhféadfaidh tú athrú deisce a iarraidh.
Nuair a chuirfear tús leis na trialacha, iarrfar ort d'ainm a dheimhniú. Más ainm duine eile an t-ainm atá luaite leis an triail, cliceáil ar 'No' agus cuir an feitheoir ar an eolas láithreach.
Is gnách gur sa dara teanga atá ag an iarrthóir a bhíonn na treoracha uile sna trialacha – an seisiún teagaisc, na chéad chéimeanna ar an ríomhaire, agus an suirbhé san áireamh. Is féidir nach amhlaidh a bheidh i gcás comórtais do theangeolaithe.
Is sna teangacha a roghnaigh tú san fhoirm iarratais a dhéanfaidh tú na trialacha. Is féidir leat sin a sheiceáil i do chuntas EPSO. Ní féidir na roghanna teanga a athrú i ndiaidh duit an fhoirm iarratais a chur isteach.
In aice le gach ríomhaire beidh an trealamh atá luaite thíos:
- clár scríbhneoireachta
- peannmharcóir
- luchóg dheasach
- Ní bhaineann seo ach le trialacha na bpróiseas roghnúcháin CAST/P amháin: áireamhán láimhe ar a bhfuil feidhmeanna bunúsacha (mar atá san íomhá thíos, nó ceann cosúil leis, ag brath ar an áit a bhfuil an t-ionad trialacha). Ós rud é gur áireamháin shimplithe atá in úsáid anois, ní chuirfear treoracha áireamháin ar fáil as seo amach. Fútsa atá sé a chinntiú go bhfuil an t-áireamhán ag feidhmiú i gceart (an chuimhne a ghlanadh san áireamh) sula gcuirfidh tú tús leis na trialacha.
- áireamhán scáileáin (féach íomhá 4 thíos), i gcás na dtrialacha uimhríochta
- plugaí cluaise (ar iarratas)
- cosantóirí cluas (a bhíonn le fáil ar na roinnteoirí idir na ríomhairí nó ar iarratas).
Déan deimhin de go bhfuil an trealamh ar fad ag obair sula gcuirfidh tú tús leis na trialacha. Má bhíonn aon chúnamh de dhíth ort le linn na dtrialacha, cuir suas do lámh chun sin a chur in iúl don fheitheoir.
calculator_1.jpg![]() |
calculator_2.png![]() |
calculator_3.jpg![]() |
calculator2.png![]() |
Seisiún teagaisc:
Sula dtosóidh tú ar na trialacha beidh seisiún teagaisc 5 nóiméad nó 10 nóiméad ann (de réir chineál na trialach) ina dtabharfar míniú ar conas dul trí chéimeanna na dtrialacha agus na ceisteanna a fhreagairt.
Ós rud é go dtugtar mionmhíniú ar thimpeallacht na dtrialacha agus ar conas dul trí chéimeanna na dtrialacha, glactar leis go bhfuil na nithe sin ar eolas agat agus ní ghlacfaidh EPSO le haon ghearán ina leith.
Tá ceisteanna áirithe ann agus d'fhéadfadh sé gur ghá scrollú síos chun an cheist ar fad agus na freagraí uirthi a léamh. Nuair a bheidh deireadh déanta agat sa seisiún teagaisc, cliceáil ar 'END' chun tús a chur leis an triail.
Sosanna agus deireadh a chur leis na trialacha:
Is ceart duit gach triail a chríochnú.
Is féidir go dtáirgfear sos roghnach ag pointe sonrach le linn na dtrialacha. Beidh am beacht an tsosa leagtha síos sa litir chuiridh.
Déan deimhin de nach gcuirfidh tú deireadh leis an sos de thaisme (trí 'END' a chliceáil) mar go gcuirfidh sin tús leis an gcéad triail eile.
Má imíonn tú as an seomra trialacha aon uair eile le linn na dtrialacha (sos gan choinne), ní thabharfar aon am breise duit mar chúiteamh air sin.
I gcás trialacha áirithe, féadfaidh tú imeacht roimh dheireadh na dtrialacha ach é a dhéanamh go ciúin agus tar éis duit an feitheoir a chur ar an eolas.
Ní mór duit síniú amach gach uair a imeoidh tú as an seomra trialacha agus síniú isteach gach uair a fhillfidh tú.
Suirbhé:
I ndeireadh na dtrialacha (ach amháin i gcás thriail an bhosca isteach ríomhphoist), iarrfar ort suirbhé 5 nóiméad a líonadh isteach faoi conas a bhí an t-ionad trialacha agat. Ní ceart an suirbhé sin a úsáid chun tuairimí a thabhairt faoi cheisteanna teicniúla nó chun neodrú ceisteanna a iarraidh (féach na 'ceisteanna coitianta' ábhartha). Ní thugtar marc don suirbhé sin.
I ndiaidh na dtrialacha:
Féadfaidh tú deimhniú láithreachta a iarraidh san ionad trialacha i ndeireadh na dtrialacha.
Ní thugtar torthaí na dtrialacha san ionad trialacha.
I ndiaidh dhúnadh na fuinneoige tástála próiseálann Prometric na torthaí, seoltar chuig EPSO iad agus faomhann an Bord Roghnúcháin iad ag cruinniú lena aghaidh sin. Maireann an próiseas sin roinnt seachtainí de ghnáth.
Is féidir go bhfadófar tréimhse na dtrialacha más gá.
Cé hiad na rialacha iompair sna hionaid trialacha ar ríomhaire?
Aon duine nach gcomhlíonann na rialacha iompair, is féidir go gcuirfear amach as an ionad trialacha agus go ndícháileofar ón gcuid eile den phróiseas roghnúcháin é.
Ní mór Rialacha Ionaid Trialacha Prometric (a bheidh le fáil freisin san ionad trialacha lá na dtrialacha) a chomhlíonadh agus na treoracha uile ó fhoireann an ionaid trialacha a leanúint.
Déantar feitheoireacht ar gach seisiún agus déantar gach seisiún a fhístaifeadadh. Chun a chinntiú go mbeidh an tslándáil i réim san ionad trialacha, siúlfaidh na feitheoirí tríd an seomra go rialta agus na hiarrthóirí i mbun na dtrialacha.
Is ceadmhach bia agus deoch a thabhairt isteach sa seomra feithimh ach ní ceadmhach iad a thabhairt isteach sa seomra trialacha. Ní chuirtear bia agus deoch ar fáil sna hionaid trialacha.
Ní mór na trialacha a dhéanamh agus gan aon áis ná trealamh d'aon saghas de chúnamh agat, seachas iad sin a chuirfear ar fáil duit san ionad trialacha.
Na rudaí ar fad a bhfuil toirmeasc orthu (e.g. uaireadóirí, páipéar agus pinn, leabhair, nótaí, treoracha, málaí cáipéisí, málaí, áireamháin, ríomhairí, ríomhairí glúine, táibléid, fóin phóca, seinnteoirí MP3, ceamaraí), ní mór iad a fhágáil sna taisceadáin a bheidh ar fáil. Aon ghléas a chuireann fuaim as, ní mór é a mhúchadh. I gcás cuid de na trialacha aistriúchán (má tá sin luaite san fhógra comórtais), bíonn cead ag iarrthóirí a gcuid foclóirí a thabhairt isteach. Féach an cheist choiteann seo: "An bhfuil cead agam mo chuid foclóirí a úsáid sna trialacha?".
Is féidir go mbeidh ort do spéaclaí a bhaint díot roimh dhul isteach san ionad trialacha ionas gur féidir iad a scrúdú go grinn.
Ní ceadmhach seodra seachas fáinní pósta agus fáinní gealltanais a chaitheamh sa seomra trialacha.
Aon bhaill éadaigh nó píosaí seodra is ceadmhach a chaitheamh sa seomra trialacha, ní mór iad a choinneáil ort i rith an ama. Aon bhaill éadaigh nó seodra a bhaineann tú díot, ní mór iad a stóráil sa taisceadán.
Ní ghlacann Prometric ná EPSO le haon fhreagracht as rudaí a thugtar go dtí an t-ionad trialacha agus a chailltear nó a ndéantar damáiste dóibh.
Ós rud é nach ndéanfar an scanadh slándála ar iarrthóirí atá ag súil le breith, is ceart don iarrthóir nach mian leis dul faoin scanadh foireann Prometric a chur ar an eolas faoi sin.
Tá lántoirmeasc ar ábhar trialach a chóipeáil nó a thaifeadadh ar aon dóigh agus ar é a chur ar fáil go poiblí. Is le EPSO ábhar uile na dtrialacha.
Tá lántoirmeasc ar thabac a chaitheamh san ionad trialacha.
Ní ceart labhairt sa seomra trialacha. Má bhíonn aon chúnamh de dhíth ort, cuir sin in iúl d'fheitheoir trí do lámh a chur suas.
Ní ghlacfar le haon iompar drochbhéasach, díspeagúil, nó bagarthach i leith baill foirne den ionad trialacha nó i leith iarrthóirí eile agus is féidir go ndícháileofar an duine a iompraíonn é féin mar sin ón gcomórtas.
Conas na trialacha ar ríomhaire a chur in áirithe.
Cuirfear in iúl duit cad iad dátaí tosaigh agus deiridh na tréimhse déanaimh coinne trí do chuntas EPSO agus tríd an suíomh EPSO. Beidh nasc chuig córas bainistithe coinní an chonraitheora gníomhach i do chuntas EPSO le linn na tréimhse déanaimh coinní agus lena linn sin amháin.
Féadfaidh tú tír, ionad, dáta agus am na dtrialacha a roghnú, ach iad a bheith ar fáil. Tabhair faoi deara nach mbeidh na hionaid trialacha go léir ar fáil i gcónaí. Braitheann pleanáil acmhainneachta na n-ionad trialacha éagsúla ar uaireanta oscailte gach ionaid trialacha, ar líon na stáisiún oibre a bhíonn ar fáil, agus ar líon na n-iarrthóirí a roghnaigh ionad áirithe.
Táirgfear réimse dátaí trialacha níos cúinge i gcás trialacha áirithe (aistriúchán, triail an inbhosca ríomhphoist). Bíonn an cás-staidéar agus an triail scríofa sa réimse seo ar siúl ar aon lá amháin le haghaidh na n-iarrthóirí uile, de ghnáth.
Ní gá cloí leis an ionad trialacha a luaigh tú i d'fhoirm iarratais; is féidir ionad trialacha eile a roghnú.
Nuair a chuirfear an nasc coinní ar obair, gheobhaidh tú ar shuíomh gréasáin Prometric liosta de na hionaid trialacha a bheidh ar fáil (i mBallstáit uile an Aontais agus, i gcás roinnt próiseas, ar fud an domhain). Mura ndéanfaidh tú coinne le linn na tréimhse déanaimh coinní, measfar go bhfuil d'iarratas tarraingthe siar.
Féach i do chuntas EPSO go rialta. Ní bhfaighidh tú fógra ríomhphoist nuair a chuirfear an nasc chuig an suíomh gréasáin ar a ndéantar na coinní ar obair.
An nós imeachta maidir le coinne a dhéanamh, ní mór é a leanúint ina iomláine, mar atá go dtí an scáileán deireanach. Murar gineadh uimhir dheimhniúcháin nó mura bhfuair tú ríomhphost ón gconraitheoir, is é rud nach bhfuil an choinne déanta agat mar is ceart.
Is ionann an líon laethanta a bhíonn ag gach iarrthóir chun coinne a dhéanamh le haghaidh trialacha, cibé am a dhéanann siad iarratas.
Féach na seatanna scáileáin de chéimeanna an nóis imeachta maidir le coinne a dhéanamh.
Cad í an chéad chéim eile i ndiaidh dom coinne a dhéanamh?
Caol díreach i ndiaidh duit coinne a dhéanamh, gheobhaidh tú ríomhphost deimhniúcháin ó Prometric. Seiceáil d'fhillteán turscair/dramhphoist mura bhfeice tú é.
Tá an cód trialach atá luaite sa ríomhphost deimhniúcháin maidir leis na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire agus le triail an inbhosca ríomhphoist ag freagairt don dara teanga agat, mar atá an teanga ina mbeidh na treoracha i dtimpeallacht na dtrialacha. I gcás an chás-staidéir, na dtrialacha scríofa sa réimse agus na dtrialacha aistriúcháin tá an cód sin ag freagairt d'eolas breise faoi theanga na dtrialacha agus faoin méarchlár chomh maith.
Lena chois sin, uaslódálfar deimhniú coinne i do chuntas EPSO faoi cheann 48 n-uaire an chloig ó rinneadh an choinne. Is ceart an deimhniú sin a phriontáil agus a thabhairt leat go dtí an t-ionad trialacha, mar aon le cruthúnas céannachta (féach 'Cad iad na treoracha maidir leis na trialacha ar ríomhaire a dhéanamh?').
Conas na trialacha ar ríomhaire a athsceidealú?
Le linn na tréimhse déanaimh coinní agus na tréimhse trialacha is féidir an choinne le haghaidh triail ceisteanna ilrogha a athsceidealú ach an t-am atá á lorg a bheith ar fáil, agus ar na coinníollacha seo a leanas:
- i dtús báire, is ceart fanacht go dtí go n-uaslódálfar an deimhniú coinne ar do chuntas EPSO (faoi cheann 24 uair an chloig ó dhéantar an choinne, de ghnáth), mar is ann a bheidh an uimhir dheimhniúcháin agus an cód a bheidh de dhíth ort chun an coinne a athsceidealú;
- is féidir an choinne a rinneadh roimhe a athsceidealú tráth ar bith go dtí an lá roimh an gcoinne;
- is as na coinní a thaispeántar sa chóras, agus astu sin amháin, is féidir an choinne nua a roghnú;
- is féidir áit an ionaid trialacha a athrú (ach an áit a bheith ar fáil);
- ní mór an nós imeachta athsceidealaithe a leanúint ina iomláine, mar atá go dtí an scáileán deireanach (mura ndéanfar ina iomláine é, beidh an chéad choinne bailí fós);
- ní mór duit deimhniú na coinne uasdátaithe a phriontáil agus a thabhairt leat go dtí an t‑ionad trialacha.
Is féidir teacht ar chóras bainistithe coinní Prometric tríd an nasc sa deimhniú coinne i do chuntas EPSO.
Féach anseo na seatanna scáileáin de chéimeanna an nóis imeachta maidir le hathsceidealú.
Cúinsí eisceachtúla
Ar chúinsí eisceachtúla (e.g. tinneas tromchúiseach, breith linbh, bás céile, duine clainne, tuismitheora, dearthár nó deirféar), d'fhéadfadh sé go gceadódh EPSO athsceidealú a dhéanamh (ach an t-am atá á iarraidh a bheith ar fáil).
Ní féidir, ar chúinse ar bith (cúinsí eisceachtúla san áireamh), athsceidealú a iarraidh sna cásanna seo a leanas:
- le linn na seacht lá féilire dheireanacha de thréimhse na dtrialacha más faide an tréimhse sin ná 14 lá féilire;
- le linn na trí lá féilire dheireanacha de thréimhse na dtrialacha más é fad na tréimhse sin 14 lá féilire nó níos lú;
Is ceart duit dul i dteagmháil le EPSO gan mhoill, agus d'uimhir iarratasóra agus gach doiciméad fianaise a bhaineann le hábhar a chur leis an teachtaireacht, e.g. teastas dochtúra, nach mór dó dáta na coinne a chumhdach.
Cuirfear ar an eolas thú a luaithe a dhéanfar cinneadh faoin athsceidealú, ach féach nach gcuirfear san áireamh ach cúinsí atá eisceachtúil go fírinneach agus a gcuirfear cruthúnas orthu ar fáil.
Ní féidir cás-staidéar, scrúdú scríofa sa réimse lena mbaineann, ná trialacha an bhosca isteach ríomhphoist nó trialacha aistriúcháin a athsceidealú.
Conas a chuirtear trialacha ar ríomhaire ar ceal?
Má chinneann tú gan na trialacha a dhéanamh, is ceart duit do choinne a chur ar ceal, sa chaoi go mbeidh an áit sin ar fáil d'iarrthóir eile. Is féidir sin a dhéanamh tráth ar bith go dtí 48 n-uair an chloig roimh an am atá an choinne le bheith ann.
Ní féidir dul siar ar an gcinneadh sin agus cuirfidh sé deireadh le do rannpháirtíocht sa phróiseas roghnúcháin.
Is féidir teacht ar chóras bainistithe coinní Prometric tríd an nasc sa litir deimhnithe coinne i do chuntas EPSO.
Féach anseo na seatanna scáileáin de chéimeanna an nóis imeachta cealúcháin.
Cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil má bhíonn fadhbanna teicniúla ann agus mé ag déanamh coinne le haghaidh na dtrialacha ar ríomhaire?
Má bhíonn fadhbanna teicniúla ann agus tú ag déanamh coinne le haghaidh trialacha ar ríomhaire, ag athsceidealú trialacha nó á gcur ar ceal, téigh i dteagmháil go díreach le Prometric ar an bhfón, le ceann de na huimhreacha thíos (saorghlao le formhór na soláthraithe teileachumarsáide):
An Ostair: 0800 201 768
An Bheilg: 0800 80293
An Bhulgáir: 00800 1104423
An Chróit: 0800 222 354
An Chipir: 800 91198
Poblacht na Seice: 800 900 549
An Danmhairg: 8060 0064
An Eastóin: 800 0044 235
An Fhionlainn: 0800 97543
An Fhrainc: 0805 54 03 72
An Ghearmáin: 0800 101 5487
An Ghréig: 00800 4414 0600
An Ungáir: 06 80 981 361
Éire: 1800 882 168
An Iodáil: 800 917 585
An Laitvia: 800 2565
An Liotuáin: 8800 30392
Lucsamburg: 0800 26701
Málta: 800 62442
An Ísiltír: 0800 020 0951
An Pholainn: 00800 4411 842
An Phortaingéil: 800 207 477
An Rómáin: 0800 894557
An tSlóvaic: 0800 004 493
An tSlóivéin: 0800 80871
An Spáinn: 900 811 189
An tSualainn: 201 701 533
Is féidir leat glaoch ar +31 320 239 575 freisin. Tabhair do d'aire nach uimhir shaorghlao í an uimhir sin.