Dá ligfeadh an Bord Roghnúcháin isteach sa chomórtas arís thú tar éis athbhreithniú a dhéanamh, thiocfá ar ais isteach ag an gcéim céanna ónar cuireadh amach thú, ainneoin cé chomh fada a bheadh an comórtas bogtha ar aghaidh idir an dá linn.
Cad a tharlódh dá ligfí isteach sa chomórtas arís mé tar éis athbhreithniú a dhéanamh, ach go mbeadh an comórtas bogtha ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile cheana?
Tá iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach agam agus níl freagra faighte agam fós, ar cheart dom meabhrú a chur?
Má fuair tú adhmháil le cur in iúl go bhfuarthas do ghearán, níor cheart duit meabhrú a chur mura bhfuil am suntasach caite ó chur tú isteach é.
Is féidir go mbeidh roinnt seachtainí i gceist chun freagraí ar athbhreithnithe a ullmhú. Ní mór don Bhord Roghnúcháin teacht le chéile chun cinneadh a dhéanamh faoi, agus is ina dhiaidh sin amháin a dhéantar freagraí a ullmhú agus a chur.
Tá mé faoi mhíchumas agus bhí deacrachtaí agam mo chuntas EPSO agus/nó suíomh gréasáin EPSO a rochtain le linn an phróisis roghnúcháin a raibh mé páirteach ann. Cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil chun mo chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl?
Accessibility is very important to EPSO. We continually work to improve the accessibility of our communication and selection procedures.
However, if you run into difficulties linked to the accessibility of your EPSO account or our website, please contact us to share your observations and recommendations.
If necessary, EPSO produces adapted formats accessible to assistive technology
Your feedback is essential to us. It helps us improve our services by making them more accessible to everyone.
You can find out more about EPSO's work to improve accessibility on our equal opportunities webpage.
Cad is ceart dom a dhéanamh má fheictear dom nár caitheadh go cothrom liom i gcomórtas i ngeall ar na saintréithe a bhaineann liom?
Is mór ag EPSO an comhionannas, an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú agus bíonn sé ar a dhícheall féachaint chuige go bhfuil na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.
Má fheictear duit gur caitheadh leat ar dhóigh éagórach nó idirdhealaitheach i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na saintréithe seo: gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, má fheictear sin duit, déan teagmháil linn láithreach chun do chuid tuairimí agus mothúchán a chur in iúl dúinn.
Tugaimid an-aird ar an aiseolas a thugann iarratasóirí dúinn óir is iad atá i gcroílar ár gcuid beartas agus cleachtas maidir le comhionannas, éagsúlacht agus bainistiú ionchuimsithe. Tá tuilleadh eolais faoin dóigh a gcuirimid na beartais sin i bhfeidhm, ar ár leathanach comhdheiseanna.
Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil neamhréir idir an t-aiseolas a tugadh dom i dtaobh an agallaimh eolasbhunaithe agus an marc a ghnóthaigh mé ag céim an ‘Talent Screener’. An ndearnadh botún?
Is éard atá i gcéim an ‘Talent Screener’ céim den phróiseas iontrála ina ndéantar an roghnú ar bhonn an eolais a thug an t-iarrthóir i rannán an ‘Talent Screener’ san fhoirm iarratais. Os a choinne sin, is éard atá san agallamh eolasbhunaithe agallamh struchtúrtha atá bunaithe ar an eolas a tugadh sa ‘Talent Screener’ ach is é is aidhm dó sin inniúlachtaí sonracha an iarrthóra a mheas. Dá bhrí sin, ní gá gurb ionann marc ard a ghnóthú sa ‘Talent Screener’ agus marc ard a ghnóthú san agallamh mar is triail ar leith é an t-agallamh struchtúrtha.
Ar scrúdaigh an Bord Roghnúcháin m’iarratas ina iomláine agus marcanna á dtabhairt ar bhonn an eolais a thug mé sa scagaire buanna (talent screener)?
Níor scrúdaigh. Is ar bhonn an eolais a tugadh sa scagaire buanna AGUS AR A BHONN SIN AMHÁIN a thugtar marcanna i roinn an scagaire buanna.
Cén fáth a raibh an marc a ghnóthaigh mé sa scagaire buanna níos ísle ná an marc a raibh coinne agam leis?
De réir chás-dlí ábhartha na Cúirte fiú má bhíonn tú cinnte faoi conas is ceart do chuid taithí agus/nó cáilíochtaí a chur san áireamh, tá an chinnteacht phearsanta sin suibiachtúil agus ní féidir glacadh léi in áit mheasúnú an Bhoird Roghnúcháin. Ní hionann an chinnteacht sin agus fianaise dhoshéanta go ndearna an Bord earráid fhollasach.
Is fútsa atá sé an t-eolas riachtanach ar fad a sholáthar don Bhord Roghnúcháin (i.e. dóthain sonraí a thabhairt agus gach ceist a fhreagairt), chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ort leis an scagaire buanna (talent screener).
Is féidir cúiseanna éagsúla a bheith le cinneadh an Bhoird Roghnúcháin tú a chur as an áireamh ar bhonn na gcritéar meastóireachta réamhshocraithe:
- Níl do dhioplóma agus/nó na hábhair a ndearna tú staidéar orthu ag teacht a oiread is gá leis na critéir réamhshocraithe.
- Ní leor an bhaint idir do thaithí oibre agus réimse an chomórtais.
- Na dualgais a bhí ort nó na freagrachtaí a bhí ort i do phost (e.g. méid an bhuiséid a bhí le láimhseáil nó an líon fostaithe a bhí á mbainistiú), níl siad ag teacht leis na critéir réamhshocraithe, sin nó ní raibh an cuntas a tugadh orthu sa scagaire buanna san fhoirm iarratais mionsonraithe a dhóthain.
- Níl an t-eolas a thug tú faoi fhad do thaithí oibre mionsonraithe a dhóthain (e.g. níor tugadh an dáta tosaigh agus an dáta deiridh).
- Níl do thaithí sa réimse i gceist fada a dóthain, sin nó is i ndiaidh bhaint amach an dioplóma is gá chun cur isteach ar an gcomórtas a fuarthas í.
- Thug tú freagra diúltach ar cheist(eanna) agus dá thoradh sin is é 0 an marc a tugadh duit.
- Mar fhreagra ar cheist, luaigh tú an freagra a thug tú ar cheist eile (ní thugtar marcanna don fhreagra céanna ach aon uair amháin mar nach féidir an t-eolas céanna a chur san áireamh níos mó ná uair amháin).
- Mar fhreagra ar cheist sa scagaire buanna, luaigh tú freagra a thug tú ar cheist i gcuid eile den fhoirm iarratais, nach gcuirtear san áireamh sa scagadh.
- Níor thug tú freagra ar gach ceist sa scagaire buanna.
An bhfuil an fhaisnéis léite agat agus ar mhaith leat gearán a dhéanamh anois?