Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach comhlacht feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh. Faoin gCoimisiún agus faoin gCoimisiún amháin atá sé tograí le haghaidh reachtaíocht Eorpach nua a dhréachtú, agus is é a chuireann cinntí Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm.

Sa Bhruiséil (sa Bheilg) agus i Lucsamburg atá formhór oifigí an Choimisiúin Eorpaigh lonnaithe. Is é an Coimisiún Eorpach an fostóir is mó de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh; tá baill foirne aige san Eoraip agus in oifigí dá chuid ar fud an domhain. Tá roinnt post speisialaithe ann freisin, mar shampla poist do dhaoine a bhfuil cúlra acu san eolaíocht, i dteangacha nó sa staidreamh/eacnamaíocht.

Location
An Bhruiséil (an Bheilg)