Cúntóirí i réimse na slándála oibríochtúla
Uimhir:
EPSO/AST/155/22 - 1
An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh
17/11/2022
An spriocdháta d'iarratais
20/12/2022 - 12:00 (am na Bruiséile)
Grád:
AST 3
Institiúid/Gníomhaireacht
Cineál an chonartha
Áit(eanna):
An Bhruiséil (an Bheilg),
Lucsamburg (Lucsamburg),
Strasbourg (an Fhrainc)
An nós imeachta roghnúcháin
4. An próiseas roghnúcháin (bailí i ngach cás) – NUA
- Tá roinnt céimeanna sa phróiseas roghnúcháin. Ach amháin sa chás go bhfuil dáta agus sprioc-am an phróisis roghnúcháin luaite, is ceart a mheas nach bhfuil san amchlár atá tugtha ach amchlár garbh.
- San fhógra comórtais/sa ghlao ar léiriú spéise tá cur síos ar shonraí iomlána na gcéimeanna éagsúla, amhail na cineálacha trialacha agus na pasmharcanna is gá a ghnóthú chun an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin a bhaint amach, agus ba cheart iad a léamh go cúramach.
- Is trí do chuntas EPSO a dhéanfar cumarsáid leat. Sa chuntas sin beidh fáil ar gach eolas faoin dul chun cinn atá déanta agat sa phróiseas roghnúcháin, na cuirí chun trialacha, torthaí na dtrialacha, srl.
- Moltar duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad le linn an phróisis roghnúcháin.
- Ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé nár leor pasmharcanna a ghnóthú sna trialacha i gcásanna áirithe. D’fhéadfadh sé nach gcuirfear ach na daoine a ghnóthaíonn na marcanna is airde ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin.
Competition overview
Is ar mhaithe le heolas atá an méid seo thíos. Coimeádann EPSO an ceart aige féin an t-eolas a athrú tráth ar bith, agus is minic a fhoilsíonn sé nuashonruithe.
Ní fhoilsíonn EPSO ach an líon garbh iarrthóirí dá dtugtar cuireadh chuig príomhchéimeanna an chomórtais.
Is trí na litreacha agus trí na teachtaireachtaí i gcuntais EPSO na n-iarrthóirí, agus tríothu sin amháin, a sheoltar an phleanáil/an t-eolas deimhnithe deiridh.
Tabhair do d’aire gur trí thástáil ar a ndéanfar feitheoireacht chianda a dhéanfar gach triail.
Competition stage | Period/State | Number of candidates | Minimum score |
---|---|---|---|
Applications | 17/11/2022 - 20/12/2022 | 1587 | N/A |
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a chur in áirithe | 17/01/2023 - 23/01/2023 | ||
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a ndéanfar feitheoireacht chianda orthu — an tréimhse thástála | 30/01/2023 - 07/02/2023 | ||
Admission to the Assessment Centre | 12/05/2023 | 137 | 31 |
An tIonad Measúnaithe | mid 6/2023 - mid 10/2023 (indicative) | ||
An cás-staidéar a chur in áirithe | 15/06/2023 - 22/06/2023 | ||
Cás-staidéar | 05/07/2023 |
Dátaí tábhachtacha
- An cás-staidéar a chur in áirithe : 15/06/2023 - 22/06/2023
- An tIonad Measúnaithe : mid 6/2023 - mid 10/2023 (indicative)