Dlítheangeolaithe Gaeilge (GA)
Uimhir
EPSO/AD/396/21
An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh
18/11/2021
An spriocdháta d'iarratais
25/01/2022 - 12:00 (am na Bruiséile)
Grád:
AD 7
Institiúid/Gníomhaireacht
Cineál an chonartha
Áit(eanna):
Lucsamburg (Lucsamburg)
An nós imeachta roghnúcháin
4. An próiseas roghnúcháin (bailí i ngach cás) – NUA
- Tá roinnt céimeanna sa phróiseas roghnúcháin. Ach amháin sa chás go bhfuil dáta agus sprioc-am an phróisis roghnúcháin luaite, is ceart a mheas nach bhfuil san amchlár atá tugtha ach amchlár garbh.
- San fhógra comórtais/sa ghlao ar léiriú spéise tá cur síos ar shonraí iomlána na gcéimeanna éagsúla, amhail na cineálacha trialacha agus na pasmharcanna is gá a ghnóthú chun an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin a bhaint amach, agus ba cheart iad a léamh go cúramach.
- Is trí do chuntas EPSO a dhéanfar cumarsáid leat. Sa chuntas sin beidh fáil ar gach eolas faoin dul chun cinn atá déanta agat sa phróiseas roghnúcháin, na cuirí chun trialacha, torthaí na dtrialacha, srl.
- Moltar duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad le linn an phróisis roghnúcháin.
- Ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé nár leor pasmharcanna a ghnóthú sna trialacha i gcásanna áirithe.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gurbh iad na daoine a ghnóthódh na marcanna is airde, agus iad sin amháin, a rachadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin.
Amchlár táscach
Is ar mhaithe le heolas an méid seo thíos. Coimeádann EPSO an ceart aige féin é a athrú am ar bith, agus is minic a fhoilsítear nuashonruithe. Is trí na litreacha agus trí na teachtaireachtaí i gcuntais EPSO na n-iarrthóirí, agus tríothu sin amháin, a sheoltar an phleanáil/an t-eolas deimhnithe deiridh.
Seiceálacha incháilitheachta | curtha i gcrích |
Na trialacha aistriúcháin – an tréimhse coinní a dhéanamh | 05/04/2022 - 12/04/2022 |
An réamhthriail: aistriúcháin | 02/05/2022 |
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a chur in áirithe | end 9/2022 - beginning 10/2022 (indicative) |
Na trialacha ilrogha ar ríomhaire in ionaid trialacha agus a ndéanfar feitheoireacht chianda orthu – tréimhse tástála | 12/10/2022 - 13/10/2022 |
An tIonad Measúnaithe Cianda | beginning 11/2022 - beginning 12/2022 (indicative) |
Doiciméid thábhachtacha
An líon iarratas
40
Nuacht ghaolmhar
Post date: 07/03/2022
Post date: 17/12/2021