Cúntóirí Teanga - Eastóinis (ET)
Uimhir
EPSO/AST/152/22 - ET
An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh
21/04/2022
An spriocdháta d'iarratais
24/05/2022 - 12:00 (am na Bruiséile)
Grád:
AST 1
Institiúid/Gníomhaireacht
Cineál an chonartha
Áit(eanna):
An Bhruiséil (an Bheilg),
Lucsamburg (Lucsamburg),
Strasbourg (an Fhrainc)
An nós imeachta roghnúcháin
4. An próiseas roghnúcháin (bailí i ngach cás) – NUA
- Tá roinnt céimeanna sa phróiseas roghnúcháin. Ach amháin sa chás go bhfuil dáta agus sprioc-am an phróisis roghnúcháin luaite, is ceart a mheas nach bhfuil san amchlár atá tugtha ach amchlár garbh.
- San fhógra comórtais/sa ghlao ar léiriú spéise tá cur síos ar shonraí iomlána na gcéimeanna éagsúla, amhail na cineálacha trialacha agus na pasmharcanna is gá a ghnóthú chun an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin a bhaint amach, agus ba cheart iad a léamh go cúramach.
- Is trí do chuntas EPSO a dhéanfar cumarsáid leat. Sa chuntas sin beidh fáil ar gach eolas faoin dul chun cinn atá déanta agat sa phróiseas roghnúcháin, na cuirí chun trialacha, torthaí na dtrialacha, srl.
- Moltar duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad le linn an phróisis roghnúcháin.
- Ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé nár leor pasmharcanna a ghnóthú sna trialacha i gcásanna áirithe.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gurbh iad na daoine a ghnóthódh na marcanna is airde, agus iad sin amháin, a rachadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin.
Amchlár táscach
Is ar mhaithe le heolas an méid seo thíos. Coimeádann EPSO an ceart aige féin é a athrú am ar bith, agus is minic a fhoilsítear nuashonruithe. Is trí na litreacha agus trí na teachtaireachtaí i gcuntais EPSO na n-iarrthóirí, agus tríothu sin amháin, a sheoltar an phleanáil/an t-eolas deimhnithe deiridh.
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a chur in áirithe | 26/07/2022 - 01/08/2022 |
Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a ndéanfar feitheoireacht chianda orthu — an tréimhse thástála | 29/08/2022 - 06/09/2022 |
Dátaí tábhachtacha
- Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a ndéanfar feitheoireacht chianda orthu — an tréimhse thástála : 29/08/2022 - 06/09/2022
Doiciméid thábhachtacha
An líon iarratas
74