Tá EPSO i mbun samhail chomórtais níos simplí agus níos tapúla a fhorbairt i láthair na huaire. Ar an gcúis sin, ní sheolfar timthriall iomaíochta 2023 go dtí mí na Bealtaine 2023. Féach thíos na próisis roghnúcháin atá á n-ullmhú.
Beidh tú in ann teacht ar na sonraí go léir ar ár suíomh gréasáin agus ar ár gcainéil ar na meáin shóisialta. Go dtí mí na Bealtaine, beidh tú fós in ann féachaint ar an rogha de dheiseanna fostaíochta an Aontais atá ar ár suíomh gréasáin Iarratais atá ar oscailt.
- Eacnamaithe (AD6 - Bealtaine 2023)
- Riarthóirí i réimse na maoine intleachtúla (AD6 - Bealtaine 2023)
- Riarthóirí i réimsí an Bhainistithe Géarchéime, na hImirce agus na Slándála Inmheánaí (AD7 - Meitheamh 2023)
- Riarthóirí i réimse an iompair (AD7 - Iúil 2023)
- Riarthóirí - Ginearálaithe (AD5 - Meán Fómhair 2023)