Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Ceanglais incháilitheachta ghinearálta agus shonracha

agenda pencil glasses usb key

Is coinníollacha iad na ceanglais incháilitheachta ghinearálta agus shonracha nach mór do na hiarrthóirí a chomhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh. 

Tá ceanglais éagsúla ann, ag brath ar cé acu le bheith ina mball foirne buan, ina ngníomhaire sealadach nó ina ngníomhaire ar conradh, nó ina Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht (SNE) a dhéanann iarrthóirí iarratas. 

Tá na critéir incháilitheachta agus na híoscheanglais go léir sonraithe san fhógra comórtais, sa ghlao ar léiriú spéise nó san fhógra folúntais a ghabhann le gach fógra maidir le deis fostaíochta

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin bpróiseas roghnúcháin ar an leathanach faoin bpróiseas roghnúcháin.
 

Ceanglais Incháilitheachta Ghinearálta

Ní mór do na hiarratasóirí ar fad trí chritéar incháilitheachta ghinearálta ar a laghad a chomhlíonadh:  

  • cearta iomlána a bheith acu mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach,
  • gach oibleagáid dlí a bheith comhlíonta acu arna bhforchur faoi dhlíthe náisiúnta i dtaca le seirbhís mhíleata,
  • na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

Féadfaidh institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais critéir incháilitheachta bhreise a chur leis.

Ceanglais Incháilitheachta Shonracha

Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí ceanglais shonracha a chomhlíonadh, mar atá leagtha amach san fhógra comórtais, sa ghlao ar léiriú spéise nó san fhógra folúntais.

  • Ceanglais Teanga 

Ní mór an leibhéal is gá a bheith agat in dhá cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais le haghaidh an phróisis roghnúcháin a bhfuil tú ag cur isteach air. Tá na ceanglais shonracha teanga le fáil san fhógra comórtais, sa ghlao ar léiriú spéise nó san fhógra folúntais lena mbaineann. Tá leibhéil éagsúla eolais leagtha síos i Leibhéil na dTeangacha Eorpacha – Greille Féinmheasúnachta.

  • Ceanglais Oideachais 

Is de réir na bpróifílí atá á lorg a bhíonn na riachtanais oideachais íosta. Go ginearálta:

Poist nach do chéimithe iad (leibhéal cúntóirí; grúpa feidhme I: tacaíocht láimhe agus riaracháin; grúpa feidhme II: cúraimí cléireachais/rúnaíochta/bainistíochta oifige; grúpa feidhme III: cúraimí riaracháin/comhairleacha/teangeolaíocha/teicniúla), ní mór duit oideachas meánscoile a bheith críochnaithe agat 

Poist do chéimithe (leibhéal riarthóirí; grúpa feidhme IV), is gá oideachas ollscoile (trí bliana ar a laghad) a bheith críochnaithe agat.

  • Taithí oibre 

Ní mór duit na ceanglais a chomhlíonadh i dtaca le taithí ghairmiúil mar atá leagtha síos san fhógra comórtais, sa ghlao ar léiriú spéise nó san fhógra folúntais lena mbaineann.

  • Ceanglais aoise

Níl aon teorainn aoise ann chun iarratas a dhéanamh ar phost in institiúid de chuid an Aontais; mar sin féin, is í 66 an aois inphinsin d’oifigigh nua-earcaithe. Tá tuilleadh eolais ina thaobh sin le fáil i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.
 

Chun eolas níos mionsonraithe a fháil, féach leat rannán na gCeisteanna Coitianta faoi na Critéir Incháilitheachta.