Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Sa ráiteas príobháideachais seo, tugtar eolas duit faoi phróiseáil agus cosaint do shonraí pearsanta.

 

An oibríocht phróiseála: Seirbhís Teagmhála d'Iarrthóirí - EPSO

An Rialaitheoir Sonraí: EPSO

Tagairt taifid: DPR-EC-01156.1

 

  1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Tá gach eolas faoi oibríocht phróiseála ‘Seirbhís Teagmhála d’Iarrthóirí - EPSO’ a fheidhmíonn EPSO ar fáil thíos.

 

  1. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn EPSO do chuid sonraí pearsanta agus úsáideann sé iad chun próiseáil a dhéanamh orthu, agus chun iarrataí ar fhaisnéis agus ceisteanna éagsúla eile a chuirtear faoi bhráid EPSO trína Sheirbhís Teagmhála d'Iarrthóirí a fhreagairt.

Seirbhís faisnéise le haghaidh saoránach (iarrthóirí san áireamh) is ea Seirbhís Teagmhála EPSO d'Iarrthóirí, agus cuireann sí freagraí díreacha pearsanta ar fáil agus/nó treoraíonn sí saoránaigh chuig foinsí faisnéise ábhartha eile nó tugann sí comhairle maidir le ceisteanna a bhaineann le roghnú ball foirne d'institiúidí an Aontais Eorpaigh. Nuair is cuí, cuirtear saoránaigh ar aghaidh chuig oifigeach de chuid institiúidí an Aontais nó chuig comhlacht eile ar cheart go mbeadh sé in ann na fadhbanna sonracha atá acu a réiteach.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

 

  1. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

• is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

• is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh.

Tá bunús na próiseála leagtha síos sna dlíthe seo a leanas de chuid an Aontais:

Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385), arna leasú go deireanach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1611 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2016. Cinneadh Uimh. 2002/620/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún Eorpach, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ó Choiste na Réigiún agus ón Ombudsman Eorpach an 25 Iúil 2002 lena mbunaítear Oifig um Roghnú Foirne na gComhphobal Eorpach. Cinneadh Uimh. 2002/621/CE ó Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin Eorpaigh, ó Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, ó Ard-Rúnaithe na Cúirte Iniúchóirí, Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa, agus Choiste na Réigiún agus ó Ionadaí an Ombudsman Eorpaigh an 25 Iúil 2002 maidir le heagrú agus feidhmiú Oifig um Roghnú Foirne na gComhphobal Eorpach.

Próiseálaimid catagóirí speisialta sonraí pearsanta – is iad sin sonraí maidir le sláinte – toisc:

  • gur thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch shonraithe amháin nó níos mó;
  • gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus na cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithe le dlí an Aontais lena bhforáiltear maidir le coimircí iomchuí ar chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí;
  • gur gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a dhéanfaidh foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú.

     
  1. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn EPSO na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

  • céadainm
  • sloinne
  • teideal
  • seoladh ríomhphoist
  • Uimhir iarrthóra (nuair is infheidhme)
  • rogha teangacha don chumarsáid
  • uimhir theileafóin (roghnach)
  • b’fhéidir catagóirí eile sonraí pearsanta atá i dtéacs na ceiste.

Is éigean sonraí pearsanta a chur ar fáil sna réimsí seo a leanas: céadainm, sloinne, teideal, seoladh ríomhphoist, uimhir iarrthóra (nuair is infheidhme), rogha teangacha le haghaidh na cumarsáide. Mura gcuirfidh tú do chuid sonraí pearsanta ar fáil, ní bheidh tú in ann do cheist a chur faoi bhráid na Seirbhíse Teagmhála d’Iarrthóirí.

 

  1. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn EPSO sonraí pearsanta ach amháin ar feadh na tréimhse is gá chun críche bailiúcháin nó próiseála breise, is é sin ar feadh 2 bhliain ón dáta a fhaigheann EPSO na sonraí.

I gcás ceisteanna ina dteastaíonn tuilleadh próiseála de chineál sonrach (gearáin dhlíthiúla, etc.) féadfaidh tréimhsí coinneála eile a bheith i bhfeidhm; sonraítear iad sin sna taifid ábhartha maidir le cosaint sonraí is infheidhme maidir le cineál sonrach na próiseála breise.

 

  1. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfear sonraí, go ndéanfar sonraí a athrú nó go dtiocfar orthu trí rochtain neamhúdaraithe, agus an riosca á chur san áireamh atá i gceist leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

 

  1. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanas eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Faighteoirí sonraí:

  • Tá rochtain ag baill foirne EPSO (agus más infheidhme, na boird roghnúcháin) nach mór dóibh obair leantach a dhéanamh ar na ceisteanna: ar aon sonraí a meastar go bhfuil gá leo chun a gcuid cúraimí a dhéanamh.
  • Cúirteanna an Aontais Eorpaigh, seirbhísí Dlí an údaráis cheapacháin lena mbaineann: i gcás iarraidh nó gearán riaracháin faoi Airteagal 90(1) nó (2) de na Rialacháin Foirne, agus/nó achomharc breithiúnach a cuireadh isteach chuig Cúirteanna an Aontais Eorpaigh.
  • OLAF, IDOC, IAS agus an Chúirt Iniúchóirí: ar iarratas, agus ní bhfaighidh siad ach na sonraí is gá chun imscrúduithe oifigiúla nó iniúchóireachtaí a dhéanamh.
  • An tOmbudsman Eorpach: ar iarratas, agus ní bhfaighidh siad ach na sonraí is gá chun imscrúduithe oifigiúla nó iniúchóireachtaí a dhéanamh.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críche is gá chun an dlí a chomhlíonadh.

 

  1. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, go háirithe an ceart do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina mbeidh do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb infheidhme, tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a léirscriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, agóid a dhéantar go dleathach de bhun Airteagal 5(1)(a) ar chúiseanna a bhaineann go sonrach le do chás féin.

Thoiligh tú do shonraí pearsanta a chur ar fáil do EPSO le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht próiseála sonraí a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

 

  1. Sonraí teagmhála
     
  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, tríd an EPSO Webform.

  • Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.

 

  1. Tuilleadh eolais

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-01156.