Trialacha EPSO
I gcomórtais nó i bpróisis roghnúcháin EPSO bíonn sraith trialacha dírithe ar inniúlachtaí ginearálta agus sonracha a mheas.
Na Príomhchéimeanna
- Incháilitheacht – meastóireacht ar chritéir incháilitheachta agus ar na híoscheanglais.
- Talent Screener – i gcás comórtais do speisialtóirí amháin. San fhoirm iarratais, iarrtar ar iarrthóirí a scileanna gairmiúla, a dtaithí agus a gcáilíochtaí uile a liostú, agus déanfaidh an Bord Roghnúcháin measúnú orthu ina dhiaidh sin.
- Trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire – trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí agus, i gcás comórtais áirithe do speisialtóirí, trialacha maidir leis na hinniúlachtaí réimse-shonracha. Is gnách go ndéantar feitheoireacht chianda ar na trialacha agus/nó go ndéantar iad i gceann de na hionaid trialacha ar fud an domhain. Ní mór d’iarrthóirí na trialacha a dhéanamh le linn tréimhse áirithe trialacha.
- Céim an ionaid measúnaithe – an chéim dheiridh de thástáil na n-inniúlachtaí ginearálta agus na n-inniúlachtaí réimse-shonracha. Trí thrialacha éagsúla, déanann comhaltaí an Bhoird Roghnúcháin meastóireacht ar scileanna amhail anailísiú agus réiteach fadhbanna, an chumarsáid, tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán, cáilíocht agus torthaí a sholáthar, agus scileanna eile. Chun inniúlacht a mheas, cuirtear cúig ancaire san áireamh. Eagraítear trialacha an ionaid measúnaithe i bhformáid ar líne (ar bhonn cianda) agus is ar dhátaí éagsúla a dhéantar na trialacha de ghnáth. Tabhair do d’aire go n-úsáidfidh EPSO creat inniúlachtaí nua do chomórtais a fhoilseofar in 2023. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi anseo: Tús phróiseas claochlaithe EPSO | EU Careers (europa.eu)
Dá mba mhian leat tuilleadh eolais a fháil faoi phróisis roghnúcháin EPSO, is féidir leat breathnú freisin ar Trialacha EPSO: Leathanach na míthuiscintí agus na bhfíricí.
Cineálacha trialacha
Anseo thíos tá liosta na dtrialacha gaolmhara agus roinnt ceisteanna samplacha a d’fhéadfaí a chur ar an iarrthóir.
IMPORTANT
EPSO does not offer preparatory courses or material apart from the sample tests provided here, nor does it endorse publications or training courses made available by other entities.
Please check the Member States training and support contact list to find out the training and support provided by some of them.