
Comhdheiseanna, an éagsúlacht agus an cuimsiú
Ar phríomhchuspóirí an Aontais Eorpaigh tá feabhsú an ghlactha shóisialta, cur i gcoinne na claontachta agus cur chun cinn bhuntáistí na héagsúlachta inár sochaí.
Déanann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne a ndícheall chun comhdheiseanna agus rochtain chothrom a thabhairt do gach iarrthóir gan beann ar chine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht de mhionlach, breith, míchumas, aois, féiniúlacht ghnéis nó aon saintréith eile.
Tá próisis roghnúcháin na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) ceaptha chun bheith soiléir, trédhearcach agus inrochtana do na hiarrthóirí uile. Is é an sprioc atá ann deis chomhionann a thabhairt dóibh a gcuid inniúlachtaí agus scileanna a léiriú trí aon bhacainn, claonadh agus baol idirdhealaithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a bhaint.
Tá EPSO tiomanta daoine tréitheacha a mhealladh ó chúlraí éagsúla. Déanann sé a dhícheall an éagsúlacht a bhaineann le linn tallann an Aontais a mhéadú ionas go mbeidh státseirbhís an Aontais Eorpaigh ionadaíoch ar éagsúlacht na saoránach a dá ndéanann sí ionadaíocht agus dá bhfónann sí.
An bhfuil deacrachtaí agat maidir le hinrochtaineacht? Cuir d’aiseolas chuig EPSO chun inrochtaineacht na bpróiseas cumarsáide agus roghnúcháin a fheabhsú. Má bhíonn deacrachtaí agat rochtain a fháil ar chodanna áirithe den suíomh gréasáin seo agus/nó doiciméid, déan teagmháil linn agus tiocfaimid ar ais chugat a luaithe is féidir.
An bhfuil socruithe speisialta de dhíth ort ar thrialacha roghnúcháin EPSO mar gheall ar mhíchumas nó fadhb shláinte? Tá tuilleadh eolais le fáil sa rannán faisnéise tábhachtaí ar dheis ar an leathanach seo.


Important information
Teistiméireachtaí

Is riarthóir córas i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil é Johan ó bhí 2014 ann. Fuarthas amach in...

Tá Konstantinos ag obair san Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus Lóistíocht i bParlaimint na...

Tá Ville ina oifigeach dlí leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil ó 2013 i leith agus tá sé dall ó...

Tá Frederic i gceannas ar chúrsaí inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta in OIB (an...

Tá Maurizio ina oifigeach preasa i bParlaimint na hEorpa san Iodáil. Duine dall atá ann agus tá sé...