Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Fabio, Ceann Aonaid

Tá Fabio ina cheann aonaid i Stiúrthóireacht na nAcmhainní Daonna i bParlaimint na hEorpa. Duine ar leathchos é agus tá sé ag obair sna hInstitiúidí Eorpacha ó bhí 2001 ann.
D’fhiafraíomar de an raibh aon chineál socruithe faoi leith ag teastáil uaidh le haghaidh a chuid oibre.

“Am ar bith nach féidir liom siúl ar mo phróistéis, siúlaim le croisíní, ach ní féidir liom mo lámha a úsáid sa chás sin. Ní úsáidim aon rud faoi leith, tá uirlisí TF agam (IPad agus níos lú leabhar nótaí). Ó thaobh na bhfadhbanna droma atá agam de thairbhe na próistéise de, tá tábla agam atá curtha in oiriúint dom agus é ar an airde ceart. Tá mé i dteideal spás páirceála. Ní raibh deacracht agam teacht ar na háiseanna. Ó tharla go bhfuil míchumas luaile orm, ní bhíonn an oiread céanna stró ag baint leis. Tá mé go huile agus go hiomlán rannpháirteach san obair.”

D’iarrthóirí eile a bhfuil riachtanais speisialta acu agus atá ag déanamh iarratais ar Ghairm leis an Aontas Eorpach, seo an chomhairle a thug Fabio uaidh:

“Ná bíodh aon fhaitíos orainn, caithfimid na modhanna atá ann a ghlacadh chugainn agus a úsáid chun bheith in ann aghaidh a thabhairt ar gach cás úr. Ná bíodh aon dul amú orainn, mar sin féin, agus ná bímis ag déanamh amach gur féidir teacht agus go mbeidh gach aon rud gan stró agus, mar sin, gach aon rud a fhágáil faoi chúram na Parlaiminte. Níl institiúid ar domhan ar féidir léi aire a thabhairt do gach uile gné den saol. Má tá sé tábhachtach do gach duine ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh timpeallacht nua, tá sé i bhfad níos tábhachtaí fós do dhaoine a bhfuil míchumas orthu. An duine a bhfuil míchumas air, tá a fhios aige cheana féin nach mór dó tabhairt faoi rudaí ar bhealach eile... is amhlaidh sin freisin i dtaca le hullmhúchán.”