Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Jack K. (An Coimisiún Eorpach)

Picture of kelly

‘Tá daoine ann a bhíonn ag tarraingt droch-cháil ar Lucsamburg ó thaobh siamsaíocht oíche de. Is léir nach raibh na daoine sin riamh sa chathair ar an oíche roimh Lá Náisiúnta na hArd-Diúcachta (23 Meitheamh). Bailíonn na céadta mílte ar shráideanna pictiúrtha meánaoiseacha na príomhchathrach chun breathnú ar an taispeántas soilse agus tinte ealaíne den scoth, taispeántas a chuirtear ar fáil beag beann ar chostas ar ndóigh! Bíonn DJ nó banna ag seinm ar gach sráid agus bíonn na beáir ar fad ar oscailt go héirí gréine! Is é an leid atá agamsa buidéal breá den fhíon súilíneach Lucsamburgach a fháil agus dul síos go gleann an Pétrusse chun radharc glan a fháil ar na tinte ealaíne. Ansin téigh ag spaisteoireacht trí Grund, an cheathrú mheánaoiseach, agus bain sult as an gceol agus an damhsa.’