Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Picture of kelly

Jack K. (An Coimisiún Eorpach)

Is cathair an-ghlas í an Bhruiséil agus chun a oiread suilt agus is féidir a bhaint aisti, uair nó dhó sa bhliain téim le mo mhuintir ar rothar ar an promenade verte. Tá an cúrsa rothaíochta sin 60 km ar fad agus téann sé timpeall na cathrach agus trí go leor de chomúin na Bruiséile ar chosáin a théann trína spásanna glasa, den chuid is mó. Bíonn spraoi agus suaimhneas ann i gcónaí nuair a théann tú ar rothar trí na crainn mhóra in Forêt de Soignes, an pháirc 19ú haois in Woluwe a bhfuil tírdhreachú álainn déanta uirthi, agus páirceanna glasa agus locháin Anderlecht. Maireann an cúrsa cúig uair an chloig, agus bíonn am i gcónaí ann chun stopadh le haghaidh uachtar reoite nó beorach ar an mbealach agus tú ag rothaíocht go deas réidh.’