Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Maurizio, Oifigeach Preasa

Tá Maurizio ina oifigeach preasa i bParlaimint na hEorpa san Iodáil. Is duine dall é agus tá sé ag obair le hInstitiúidí an Aontais Eorpaigh ó bhí 2015 ann.
D’fhiafraíomar de conas a d’éirigh leis sa phróiseas roghnúcháin agus an mothaíonn sé go bhfuil sé rannpháirteach san fhoireann.

‘Bhí foireann inrochtana EPSO ar fheabhas! Ní raibh fadhb ar bith agam le linn an chomórtais. Rinne mé triail i mBraille agus bhí cúntóir pearsanta agam, agus rinne mé triail eile a bhí i bhformáid leictreonach. Maidir leis an bpróiseas roghnúcháin féin, ní raibh i gceist ach an t-agallamh, mar sin ní raibh aon socrú ar leith de dhíth orm i ndáiríre. Níor mhothaigh mé go raibh aon bhac orm. Ní raibh fadhbanna agam riamh a bhain le míchumas a bheith orm. Má bhíonn dearcadh dearfach agat, fiú amháin má bhíonn daoine aineolach nó amhrasach, agus go bhfuil rún daingean agat do chuid taithí a chomhroinnt, is féidir constaicí a shárú.’

Seo mar a mhol Maurizio d’iarrthóirí eile a bhfuil sainriachtanais acu iarratas a dhéanamh ar ghairm leis an Aontas Eorpach:

‘Déarfainn gur féidir é a dhéanamh gan amhras, agus ní gá duit a bheith i do laoch mór ná lear teangacha a bheith ar do thoil agat! Rud indéanta atá ann, sin a bhfuil de. Ní bhainfidh an próiseas an oiread sin ama asat, níl dada le cailleadh agat ach beidh gairmréim an-suimiúil romhat má éiríonn leat. Go deimhin, rud an-suimiúil is ea an measúnú costais is tairbhe. Is é an t-iarratas an rud is deacra. Ach dá éis sin, a luaithe sin curtha díot tuigfear duit gur deis ollmhór atá ann agus gan i gceist ach fíorbheagán ama! Ná cuireadh an t-iarratas lagmhisneach ort!”