Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Petra H. (An Coimisiún Eorpach)

‘Is breá liom a bheith ag éisteacht le mo pháistí agus iad ag déanamh cumarsáide gan dua gan stró ina dtrí theanga (an Fhraincis ó scoil áitiúil, an tSualainnis agus an Spáinnis sa bhaile). Ní smaoiníonn siad fiú ar a iontaí atá sé gur féidir leo déanamh amhlaidh! Is maith linn a bheith ag siúl go dtí an margadh in Place Dumon (Stockel) ar an Satharn agus na vaiféil is blasta sa chathair a cheannach. Nuair a fhaighimid ‘frites’ (sceallóga) le tabhairt linn ón ‘friterie’ áitiúil, is féidir le gach duine a rogha anlainn a fháil: maonáis, anlann andalouse, nó go díreach citseap (cé nach bhfuil sé sin an-Bheilgeach mar nós). La Promenade verte, atá 60 km ar fad agus a théann thart timpeall na cathrach, is áit iontach í le haghaidh na rothaíochta agus na spaisteoireachta. Is féidir leat stopadh ag Páirc Malou agus beoir, caife nó uachtar reoite a fháil i rith an tsamhraidh agus na páistí ag súgradh sa chlós mór súgartha. Is luaithe a thagann an t-earrach agus is faide a mhaireann an samhradh sa Bhruiséil… cé nach mbeadh sásta leis sin?’