Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Picture of Tessa

Tessa P. (Comhairle an Aontais Eorpaigh)

‘Is é an rud is mó a thaitníonn liom faoin mBruiséil go bhfuil spás ann do chách, is cuma cé acu an dtaitníonn trup trap na cathrach nó suaimhneas an dúlra leat. Tá réimse leathan imeachtaí cultúrtha, gníomhaíochtaí agus iarsmalanna ar fáil sa chathair, do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Is deas liom go háirithe a bheith ag siúl feadh na lochanna in Ixelles, taitneamh a bhaint as na gairdíní móra in aice le Mainistir la Cambre, agus dul ar shiúlóid álainn in Bois de la Cambre. Ceann eile de na háiteanna is fearr liom chun éalú ó shaol na cathrach is ea Páirc Tervuren, páirc is féidir a rochtain go héasca trí iompar poiblí agus atá lán den stair, agus is féidir leat cuairt a thabhairt ar Mhúsaem na hAfraice, dul ag siúl, ag rothaíocht, nó picnic a chaitheamh le do mhuintir.’